Tacaíonn TII le Tionscadal EDWARD = Lá Eorpach Gan Bás Bóthair
Déardaoin, 21ú Meán Fómhair
Chun tacú le tionscnamh Tionscadal Edward, beidh teachtaireacht a thaispeáint ag TII ar fud ár ngréasán bóithre náisiúnta ar na Comharthaí Teachtaireachta Athraithe (VMS) leis an téacs seo a leanas:
EUROPEAN DAY
WITHOUT A ROAD DEATH
21ST SEPTEMBER
I ndeireadh na dála, is é iompar an tiománaí an bac is mó ar dhul chun cinn a dhéanamh agus sinn ag bogadh i dtreo 2020 agus na spriocanna a ghabhann léi.
Cuireann tiománaithe, agus a fhios sin acu nó i gan fhios, tiománaithe eile i mbaol ar mhórán bealaí, ag taisteal ró-thapa, gan crios á chaitheamh acu, iad ar an bhfón ag tiomáint, iad ag úsáid feithiclí nach bhfuil bail mhaith go leor orthu le bheith ar an mbóthar, ag páirceáil ar lánaí rothair, trasrianta coisithe á mblocáil acu, na soilse acu gan a bheith ar lasadh nó a bheith i mbun gluaiseacht éigin baolach.
Agus ní tiománaithe amháin atá ciontach. A lán rothaithe agus coisithe, méadaíonn siad ar an mbaol freisin nuair a thugann siad neamhaird ar na rialacha nó nuair a lorgaíonn siad cóngar éigin atá dainséarach. Sna laethanta ag teannadh ar lá Thionscadal Edward, teastaíonn uainn ar fad go ndéanfadh úsáideoirí bóthair machnamh - mura mbeadh ann ach cúpla nóiméad - ar an mbaol atá ann dóibh, an dainséar ina gcuireann siad daoine eile, agus conas is féidir leo an baol sin a mhaolú.
Is é an sprioc atá ag TISPOL nach marófaí duine ar bith ar bhóithre na hEorpa ar an nDéardaoin 21ú Meán Fómhair. Agus aga againn le machnamh a dhéanamh ar conas a úsáidimid na bóithre, creidimid gur féidir, le Tionscadal EDWARD, an-chuid a dhéanamh chun an líon daoine a chailltear ar na bóithre nó a ghortaítear go dona a laghdú go mór.
Pé acu ionadaí thar ceann rialtas náisiúnta tú, eagraíocht phríobháideach, gníomhaireacht phoiblí, carthanas, scoil, coláiste nó ollscoil, nó mura bhfuil ann ach go gcuireann sé isteach ort mar dhuine, bí linn agus tabhair gealltanas go dtacóidh tú le tionscadal EDWARD, agus déan do chionsa leis an mbaol a laghdú agus sábháilteacht a fheabhsú dóibhsean a úsáideann na bóithre.
Tacaíonn 30 tír atá ina mbaill de TISPOL le Tionscadal EDWARD agus tá méadú tagtha ar an líon eagraíochtaí sábháilteachta ar bhóithre a bhfuil gealltanas tugtha acu oibriú le TISPOL agus teachtaireacht EDWARD a chur cinn gach áit is féidir. Tá súil againn, le tacaíocht ó chomhghleacaithe agus ó chomhpháirtithe ar fud na hEorpa, go gcuirfidh tionscadal EDWARD i gcuimhne do gach duine go bhfuil an-chuid obair dhian á déanamh san Eoraip chun spriocanna maidir le laghdú a bhualadh in 2020 - agus níos faide anonn freisin.
Teastaíonn uainn go mbraithfeadh gach duine go bhfuil sé nó sí páirteach ann, agus a fhios a bheith acu go gcothaíonn bearta beaga feabhsuithe móra.
Má tá breis eolais uait lean an nasc seo https://www.tispol.org/edward
Twitter: @ProjectEdward