Prótacal um Bainistiú Mórtheagmhais an M50

Bainistíocht Tráchta agus Teagmhais an M50 

I gcomhthráth le fás na cathrach laistigh de, tá athruithe ag teacht ar an M50 óna thosach i 1987 nuair a tosaíodh ar Bhealach na Páirce Iartharach a thógáil ón N3 (J6) go dtí an N81 (J11). Ó shin i leith tá síneadh curtha leis an M50, agus leathnú, cuireadh dola air, agus rinneadh é a uasghrádú ag amanna éagsúla chun freastal ar éileamh tráchta gan staonadh. Tá áfach, teorainn leis an acmhainn chun freastal ar thrácht agus i ndeireadh na dála titfidh sé amach am éigin nach mbeifear in ann leanúint de lánaí a chur leis agus acomhail a uasghrádú a thuilleadh. De réir Bonneagar Iompair Éireann (TII) atá freagrach as oibríocht an M50, tá an lá sin tagtha.

Graph of the M50 daily traffic volumes at eFlow 2011 to present.

“Tá a oiread sin fáis tagtha ar Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath ó tógadh an M50 an chéad lá, nach mótarbhealach timpeall ar Bhaile Átha Cliath a thuilleadh é - ach mótarbhealach laistigh de bhuachbhailte na cathrach” arsa TII. “Ciallaíonn sé sin go gcaithfimid ár réiteach ar éileamh méadaithe tráchta a bhogadh ó réitigh thógála go hoibríochtaí mótarbhealaí”.  

" "

Gnáthrud ar an M50 is ea tranglam tráchta de thoradh ar suas le 6,400 feithicil san uair sa dá threo agus b’fhéidir imhbhualadh feithiclí anuas air sin a dhéanann níos measa fós - cad atá le déanamh leis an bhfadhb seo a réiteach? De réir TII, cuireann teagmhais go mór le moill a chur ar dhaoine a bhíonn ag taisteal, agus thart ar 120 teagmhas sa mhí de ghnáth ar an M50, níos mó ná a leath díobhsan le linn buaicthráth tráchta. Sna teagmhais seo d’fhéadfadh carr a bheith briste síos, nó rud éigin a bheith caite ar an mbóthar nó b’fhéidir mór-imbhualadh ina raibh iliomad feithiclí gafa.

Gníomhaíonn conraitheoirí oibríochta bóthair TII nuair a tharlaíonn teagmhais dá leithéid d’fhonn an cur isteach ar an trácht a íoslaghdú. “Tá an tseirbhís freagartha ar eachtraí géarchéime ar dualgas 24/7/365 agus sroicheann siad teagmhais laistigh de 15 nóiméad i mbreis is 97% de na cásanna, toradh maith inár dtuairim.

Chomh maith le bheith ag déileáil leis na teagmhais seo, tugann conraitheoirí TII cúnamh freisin do bhreis is 500 eachtra in aghaidh na míosa inar bhris feithicil síos ar an M50.

" "

De ghnáth leis na teagmhais atá níos tromchúisí ná sin bíonn gá le gníomhaireachtaí eile teacht i gcabhair, lena n-áirítear an Garda Síochána, Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath, na ceithre Údarás Áitiúla i mBaile Átha Cliath, TII agus Ionad Rialaithe Trácht Mótarbhealaí. Bíonn an t-idirphlé idir na gníomhaireachtaí éagsúla seo, gach ceann acu lena róil agus a dtosaíochtaí éagsúla féin, an-chasta agus is den riachtanas é go n-oibríonn an t-idirphlé seo go réidh. Sin an chúis gur tháinig na gníomhaireachtaí éagsúla le chéile in 2015 chun Grúpa Idirghníomhaireachta um Chomhordú Teagmhas (IICG) a bhunú.  Tugann an grúpa seo fóram cumarsáide do na páirtithe éagsúla agus tá roinnt tionscnamh éagsúil arna bhforbairt chun comhardú a dhéanamh ar acmhainní, bainistiú teagmhais agus malairt slí a aithint. Anuas ar an méid sin is féidir an IICG a thionól i gcás mórtheagmhais ionas go mbíonn na daoine ó gach ceann de na gníomhaireachtaí a dhéanann cinntí in ann freagrairt ilghníomhaireachta a chomhordú.

Ceann de na chéad tionscnaimh a bhí ag an IICG ba ea malairt slí éigeandála a fhorbairt chun malairt slí a chur ar fáil don trácht dá ndúnfaí an M50 Tá comharthaí in airde anois ar gach bealach idir an M1 (J3) agus an Bhó Dhearg (J9) agus tá críoch á cur ar na bealaí eile, i bpáirt leis na hÚdaráis Áitiúla ábhartha, le súil go mbeidh siad críochnaithe sna míonna amach romhainn. 

