Tionscadal CPP €230m - N25 Seachbhóthar Ros Mhic Thriúin fógartha ag na hAirí Donohue agus Howlin

Dé Máirt 26 Eanái 2016

·14.8km de bhóithre náisiúnta nua le tógáil

·Idir 250-300 post le linn chéim na tógála

·Scéim le bheith críochnaithe in 2019

D’fhógair an tAire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt, Paschal Donohoe TD, in éineacht leis an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Brendan Howlin TD, tráthnóna inniu (Dé Máirt), bronnadh an chonartha do scéim CPP N25 Sheachbhóthar Ros Mhic Thriúin. Tá tógáil an N25 luaite i bPlean Caipitil an Rialtais 2016-2022 agus déanfar é a fhorbairt thar thréimhse thrí bliana. Tá an tionscadal le bheith críochnaithe in 2019.  Is é CPP N25 an chéad tionscadal in Éirinn lenar baineadh leas as Breisiú Creidmheasa Tionscadail Bannaí (PBCE) an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta. Tá an maoiniú féich don scéim á sholáthar ag Allianz Global Investors GmbH.

Sa scéim €230 milliún seo tógfar thart ar 13.6km de dhé-bhealach nua agus 1.2km de charrbhealach singil nua/uasghrádaithe mar sheachbhóthar ar bhaile Ros Mhic Thriúin. Fostófar idir 250-300 duine le linn chéim na tógála. Is í scéim an N25 an ceathrú CPP Iompair a shínigh an Rialtas ó 2012 i leith. Roimhe seo bhí tionscadal CPP an M11 Guaire go hInis Córthaidh, a síníodh i nDeireadh Fómhair 2015; tionscadal CPP an Gort/Tuaim, a tosaíodh in 2014 agus atá in am le bheith críochnaithe in 2018; agus scéim Chrois an Fhearainn Nua/ M11 An tInbhear Mór go Ráth Naoi a críochnaíodh in Iúil 2015.

Ag caint dó tráthnóna, dúirt an tAire Donohue: “Bhíomar ag súil go mór is go fada le Seachbhóthar N25 Ros Mhic Thriúin agus cuireann gach duine san oirdheisceart fáilte mhór roimhe.  Is é seo an dara huair dom bheith i láthair ag ócáid CPP i gcaitheamh trí mhí agus is é an ceathrú CPP atá sínithe ag an Rialtas ó tháinig sé in oifig.  Tabharfaidh scéim CPP an N25 leasanna eacnamaíocha don oirdheisceart agus cuirfidh sé feabhas ar an nascacht réigiúnach agus idirnáisiúnta (trí Europort Ros Láir).  Laghdóidh sé freisin tranglam tráchta agus soláthróidh leasanna eacnamaíocha go réigiúnach agus go háitiúil toisc go méadaíonn sé ar mhealltacht na bpobal a bhfuiltear ag gabháil tharstu mar áiteanna chun dul ag siopadóireacht iontu, nó cuairt a thabhairt orthu, nó obair agus cónaí iontu.

Arsa an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe Brendan Howlin: ‘Don tionscadal seo úsáidtear múnla rathúil an CPP, a bheidh ina bhuntáiste eacnamaíoch don oirdheisceart, agus cuirfidh sé le cáilíocht saoil mhuintir Ros Mhic Thriúin. Tá dar ndóigh, lúcháir orm go gcruthófar idir 250 agus 300 post le linn dó bheith á thógáil. Ba mhaith liom tréaslú leosan uile atá páirteach sa tionscadal agus a n-iarrachtaí a aithint; TII, an Roinn Iompair, an NDFA agus an Banc Eorpach Infheistíochta, chomh maith lenár gcomhpháirtithe maoiniúcháin. Arís eile, léiríonn críochnú rathúil an phróisis soláthair, leibhéal ard muiníne na n-infheisteoirí as Éirinn. Bhí an NDFA in ann téarnamh gheilleagar na hÉireann a úsáid chun infheisteoirí ardcháilíochta a mhealladh le rátaí iomaíocha fadtéarmacha.

Dúirt Michael Nolan, Príomhfheidhmeannach, Bonneagar Iompair Éireann: ‘Cuirfidh Seachbhóthar Ros Mhic Thriúin an N25 feabhas ar shábháilteacht agus maolóidh sé an tranglam i mbaile Ros Mhic Thriúin.  Ina theannta sin nuair a osclófar an scéim seo cuirfidh sé feabhas ar an nascacht réigiúnach agus náisiúnta do na húsáideoirí bóthair uile feadh chonair an N25’.

Arsa Jonathan Taylor, Leas-Uachtarán an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta atá freagrach as Éirinn: ‘Tabharfaidh Seachbhóthar Ros Mhic Thriúin an rogha do thiománaithe san oirdheisceart, lár an bhaile, a bhíonn plúchta go minic, a sheachaint agus aistear níos tapúla a bheith acu ar an N25, ceann de na príomhbhealaí sa tír. Is é seo an ceathrú tionscadal bóthair dá bhfuil tacaíocht tugtha ag an mBanc Eorpach Infheistíochta le trí bliana anuas, i gcomhpháirt leis an Údarás um Bóithre Náisiúnta, chomh maith le tacaíocht d’infheistíocht iompair i gCalafort Bhaile Átha Cliath agus Luas. Is é an chéad tionscadal in Éirinn a maoiníodh leis an scéim um Breisiú Creidmheasa Tionscadail Bannaí agus tiocfaidh infheisteoirí institiúideacha isteach leis an mBanc Eorpach Infheistíochta chun tacaíocht a thabhairt don nasc bóthair ríthábhachtach seo’.

Ba é clabhsúr an Aire Donohue: ‘Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Bonneagar Iompair Éireann, urraitheoirí an tionscadail, an Banc Eorpach Infheistíochta, infheisteoirí idirnáisiúnta agus Comhairlí Contae, as a gcuid oibre ar fad agus iad i mbun dlús a chur faoin scéim seo lena tabhairt chun críche. Guím gach rath ar BAM Civil agus Dragados le linn chéim na tógála’.

Eolas Breise

  • Cuirfidh scéim an N25 deireadh leis an scrogall tráchta san oirdheisceart agus tógfar thart ar 13.6km de dhé-bhealach nua agus 1.2km de charrbhealach singil mar sheachbhóthar ar bhaile Ros Mhic Thriúin ar bhealach an N25 Corcaigh go Europort Ros Láir.
  • Nascfaidh an scéim seo an N25 le bealach an N30 Ros Mhic Thriúin go hInis Córthaidh.
  • Beidh an trácht ar an N25 idir Corcaigh agus Port Láirge in ann imeacht thar bhaile Ros Mhic Thriúin.
  • An phríomhghné struchtúrach is mó a bheidh ar an scéim is ea tógáil Dhroichead na Bearú, é 900m ar fhad (droichead extrados ocht bpiara agus trí thuar), a nascfaidh Pink Point i gContae Chill Chainnigh agus Baile an Stócaigh i gContae Loch Garman.
  • Allianz Global Investors GmbH a chuir an maoiniú féich ar fáil don tionscadal agus is é an N25 an chéad tionscadal in Éirinn lenar baineadh leas as Breisiú Creidmheasa Tionscadail Bannaí (PBCE) an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta. 
  • Is comhthionscnamh idir an Banc Eorpach Infheistíochta agus an Coimisiún Eorpach é an sás PBCE lena bhfuiltear chun iarracht a dhéanamh borradh a chur faoi mhaoiniú mhargadh an chaipitil do bhonneagar iompair, fuinnimh agus cumarsáide ó infheisteoirí institiúideacha amhail cuideachtaí árachais agus cistí pinsin.
  • Úsáidfear (go páirteach) an t-airgead ó na Bannaí chun dearadh, tógáil, oibríocht agus cothabháil na scéime a mhaoiniú.
  • Is iad BAM PPP PGGM Infrastructure Coöperatie U.A. agus Iridium Concesiones de Infraestructuras S.A. urraitheoirí an tionscadail. 
  • Is Comhfhiontar Tógála é idir BAM Civil agus Dragados.