Líne Dhearg agus Líne Ghlas

Tá dhá líne ar ghréasán Luas, an Líne Dhearg agus an Líne Ghlas.

An Líne Dhearg

Ritheann an Líne Dhearg ó Thamhlacht, in iardheisceart Bhaile Átha Cliath, tríd lár na cathrach go dtí an tIosta i ndugthailte Bhaile Átha Cliath. Tá dhá speir ar an líne, speir ghearr a théann ó stop Bhusárais chun freastal ar Stáisiún Uí Chonghaile agus speir a imíonn ón líne gar do Bhaile an Chócaigh agus Teach Sagard.


Is líne dériain í atá 20.5km ar fhaid. Tá páirteanna den líne iomlán scartha ó chineáil eile tráchta, agus tá an chuid is mó dá bhfuil fágtha lonnaithe ar cheart slí neamhspleách in aice agus comhthreomhar leis an mbóthar le colbha agus marcanna bóthair eatarthu. Úsáideann cineáil eile tráchta codanna den líne freisin, coisithe san áireamh.


Tá 32 stad ar an Líne Dhearg. Tá áiseanna Páirceáil agus Taisteal ag trí cinn de na stadanna seo. Baile an tSíbhrigh, an Bhó Dhearg agus Crois Thamhlachta. Tá iosta na Líne Deirge agus an lárionad oibríochta lonnaithe ag an mBó Dhearg.

An Líne Ghlas

Ritheann an Líne Ghlas ó Ghleann Bhríde in oirdheisceart Bhaile Átha Cliath go dtí Faiche Stiabhna i ndeisceart lár na cathrach. Is líne dériain í atá 16.3km ar fhaid. Tá an chuid is mó den líne seo deighilte ó chineáil eile tráchta. Tá thart ar 1km den líne ar cheart slí leithscartha ar bhóithre poiblí.  Don chuid is mó, is nuair a thrasnaíonn an iarnród éadrom an carrbhealach ag acomhail a tharlaíonn sé go mbíonn an dá chineál trácht ann.


Tá 22 stad ar seirbhís ar an Líne Ghlas faoi láthair agus tá 2 stad a d'fhéadfaí a chur ar seirbhís amach anseo nuair a dhéanfar an ceantar a fhorbairt.  Tá áiseanna Pháirceáil agus Taisteal ag ceithre cinn de na stadanna seo. Carraig Mhaighin, Áth an Ghainimh, Baile Amhlaoibh. Tá iosta agus oifigí na Líne Glaise lonnaithe in Áth an Ghainimh.

Síntí ar an Luas

Cuireadh trí shíneadh ar an Luas le roinnt blianta anuas. Nuair a osclaíodh an Luas i Meán Fómhair 2004 rith an Líne Ghlas ó Stáisiún Uí Chonghaile go Tamhlacht. Nuair a osclaíodh an Luas i Meitheamh 2004 rith an Líne Ghlas ó Fhaiche Stiabhna go dtí Áth an Ghainimh. Cuireadh síneadh leis an Líne Dhearg ó Bhusáras go dtí an tIosta i mí na Nollag 2009 ó áit gar do Bhaile an Chócaigh go Teach Sagard. Cuireadh síneadh leis an Líne Ghlas ó Áth an Ghainimh go Gleann Bhríde i mí Dheireadh Fómhair 2010.

Tá a thuilleadh eolais ag suíomh gréasáin Luas