Graph of the M50 daily traffic volumes at eFlow 2011 to present.

Úsáidfear Comharthaí Teachtaireachtaí Athraitheacha (VMS) ar an M50 chun a chur in iúl do thiománaithe nuair a bhíonn malairt slí i bhfeidhm agus cuirfear gach malairt slí in iúl le siombail ar leith le go leanfaidh tiománaithe iad. “Ach tá acmhainn na malairtí slí sin i bhfad níos lú ná acmhainn an M50 agus níl iontu seo ach beart chun cabhrú leis an tranglam tráchta a scaipeadh tar éis don mhótarbhealach a dhúnadh.” a dúirt TII. 

Maidir le gnáthoibríocht an M50, tá TII ag obair ar aon scrogaill acmhainne a aithint agus a dhul i ngleic leo, amhail na pointí coinbhéirsithe mar a dtagann an trácht isteach ar an mótarbhealach ag acomhail. Dearadh agus tógadh na coinbhéirsithe seo nuair a bhí an méid tráchta ann i bhfad níos ísle, ach braitheann éifeachtúlacht fiú an lána is fearr díobh ar an líon feithiclí atá air, agus tá gá anois, agus an líon seo ag fás, le leagan amach nua. Níl gach acomhal oiriúnach dó seo ach tá leagan amach na lánaí athraithe cheana féin ag TII ag na hacomhail ar fad idir Baile Munna (J4) agus an N3 (J6). Cé go bhfuil monatóireacht á déanamh fós ar oibríocht an leagain amach nua, is é a cheaptar ná go bhfuil an trácht ag gluaiseacht níos fearr de bharr na bpointí coinbhéirsithe a bheith níos faide.

Beart simplí eile a tugadh isteach le déanaí ba ea an áis nua chun casadh timpeall ag Droichead an Nascbhóthair Thiar a ligeann d’fheithiclí na seirbhísí éigeandála rochtain a fháil níos fearr ar shuíomhanna teagmhais ar an dá carrbhealach.

Le súil ar an bhfadtéarma, tá scéim á forbairt faoi láthair ag TII do theorainneacha luais athraitheacha éigeantacha a chur i bhfeidhm ar an M50. Córas is ea é seo lena n-athraítear an teorainn luais chun go mbeidh sé oiriúnach do chúinsí tráchta agus aimsire d’fhonn imbhuailtí a laghdú agus iontaofacht amanna turais a fheabhsú. Go hiondúil, nuair a bhíonn tranglam ann nó droch-chúinsí aimsire is féidir an teorainn luais a laghdú ó 100 km san uair go 80 km nó 60km san uair agus chuirfeadh sé sin le laghdú ar nádúr ‘stop-tosaigh’ an tráchta a mbíonn an-chuid imbhuailtí ann dá dheasca. Leis an scéim seo bíonn gá le comhoibriú leis an nGarda Síochána agus le hathruithe ar an reachtaíocht agus meastar dá bharr sin go bhféadfadh an scéim seo a bheith ag feidhmiú faoin mbliain 2019.

" "

Tá ról ag tiománaithe sa chúram seo freisin. Is minice imbhuailtí ón taobh thiar ná aon imbhualadh eile agus d’fhéadfaí an líon díobhsan a laghdú le bearta simplí ar nós fanacht siar ó charr eile le go mbeadh dóthain spáis chun stopadh.

Moltar do thiománaithe freisin gan stopadh riamh sa ghualainn chrua mura bhfuil an carr briste síos. I gcásanna mar sin, ba cheart an mótarbhealach a fhágáil go cúramach, agus fanacht taobh thiar den bhacainn nó ar an gciumhais féir agus glao a chur ar an Ionad Rialaithe Tráchta Mótarbhealaigh (0818 715 100) nó an teileafón éigeandála cois bóthair a úsáid má bhíonn ceann i gcóngar duit.

Dhearbhaigh TII go dtarlaíonn sé i gcásanna áirithe nach bhfágann tiománaithe an lána beo den mhótarbhealach tar éis mion-imhbhualadh go dtí go dtagann an Garda Síochána. “Is dainséarach an t-iompar é seo a chuireann an tiománaí féin agus tiománaithe eile i mbaol. Má bhaineann mionteagmhas mar seo de thiománaí agus mura bhfuil sé nó sí gortaithe, ba cheart dóibh tiomáint isteach sa ghualainn chrua chomh luath agus atá sé sábháilte é sin a dhéanamh,” Tabharfaidh foireann freagartha TII cúnamh do thiománaithe nuair a thiocfaidh siad i láthair.

Tá an prótacal reatha le haghaidh teagmhais dá leithéid ar mhótarbhealaí a bhainistiú ar fáil lena íoslódáil ar an nasc thíos.

Grianghraif le caoinchead agus faoi chóipcheart www.dulraphotography.com