" "

Fógraíonn an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt, Bonneagar Iompair Éireann agus Comhairle Contae Chill Dara bronnadh Uasghrádú Sheachbhóthar an M7 ón Nás go dtí an Droichead Nua, Acomhal an M7 ag Baile Osbeirn agus Seachbhóthar an R407 ag Na Solláin

Chuir An Taoiseach, an tUasal Leo Varadkar, T.D., fáilte roimh fhógra an lae inniu, "Tá ríméad orm go gcuirfear tús leis an obair go luath ar an M7 a leathnú ón Nás go dtí an M9, mar aon leis an seachbhóthar ag Na Solláin agus go gcuirfear Acomhal nua ag Baile Osbeirn.  Is mótarbhealach riachtanach é seo do lucht comaitéireachta agus le haghaidh iompar lastais, atá tugtha do thranglam ag buaicthréimhsí. Rachaidh an tionscadal seo chun tairbhe áitritheoirí agus gnóthaí freisin i gContae Chill Dara toisc go bhfaighidh siad rochtain fheabhsaithe.  Mar Aire Iompair rinne mé maoirsiú ar an uasbhealach ag Crois an Fhearainn Nua lenar baineadh an solas tráchta deiridh idir Corcaigh agus Béal Feirste. Tá an tionscadal ar leac an dorais d’fhéadfá a rá agus tugann sé an t-uasghrádú sin céim níos faide arís. Cuideoidh tionscadail mar seo linn a chinntiú go mbeidh forbairt réigiúnach chothrom againn, agus go mbeidh baint ag gach cuid d'Éirinn leis an téarnamh agus leis an mborradh rathúnais."
 
Dúirt An tAire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt Shane Ross, T.D., "Tá ríméad orm an scéim mhór seo a thabhairt ar aghaidh chuig an gcéim ag a mbronnfar an conradh.  Beidh sé seo ar an gcéad mhórthionscadal uasghrádaithe bóthair a áireofar sa Phlean Infheistíochta Caipitil “Cur le Téarnamh” a chuirfear i mbun tógála. Cé go gcuirfidh bóthar M7 an Náis feabhas ar shreabhadh tráchta ar an bpríomhbhealach ó Bhaile Átha Cliath go Corcaigh, cuirfidh Acomhal Bhaile Osbeirn agus Seachbhóthar na Sollán feabhas ar nascacht idir an M7 agus bailte an Náis agus na Sollán rud a thacóidh le pleanáil iompair don cheantar.”
 
Dúirt Michael Nolan POF Bonneagar Iompair Éireann, “Táim sásta le fógra an lae inniu. Gabhann tairbhí réigiúnacha agus náisiúnta le feabhsúcháin ar an sreabhadh tráchta feadh bhealach an M7.  Feabhsóidh sé cúrsaí sábháilteachta agus laghdóidh sé moill thráchta do gach úsáideoir bóthair ag dul go Baile Átha Cliath, Port Láirge, Corcaigh agus Luimneach agus ar ais.  Tá BIÉ ag tnúth le bheith ag obair le Comhairle Contae Chill Dara agus leis an Roinn chun an tionscadal seo a sheachadadh.”
 
Dúirt Peter Carey ó Chomhairle Contae Chill Dara, “Cuirimid fáilte roimh an gconradh a bronnadh inniu agus ní hamháin go mbeidh sé mar thaca ag téarnamh eacnamaíoch sa tír seo, ach is léiriú é freisin ar an infheistíocht thar cuimse inár ngeilleagar áitiúil, dar bhfeabhsú mar áit i gcomhair gnó agus deiseanna turasóireachta. Is píosa criticiúil bonneagair é ag nascadh an líonra Bóthair Náisiúnta leis an líonra Bóthair Réigiúnach agus Áitiúil don Nás, na Solláin agus do cheantair máguaird rud lena mbeifear in ann leathnú i gcomhair forbartha agus a chruthóidh luach mór don réigiún. Ba mhaith liom an deis a thapú freisin chun tréaslú lenár bhfostaithe in Oifig um Bóithre Náisiúnta Chill Dara sa Nás, le BIÉ agus leis an Roinn as a gcuid gairmiúlachta chun an tionscadal straitéiseach seo a thabhairt chomh fada sin ar aghaidh.”
 
Cuirfear tús le ceann de na scéimeanna bóthair is suntasaí i gClár an Rialtais chun Cur leis an Téarnamh le bronnadh an chonartha seo inniu.  Cuimsítear trí mhórghné sa chonradh seo agus táthar ag súil go dtabharfar chun críche go hiomlán é go luath in 2020:
 
1. An mótarbhealach M7 reatha a leathnú ó dhá lána go dtí trí lána soir agus siar ar feadh thart ar 14km, idir Acomhal 9 An Nás Thuaidh, ag Maudlins (Perpetual Motion Ball) agus acomhal an M7/M9 ag Acomhal 11. 
2. Déanfar na rampaí reatha ag Acomhal 10 An Nás Theas Newhall a athsholáthar agus a athlonnú go dtí príomh-dhébhealach an Náis-an Droichid Nua, an R445.  Cuirfear san áireamh freisin acomhal nua a thógfar ag Baile Osbeirn idir Acomhail 9 agus 10 ar a dtabharfar Acomhal 9a. 
3. Seachbhóthar na Sollán ina bhfuil thart ar 1.7km de Dhébhealach nua de Chineál 2 agus 2.0km de charrbhealach singil, mar aon le 1.2km de bhóthar ceangail le haghaidh carrbhealach singil ón Seachbhóthar go lár bhaile na Sollán.

Cúlra Breise

  • Áirítear 6 struchtúr nua sa scéim, lena n-áirítear dhá dhroichead thar an Life, droichead thar an gCanáil Ríoga, droichead Idirmhalartaithe nua Bhaile Osbeirn thar mhótarbhealach M7 agus droichead beag bóthair ag tabhairt Bóthar Bhaile Osbeirn thar Sheachbhóthar na Sollán. Is é Iarnród Éireann a thógfaidh droichead Sheachbhóthar na Sollán faoin bpríomhlíne iarnróid idir Baile Átha Cliath agus Corcaigh faoi chonradh ar leithligh ach a rithfidh go comhthreomhar.
  • Beidh Bainistíocht Tráchta i bhfeidhm feadh an M7 ó acomhal 9 An Nás Thuaidh go dtí acomhal 11 M7/M9 ag céimeanna éagsúla i rith na tógála.  Coinneofar 2 lána tráchta ar feadh an ama idir 6am agus 10pm.   Beidh teorainn luais speisialta i bhfeidhm fad is a bheith an obair thógála ar bun.   Beidh lána éigeandála ar fáil ag gach tráth.
  • Iompraíonn an M7 thart ar 70,000 feithicil gach lá agus is é an príomhnasc líonra é go dtí an M9/Port Láirge, M8/Corcaigh agus M7/Luimneach.
  • Beidh an scéal is déanaí ar na conarthaí ar fáil ar shuíomh gréasáin an tionscadail nuair a bheidh fáil orthu. Suíomhanna gréasáin ábhartha eile: