Bailiú Táillí

Mar a oibríonn córas ticéad Luas

Córas "oscailte" atá ag Luas, níl aon bhacainn isteach ná amach ag na stadanna. Caithfidh paisinéirí ticéid a cheannach sula n-úsáideann siad an córas. Ní dhíoltar ticéid ar bhord na dtramanna agus níl áiseanna ar na tramanna chun Léimchártaí a bhailíochtú. Don chuid is mó díoltar ticéid ag Díolmheaisín Ticéad (TVM) féinseirbhíse ag na stadanna, déanann bailíochtóirí na Léimchártaí a bhailíochtú ag dhá cheann na n-ardán. Déanann cigirí ioncaim cigireacht ar an gcóras agus eisíonn siad Táille Caighdeánach do phaisinéirí nach bhfuil ticéad bailí ina seilbh acu ar an Luas.

Ticéid Luas

Tá Díolmheaisíní Ticéad agus bailíochtóirí ag gach stad Luas. Tá ar a laghad Díolmheaisín Ticéad amháin agus dhá bhailíochtóir ar gach ardán ag gach stad (ardáin isteach agus amach). Leis na Díolmheaisíní Ticéad seo bíonn deis ag paisinéirí Luas ticéid singil, fillte agus ticéid bunaithe ar thréimhsí a cheannach sula dtéann siar ar bhord sheirbhísí Luas.  Is féidir le húsáideoirí Léimchártaí iad a bhreisiú leis na Díolmheaisíní Ticéad.

Léimchártaí

Is é an Léimchárta an scéim comhtháite ticéad don iompar poiblí i mBaile Átha Cliath. Is é an tÚdarás Náisiúnta Iompair a oibríonn agus a chothabháileann an scéim. Breis eolais ag suíomh gréasáin Léimchárta

Breis eolais ar tháillí agus ar thicéid ag www.luas.ie.