Fógraíonn Bonneagar Iompair Éireann Mótarbhealach Nua an M17/M18 ón nGort go Tuaim
Ag Oscailt Dé Céadaoin, 27 Meán Fómhair, 2017 dhá mhí roimh an spriocdháta
- Osclófar Mótarbhealach Nua an M17/M18 ón nGort go Tuaim dhá mhí roimh an spriocdháta a bhí ceaptha dó.
- Soláthróidh an scéim 57km ceithre lána (2x2) ón nGort ó dheas go dtí Tuaim ó thuaidh, agus acomhal mór le bealach an M6 ó Ghaillimh go Baile Átha Cliath ar an taobh thoir de Chathair na Gaillimhe. Gabhfaidh sé thar Thuaim, Ard Raithin, Bhaile Chláir, Chill Cholgáin, Dhroichead an Chláirín agus An Gort.
- Tiocfaidh an mótarbhealach nua ceithre lána in ionad na mbóithre N17/N18 atá ann cheana, agus laghdóidh sé turais ó cheann ceann de thart ar 20 nóiméad.
- Is é an tAire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt Shane Ross, T.D. a osclóidh an mótarbhealach go hoifigiúil.
- Is Scéim Comhpháirtíochta Príobháidí Poiblí (CPP) é, infheistíodh €550 milliún ann ar an iomlán agus tá an bóthar saor ó dholaí.
Tuilleadh eolais
- Is CPP saor ó dholaí é an bóthar
- Cuibhreannas an Chonartha: Bealach Díreach (Direct Route), ina n-áirítear Roadbridge, John Sisk, Lagan, agus Strabag.
- 57 km ar fad (mótarbhealach 53km agus Seachbhóthar Thuama 4km)
- Ag tosú ó scéim an N18 ón nGort go Croisín a d'oscail i mí na Samhna 2010
- Nascann sé le Mótarbhealach an M6 taobh thoir d'Órán Mór
- Gabhann sé thar Thuaim agus Bhaile Chláir ag an gceann ó thuaidh mar aon le hArd Raithin, Cill Cholgáin agus Droichead an Chláirín ó dheas
- Seachadann an oscailt sin píosa mór eile de Bhealach an Atlantaigh