Tionscadal Éire 2040 - Daoine agus Áiteanna a Cheangal - Infheistíocht chaipitil san iompar, turasóireacht agus spórt 2018-2027

Sheol an tAire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt, Shane Ross, T.D. agus an tAire Stáit Turasóireachta agus Spóirt, Brendan Griffin, T.D. inniu ‘Daoine agus Áiteanna a Cheangal’’ chomh maith le sonraí faoin tsuim nach mór €25 billiún a infheisteofar inár mbonneagar iompair, turasóireachta agus spóirt sna chéad 10 mbliana amach romhainn.
 Bhí an Taoiseach, Leo Varadkar, T.D., agus tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Paschal Donohoe, T.D., i dteannta na nAirí ag seoladh an lae inniu i bPort Bhaile Átha Cliath, mar chuid de chlár infheistíochta caipitil Tionscadal Éire 2040 an Rialtais.
 Ag labhairt ag an imeacht, dúirt an Taoiseach: “Imríonn ár n-earnálacha iompair, turasóireachta agus spóirt tionchar orainn go léir inár saol laethúil. Sin an fáth go mbaineann an oiread sin tábhachta leis an tsuim nach mór €25 billiún atá geallta ag an Rialtas i gcaitheamh na chéad deich mbliana amach romhainn chun feabhas a chur ar ár mbonneagar iompair, turasóireachta agus spóirt. Cuirfidh sé bonneagar feabhsaithe busanna, bóithre agus iarnróid ar fáil fud fad na tíre, méadóidh sé acmhainneacht ag ár bpoirt agus aerfoirt agus cuirfidh sé áiseanna feabhsaithe turasóireachta agus fóillíochta ar fáil do chuairteoirí agus saoránaigh araon.”
 Ag labhairt ag seoladh an lae inniu, dúirt an tAire Ross: “Anseo i bPort Bhaile Átha Cliath, feictear dúinn conas is féidir le héacht bheith mar thoradh ar uaillmhian de réir mar a leanann an port lena mháistirphlean a bhaint amach trí bhonneagar agus seirbhísí nua a sholáthar. Tá ‘daoine agus áiteanna a cheangal’ chomh huaillmhianach céanna i ndiaidh gur tugadh cuntas ar na háiseanna agus seirbhísí iompair, turasóireachta agus spóirt a sholáthrófar faoin mbliain 2027. Cé acu más é an infheistíocht €8.6 billiún in iompar poiblí, an €6.6 billiún i mbóithre náisiúnta nó an €308 milliún atá le hinfheistiú sa turasóireacht agus spórt, cuirfidh gach ceann de na hinfheistíochtaí seo feabhas ar chórais iompair agus ar mhealltacht na hÉireann mar áit le cuairt a thabhairt air, le gnó a dhéanamh ann agus, ar an ní is tábhachtaí, mar áit le cónaí ann. Díreach cosúil leis an áit seo sa phort, táim muiníneach go gcinnteoidh an infheistíocht a gheall an Rialtas i dtaobh ‘Daoine agus Áiteanna a Cheangal’ go mbainfear an uaillmhian sin amach agus go gcabhróidh sé le hÉirinn níos fearr a sholáthar dár saoránaigh go léir.”
 Déanann Daoine agus áiteanna a cheangal an clár infheistíochta a chatagóiriú sa mhéid seo a leanas –
 
• Ár gcathracha agus réigiúin a cheangal: Infheisteofar €19.7 billiún inár líonraí iompair phoiblí agus bóithre;
• Ceangal leis an domhan níos fairsinge: Infheisteoidh ár n-aerfoirt agus ár bport Stáit €4.8 billiún;
• Ceangal lenár bpobail: Infheisteofar €308 milliún inár n-earnálacha turasóireachta agus spóirt.
 
Dúirt an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Paschal Donohoe, T.D.:  “Bhain an ceangal a rinneadh i dTionscadal Éire 2040 idir pleanáil agus infheistíocht straitéiseach talamh úrnua amach agus cuireann sé an saghas cinnteachta ar fáil a theastaíonn chun pleanáil cheart a dhéanamh agus tionscadail mhóra bhonneagair shuntasaigh a sholáthar, ar nós iad siúd a dtugtar cuntas orthu in ‘Daoine agus Áiteanna a Cheangal’. Tá ról ríthábhachtach le glacadh ag ár ngréasán iompair – bíodh bóithre, iarnród, aer nó muir i gceist leis – chun sinn a cheangal lena chéile agus leis an domhan níos fairsinge; agus cuid bhunúsach iad ár n-earnálacha turasóireachta agus spóirt de cé cinn féin mar dhaoine agus mar phobal. Cinnteoidh an infheistíocht a ghealltar sa phlean seo seirbhísí agus bonneagar níos fearr fud fad na tíre agus cabhróidh sé le huaillmhian Thionscadal Éire 2040 a bhaint amach.”
 
Dúirt an tAire Stáit Griffin: “Tá ról tábhachtach le glacadh ag an turasóireacht agus an spórt fud fad na tíre chun dul chun cinn geilleagrach agus sóisialta a fhorbairt agus a chothú. Déanfar nach mór €108 milliún a infheistiú sa turasóireacht idir an t-am i láthair agus 2021 chomh maith le thart ar €200 milliún sa spórt i gcaitheamh na tréimhse céanna a bhuíochas le ‘Daoine agus áiteanna a cheangal’. Rachaidh an infheistíocht seo chun sochair gach réigiún den tír agus soláthróidh sé poist agus feabhsóidh sé áiseanna spóirt i ngach contae agus táimid tiomanta don leibhéal sin d’infheistíocht a choimeád, nó a fheabhsú a fhad le 2027.”