Faisnéis ón Earnáil Phoiblí a Athúsáid

Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Faisnéis ón Earnáil Phoiblí a Athúsáid), 2015 (I.R. 525 de 2015)

Le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Faisnéis ón Earnáil Phoiblí a Athúsáid (FEP)), 2005 (arna leasú le I.R. 103/2008 agus I.R. 525/2015) cruthaítear creat reachtúil d’athúsáid faisnéis, atá ann cheana féin i seilbh chomhlachtaí na hearnála poiblí, ag gnóthais agus saoránaigh.  Foráiltear leis na Rialacháin FEP d’fhaisnéis a eisiúint, i bhformáid nó i dteanga ina bhfuil sí cheana féin lena hathúsáid, agus ní bhaineann sé le faisnéis a bhfuil gá le hobair shuntasach a dhéanamh uirthi chun í a ullmhú lena heisiúint ar mhaithe lena hathúsáid. 

Faisnéis a Athúsáid

Cloíonn TII leis na Rialacháin FEP agus déanaimid athúsáid as an bhfaisnéis a thairgimid a spreagadh.  Cuimsíonn athúsáid, cóipeáil, mionathrú, aistriú, oiriúnú, dáileadh, nó an fhaisnéis a úsáid in aon slí eile i meán, modh nó i bhformáid ar bith chun críche dleathaí.  Cuimsítear leis seo freisin, críocha tráchtála agus neamhthráchtála.

Tá mionsonraí maidir leis an bhfaisnéis atá ar shuíomh gréasáin Bhonneagar Iompair Éireann le fáil anseo.  

Rinneadh gach iarracht a chinntiú go mbíonn na sonraí ábhartha suas chun dáta agus saor ó earráidí, ní bheidh dliteanas ar TII áfach mura mbíonn.

Ní bheidh dliteanas ar Bhonneagar Iompair Éireann i ndáil le haon chaillteanais, speansais, costais, éilimh, damáistí ná le dliteanas i ndáil leis an bhfaisnéis a athúsáid. 

Ceadúnas FEP

Aon fhaisnéis a eiseofar beidh sí faoi réir ag téarmaí agus coinníollacha Ceadúnais Shannta Creative Commons (CC-BY 4.0). Ní mór d’úsáideoirí aitheantas a thabhairt do TII mar fhoinse faisnéise agus ní mór an ráiteas sannta seo a úsáid: “Cuimsítear ann Faisnéis ón Earnáil Phoiblí ceadúnaithe faoi Cheadúnas Sannta Creative Commons 4.0 Idirnáisiúnta (CC BY 4.0)”.

Ní bhronntar leis an gceadúnas seo aon cheart ar úsáideoirí na nithe seo a úsáid:

  • faisnéis phearsanta, mura mbíonn sé anaithnid go leor agus/nó comhiomlánaithe;
  • cearta tríú páirtí agus cearta maoine intleachtúla nach bhfuil TII údaraithe a cheadúnú, ach ní teoranta do, paitinní, cóipcheart, cearta bunachar sonraí nó trádmharcanna;
  • ainmneacha, suaitheantais, lógónna, nó aon siombailí oifigiúla eile TII.

Is faoi chóipcheart Bhonneagar Iompair Éireann é aon fhaisnéis atá ar ár suíomh gréasáin mura dtugtar a mhalairt le fios.

Cearta Eisiacha a Dheonú

Ní údaraíonn TII cearta eisiacha ar úsáideoir ar bith a fhaisnéis a athúsáid mura measann TII é a bheith riachtanach d’fhoráil seirbhíse atá chun leas an phobail.

Iarratas FEP a Dhéanamh

Ba cheart iarratais i ndáil le Rialacháin FEP a dhéanamh i scríbhinn go dtí:

Aonad Rialála & Riaracháin,

Bonneagar Iompair Éireann,
Ionad Gnó Gheata na Páirce,
Sráid Gheata na Páirce,
Baile Átha Cliath 8,
D08 DK10.

Nó, is féidir iarratais a chur chugainne ar ríomhphost go dtí info@tii.ie.

Ba cheart duit a chur in iúl go soiléir go bhfuil an t-iarratas á dhéanamh faoi Rialacháin FEP.   Le haon iarratas i dteanga eile seachas an Ghaeilge nó Béarla ní mór aistriúchán Gaeilge nó Béarla a chur in éineacht leis.  Bí chomh sonrach agus is féidir nuair a bheidh sonraí an iarratais á gcur isteach agat le go mbeidh foireann TII in ann d’iarratas a phróiseáil. Ina theannta sin, tabhair, le do thoil, uimhir theagmhála lae dúinn ionas go mbeimid in ann teagmháil leat má bhíonn gá le haon ní a shoiléiriú maidir le d’iarratas.

I gcomhréir le forálacha an Achta, freagraítear iarratais FEP de ghnáth laistigh de 20 lá oibre tar éis iad a fháil.  I gcás ina mbíonn, de dheasca mhéid nó chastacht an iarratais, gá le níos mó ná 20 lá oibre ón uair a fhaightear an t-iarratas chun é a phróiseáil, cuirfidh TII ar an eolas tú faoi laistigh de thrí seachtaine tar éis dúinn an t-iarratas a fháil. I gcás dá leithéid, freagróidh TII an t-iarratas laistigh de 40 lá oibre tar éis dúinn an t-iarratas a fháil. 

Táillí

De ghnáth bíonn aon fhaisnéis a sholáthraíonn TII faoi Rialacháin FEP saor ó tháillí.  I gcúinsí eisceachtúla áfach, mar shampla, mura mbíonn an fhaisnéis a lorgaíodh ar fáil go héasca, d’fhéadfaí costas imeallach a ghearradh chun go gcuirfear na costais a tabhaíodh á hatairgeadh, á soláthar agus á scaipeadh san áireamh. 

Achomharc chun an Choimisinéara Faisnéise

Foráiltear leis na Rialacháin FEP do shás achomhairc reachtúil lena bhféadfaidh tú achomharc a dhéanamh i gcoinne:

  • cinneadh TII diúltú d’athúsáid doiciméid,
  • cinneadh TII diúltú ceart eisiach a dheonú chun doiciméad a athúsáid,
  • táille a ghearradh ar dhoiciméad a athúsáid,
  • méid an táille a gearradh, nó
  • aon choinníollacha maidir lena athúsáid arna gcur i bhfeidhm ag TII.

Déantar aon achomharc laistigh de 4 seachtaine i scríbhinn go dtí Oifig an Choimisinéara Faisnéise. Déanfaidh an Coimisinéir Faisnéise fiosrúchán iomlán ar an gcúram agus déanfaidh é a mheas sula ndéanfaidh sé cinneadh. Ba cheart achomhairc a sheoladh go dtí:

Oifig an Choimisinéara Faisnéise,
6 Ardán Phort an Iarla, 
Baile Átha Cliath 2, 
D02 W773

Fón: +353 1 639 5689
Ríomhphost:  info@oic.ie