Foláireamh Sábháilteachta ar Bóithre - Rabhaidh Sneachta Oráiste agus Buí


Tá an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (ÚSB) ag tabhairt comhairle do gach duine a úsáideann na bóithre ullmhúchán a dhéanamh le haghaidh an drochaimsir an-fhuar á thuar don tseachtain seo. Tá ceathanna sneachta agus oighear geallta ó thráthnóna Dé Luain ar aghaidh, beidh tionchar na haimsire seo san oirthear go príomha Dé Máirt agus éireoidh sí níos leithne agus níos measa de réir a chéile i rith na seachtaine. Tá tréimhse sneachta trom gan stad geallta oíche Déardaoin agus maidin Dé hAoine, agus in éineacht le gaotha fórsa gála tá seans go mbeadh síobadh sneachta ann a le carnadh sneachta suntasach.
Tá an ÚSB ag iarraidh ar tiománaithe am a thógáil le cinntiú go bhfuil a bhfeithicil ródacmhainneach agus réidh i gcoinne na haimsire seo. Ba chóir do thiománaithe a chinntiú:
  • Go bhfuil a mboinn ródacmhainneacha, teannta leis an mbrú ceart, agus go bhfuil an doimhneacht tráchta os cionn na híosmhéide dhlíthiúla 1.6mm;
  • Go bhfuil soilse feithicle glan agus ag obair i gceart;
  • Nach bhfuil cuimilteoirí gaothscátha caite agus go bhfuil dí-oighreoir ina sreabhán nite gaothscátha agus moltar go bhfuil scríobaire oighir in aice láimhe;
  • Go bhfuil siad ar eolas faoi aon ghnéithe chúnamh sábháilteachta san fheithicil m.s. CCF, Córas Leictreonach Rialaithe Cobhsaíochta (CLRC) agus Rialaitheoir Tarraingthe a chabhraíonn i gcás sciorrtha.
  • Moltar do thiománaithe roinnt bunriachtanas a bheith acu i mbúit a ngluaisteáin, an liosta a leanas san áireamh.
    • Veist shofheicthe;
    • Coisbheart oiriúnach, m.s. buataisí, ar eagla gur gá duit an fheithicil a fhágáil;
    • Triantán guaise;
    • Trealamh dí-oighrithe (le haghaidh gloine agus ghlais dorais);
    • Fearas garchabhrach;
    • Tóirse atá ag obair;
    • Pluid, éadaí breise agus roinnt bia agus uisce
Ba chóir do gach duine a úsáideann na bóithre réamhaisnéisí aimsire agus tuairiscí tráchta náisiúnta agus áitiúla a sheiceáil sula dtéann siad ar turas ionas go mbéidís ar an eolas faoin aimsir roimh an turas.
Ó thaobh comhairle phraiticiúil chun aimsir oighir agus sneachta a sárú do dhaoine a úsáideann na bóithre, tá an ÚSB ag tabhairt an chomhairle seo do thiománaithe:
  • Glan fuinneoga agus scátháin sula n-imíonn tú leat, úsáid scríobaire oighir agus dí-oighreoir. Ná úsáid uisce te ar gaothscáth mar is féidir leis an ghloine a scoilteadh.
  • Faigh réidh le sneachta ón bhfeithicil sula dtosaíonn tú ar an turas. Éiríonn sneachta a bhíonn fágtha ar an díon scaoilte agus bíonn seans go dtitfeadh sé ar an ngaothscáth le linn coscánaithe, rud a chuirfidh srian tobann agus dian ar do radharc. Bíonn seans go dtitfeadh sé agus tú ag tiomáint chomh maith, rud ar féidir leis coisithe a ghortú nó gníomh athfhillteach ag tiománaí eile dá bharr.
  • Moilligh in aimsir sneachta agus oighir, oibrigh na rialtáin ar fad go cúramach agus fág achar breise idir tú féin agus an fheithicil romhat. Ná cas, cascánaigh, nó luasghéaraigh go róghéar. Bain úsáid as an giar is airde agus is féidir chun rothlam rothaí a sheachaint. Roghnaigh giar íseal agus tú ag dul síos le fána, trí castaí go háirithe.
