Nós Imeachta do Ghearáin ó Chustaiméirí

Tá TII tiomanta do sheirbhís d’ardcháilíocht a sholáthar dár gcustaiméirí uile

Tá a bhfuil i gceist againn a dhéanamh maidir lenár ngealltanais a chomhlíonadh i ndáil le seirbhís d’ardcháilíocht a chur ar fáil leagtha amach inár gCairt do Chustaiméirí agus inár bPlean Gníomhaíochta atá ar fáil sa chuid Seirbhísí do Chustaiméirí dár suíomh gréasáin.

Mar chuid dár dtiomantas do chustaiméirí, tá nós imeachta i bhfeidhm againn chun déileáil le gearáin ar féidir le custaiméirí úsáid a bhaint as má bhraitheann siad nár chaith foireann TII go maith nó go béasach nó go cothrom leo.

Mura bhfuil tú sásta le gné éigin dár seirbhís, cuir an méid sin in iúl don té lena bhfuil tú ag déileáil agus déanfaidh sé nó sí iarracht cabhrú leat. Más fearr leat, cuir ceist an féidir leat labhairt le bainisteoir a dhéanfaidh iarracht cabhrú freisin agus é i gceist againn gach deacracht a réiteach ag leibhéal áitiúil más féidir in aon chor.

Gearán a Dhéanamh

Má tá tú fós míshásta agus más mian leat gearán a dhéanamh, is féidir leat teagmháil a dhéanamh lenár gCeannasaí Rialúcháin agus Riaracháin, mar seo a leanas:

Ceann Rialála & Riaracháin,
Bonneagar Iompair Éireann,
Ionad Gnó Gheata na Páirce,
Sráid Gheata na Páirce,
Baile Átha Cliath 8,
D08 DK10.

Ríomhphost: customerservice@tii.ie
Teileafón: (01) 646 3600


Pléifear le gach gearán go cothrom, go héifeachtúil agus faoi rún agus tabharfaimid freagra iomlán air tar éis dúinn machnamh a dhéanamh ar nádúr agus tromchúis an ghearáin.
Maidir le gearáin a fhaigheann Ceann Rialála & Riaracháin:

  • Tabharfaimid freagra laistigh de 5 lá oibre. Ar an litir admhála tabharfar ainm agus uimhir theileafóin an té a bheidh ag plé leis an gcúram.
  • Freagróimid an gearán laistigh de 20 lá oibre (murar féidir linn a dhéanamh amhlaidh, tabharfaimid freagra eatramhach laistigh de 20 lá ina dtabharfar suas chun dáta tú.
  • Beidh an freagra soiléir sothuigthe.

Tabhair do d’aire: Ní bhaineann sainchúram TII ach leis an ngréasán bóithre náisiúnta. Ba cheart ceisteanna, tuairimí nó gearáin maidir le feidhmeanna laethúla, amhail bainistiú tráchta, cothabháil bóithre nó cúrsaí feidhmiúcháin eile a bhaineann le bóithre náisiúnta, a chur ar an gcéad dul síos ar an údarás áitiúil lena mbaineann.

Ombudsman

Má bhraitheann tú nár caitheadh go cothrom leat nó má tá tú míshásta lenár gcinneadh maidir le do ghearán, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le hOifig an Ombudsman. De réir dlí, is féidir leis an Ombudsman gearáin i dtaobh aon cheann dár ngníomhartha riaracháin nó cleachtais a fhiosrú chomh maith le haon mhoill nó easpa gnímh inár plé leat. Beadh an Ombudsman ag súil de ghnáth áfach, go mbeadh an gearán curtha chugainne agat i dtús báire. Soláthraíonn an Ombudsman seirbhís réitigh díospóidí atá neamhchlaonta agus neamhspleách.

Sonraí Teagmhála an Ombudsman:

Oifig an Ombudsman,
6 Ardán Phort an Iarla, 
Baile Átha Cliath 2, 
D02 W773

Fón: +353 1 639 5600
Ríomhphost:  complaints@ombudsman.ie