Athbhreithniú Deireadh Bliana ar Thionscadal Luas Traschathrach 2016
Bliain thábhachtach do thionscadal Luas Traschathrach ba ea 2016. Leagfar na rianta deiridh i lár na cathrach roimh Nollaig. Sprioc thábhachtach eile don tionscadal is ea é seo in 2016 agus seirbhísí do phaisinéirí le tosú i mí na Nollag 2017. Féach thíos achoimre ar an obair ar fad a rinneadh i mbliana agus forbhreathnú gairid ar 2017 agus ar a bhfuil romhainn.
Spriocanna a Baineadh Amach in 2016:
- Rianta ar fad leagtha síos i lár na cathrach
- Tús curtha le 8 stad a thógáil:
- Sráid Dhoiminic
- Sráid Marlborough
- Sráid Uí Chonaill / Ardoifig an Phoist
- Coláiste na Tríonóide
- An Chabrach
- Sráid Dawson
- Sráid Westmoreland
- Ceangal curtha isteach in oibreacha rianta ar Líne Dhearg & Líne Ghlas Luas
- Rianta leagtha síos ar Dhroichead Uí Chonaill a nascann Céanna Thuaidh & Theas Bhaile Átha Cliath
- Tús curtha le hoibreacha OCS (Córas Seoltóra Lasnairde)
- Tús curtha le fearas stad a shuiteáil
- Tús curtha le pábháil oidhreachta a athshuiteáil
- Tógáil iosta i nDroichead Broome sna céimeanna deiridh
- 2 fhostáisiún tógtha
- Droichead nua tógtha ar an gCloch Leathan
- Athshuiteáil Deic Droichid Bhóthar Liam Uí Fhaoláin/an Fhásaigh críochnaithe
- Feachtas sábháilteachta rothaíochta ‘Bí aireach ar na traiceanna’ seolta ag Luas Traschathrach
Féachaint Chun Cinn 2017:
- Oibreacha rianta i limistéir eis-sráide a chríochnú
- Tógáil iosta Dhroichead Broome a chríochnú
- Oibreacha OCS a chríochnú
- Tógáil stadanna a chríochnú
- Mótarbhealaigh agus pábháil a athshuiteáil ar fud lár na cathrach
- 30 acomhal tráchta a mhionathrú agus a shuiteáil
Garspriocanna
http://www.luascrosscity.ie/news/luas-cross-city-project-end-of-year-review-2016/
Nollaig Shona agus Athbhliain Faoi Mhaise
Luas Traschathrach
1800 30 36 53
info@luascrosscity.ie
www.luascrosscity.ie