  • I síobadh sneachta, laghdaítear léargas go mór. Ná dírigh do shúile go róghéar ar chúlsoilse na feithicle romhat agus tú ag tiomáint. Bíonn seans go dtabharfadh sé muinín gan bhonn duit agus bheifeá ró-ghar le coscánú go sábháilte. I sneachta trom, bain úsáid as na soilse ceo, múch an raidió agus oscail na fuinneoga go beagán, ionas gur féidir leat trácht eile a chloisteáil, ag acomhail go háirithe.
  • Úsáid ceannsoilse maolaithe i gcónaí, agus soilse ceo i sneachta trom le cinntiú go mbíonn tú infheicthe ag tiománaithe eile (ach ná déan dearmad iad a mhúchadh ina dhiaidh sin).
  • Bí san airdeall ar úsáideoirí soghonta bóithre ar nós coisithe, rothaithe agus gluaisrothaithe agus tabhair spás breise dóibh.
  • Bíonn tiománaithe na bhfeithiclí taobharda ar nós leoraithe agus busanna i gcontúirt go háirthe maidir leis na contúirtí a bhaineann le sneachta féin agus na gaotha arda a bhaineann le aimsir sneachta.
Cliceáil anseo chun cóip ‘Na 10 leid is fearr do thiománaithe in aimsir sneachta agus oighir’ ag an ÚSB a fháil.
Moltar do choisithe:
  • Bí infheicthe. Caith éadaí geala, ach go hidéalach caith seaicéad sofheicthe, banda muinchille frithchaiteach nó crios frithchaiteach.
  • Caith coisbheart oiriúnach. Siúil ar an gcosán seachas ar an mbóthar. Mura bhfuil aon chosán ann, siúil ar thaobh deas an bhóthair agus d’aghaidh ar an trácht.
  • Tabhair aird i gcónaí ar chontúirt an oighir. Tarlaíonn sciorrthaí agus titimí go rialta in áiteanna a mheastar a bheith slán sábháilte, go hiondúil taobh amuigh den doras tosaigh, ar leac an dorais, ar an gcosán nó ag teacht amach as an ngluaisteán. Bí an-chúramach i gcónaí nuair a dtagann tú i dtreo le cosán nó bóthar a bhfuil chuma air go bhfuil sé clúdaithe le sneachta nó leac oighir.
Moltar do rothaithe agus gluaisrothaithe:
  • Ná cuir tú féin i mbaol mar gheall ar ‘gá’ taistil a dhéanamh in aimsir oighir nó sneachta. Cuir an turas ar ceal nó tóg cóir iompair eile.
  • Laghdaítear léirgeas in aimsir sneachta agus mar sin ba chóir do rothaithe crios Sam Browne nó veist shofheicthe a chaitheamh. Bí cinnte go bhfuil soilse an rothair ag oibriú mar is ceart.
  • Ba chóir do ghluaisrothaithe cealtair dhorcha a sheachaint in aon tráthanna drochsholais.
  • Cuimhnigh go mbíonn seans nach mbíonn daoine eile a úsáideann na bóithre ag súil leat agus chuirfí thú i mbaol mar sin.

 

Tá tuilleadh leideanna sábháilteachta ar fáil do choisithe, rothaithe agus gluaisrothaithe a úsáideann na bóithre in aimsir sneachta agus oighir anseo.
 
Le haghaidh leideanna tiomána drochaimsire agus an aimsir is deireanaí, féach an chomhairle drochaimsire ar shuíomh gréasáin an ÚSB nó féach leathanaigh Facebook agus Twitter an ÚSB.
 
Féach comhairle faoi thiomáint in aimsir oighirsneachta inár sraith físeán rabhaidh drochaimsire a cruthaíodh i gcomhar le Teresa Mannion.
 
Le haghaidh eolas breise faoin aimsir is deireanaí tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin Met Éireann www.met.ie