Bí Ullamh Don Gheimhreadh

An bhfuil D’Fheithicil Ullamh don Gheimreadh? 
 
Ba cheart duit seiceáil garáiste a fháil ar do ghluaisteán sula dtagann an geimhreadh chun cinntiú go mbeidh sé réidh don aimsir a thiocfaidh gan choinne! Seo roinnt rudaí ar féidir leat féin a dhéanamh: 
  • Soilse – Déan cinnte go bhfuil do chuid táscairí agus ceannlampaí go léir glan agus go bhfuil riocht maith orthu 
  • Leachtanna – Déan cinnte go bhfuil an taiscumar uisce líonta suas go dtí an marc is airde agus go bhfuil sé measctha i gceart leis an oibreán frithreo. D’f-héadfadh go mbeadh sé riachtanach duit tuilleadh fuartháin agus ionlach gaothscátha a chur isteach 
  • Ola – Seiceáil do shlat tumtha agus cuir tuilleadh ola isteach más gá. Cuardaigh comharthaí ligin ar an talamh faoin ngluaisteán 
  • Codanna Leictreacha – Seiceáil do dheais sula gcuireann tú an t-inneall ar siúl agus ina dhiaidh sin. Éist chun fáil amach an bhfuil an ceallra lag agus faigh ceallra nua más gá 
  • Cuimleoirí gaothscátha – ba cheart duit iad a ghlanadh go rialta agus cinn nua a fháil gach 12 mhí 
  • Boinn - Seiceáil snáitheanna agus brú na mbonn, lena n-áirítear an bonn breise. Cé gurb í an uasteorainn náisiúnta ná 1.6mm, moltar snáithe de 3mm ar a laghad um thiomáint sa gheimhreadh 
  • Safety Assist – Seiceáil lámhleabhar úinéara d’fheithicle agus faigh amach an bhfuil aon teicneolaíocht safety assist m.sh. ABS 

 

Le haghaidh tuilleadh eolais tabhair cuairt ar an suíomh gréasáin “Bí Ullamh don Gheimhreadh” anseo le do thoil.