Tramanna agus Iostaí
Cineáil tramanna agus iostaí i seirbhís Luas
Tramanna
Freastalaíonn 40 tram de chineál Alston Citadis 401, 40.8 m ar fhaid agus 2.4m ar leithead ar an Líne Dhearg. Tramanna le hurláir ísle is ea 70% díobh. Freastalaíonn 26 tram de chineál Alston Citadis 402, 43.6 m ar fhaid agus 2.4m ar leithead ar an Líne Ghlas. Tramanna le hurláir ísle is ea 100% díobh.
Cuireadh tramanna de chineál 401 i seirbhís in 2004 ar an Líne bhunaidh Dhearg agus Ghlas. Cuireadh tramanna de chineál 402 i seirbhís in 2009 ar an Líne Ghlas amháin. Bogadh na tramanna de chineál 401 ar fad go dtí an Líne Dhearg toisc gur tugadh isteach na tramanna de chineál 402 ar an Líne Ghlas.
Iostaí
Tá áiseanna iosta agus stáblaíochta do Líne Dhearg Luas suite ag an mBó Dhearg. San iosta seo tá foirgneamh ina bhfuil saotharlann chothabhála agus deisiúcháin, áiseanna seirbhísithe agus níocháin agus limistéar mór stáblaíochta a bhfuil slí ann do 47 tram. San iosta seo tá oifigí riaracháin an oibritheora, an lársheomra rialaithe, agus príomhoifigí chonraitheoirí cothabhála na bhfeithiclí agus an bhonneagair.
Tá áiseanna iosta agus stáblaíochta do Líne Dhearg Luas suite in Áth an Ghainimh. Tá na háiseanna in Áth an Ghainimh cosúil leosan atá ag an mBó Dhearg ach amháin nach bhfuil ach cóiríocht theoranta oifigí ann agus níl aon lársheomra rialaithe, cé go bhfuil áiseanna áitiúla rialaithe ann. Tá limistéar stáblaíochta ann a bhfuil spás ann do suas le 32 thram.