Bainistiú Gréasáin - Bainistiú Sócmhainní (Pábháil)

Tá an tÚdarás freagrach as cothabháil agus as forbairt tacar éagsúil sócmhainní bóthair ina bhfuil an ghné is bunúsaí de - pábháil an bhóthair. Níl na pábhálacha gréasáin ar fad mar a chéile, tá níos mó ná 5,300 ciliméadar lár líne de bhóithre sa ghréasán pábháile náisiúnta. Tá 33 bealach Príomhbhealach Náisiúnta agus 32 Bealach Náisiúnta den Dara Grád ann. Tá ár bpábhálacha bóthair déanta den chuid is mó de shraitheanna d’ábhair sholúbtha a dearadh le go mbeidís láidir go leor chun na lódanna a iompar le linn a dtréimhse saoil (c. 20-40 bliain). Anuas air sin, ní foláir go mbeadh friotaíocht leordhóthanach in aghaidh sciorradh sa bhfliuchas, cáilíocht réasúnta marcaíochta ar chúrsa an dromchla agus go nginfeadh sé leibhéil réasúnta torainn agus go mbeadh sé in ann cur in aghaidh meathlú a chothaíonn drochdhálaí timpeallachta.

Tá éagsúlacht mhór sa ghréasán faoi roinnt cheannlínte, lena n-áirítear tógáil pábháile, aois phábháile, leithead an bhealaigh, leithead lána, dearadh geoméidreach agus líon feithiclí ar an mbealach. Cuid mhaith den ghréasán is bóithre a tháinig inár seilbh iad arbh fhéidir gur bhealaí stairiúla iad tráth agus ar minic iad srianta ag cúinsí fisiceacha nó timpeallachta.

Tá gréasán bóithre againn le hoidhreacht nó tógtha againn de thart faoi 5400km ach mar a bhíonn le sócmhainn ar bith tagann meath orthu.

  • Is ceann de na gníomhaíochtaí eacnamaíocha is tábhachtaí iad na gréasáin bhóithre i sochaithe nua-aimseartha tionsclaíocha agus bíonn gá acu le hinfheistiú an-mhór ó chiste an stáit.
  • Chun an infheistíocht seo a chosaint, tá gá le suim mhór airgid chun bail shásúil ar na gréasáin sin a chothú agus a chothabháil
  • Ta an méid sin féin ag éirí níos casta de bharr cistí teoranta anuas ar an meathlú leanúnach a thagann ar struchtúir na bpábhálacha de bharr tosca timpeallachta agus ualach méadaithe tráchta.

Leis an méid sin ar fad tá áisíneachtaí tar éis díriú isteach ar nósanna imeachta nó straitéisí níos fearr i gcomhair chothabháil agus athshlánú na bpábhálacha atá ann cheana. Tagann meathlú ar gach pábháil le himeacht ama de thoradh ar lódáil leantach ón trácht agus ó iomlat teochta agus taise. Faoi mar a thagann meathlú orthu, bíonn comharthaí díghrádaithe feidhmiúla le feiceáil orthu a ndéantar a thomhas mar chuid de shuirbhé bliantúil ar rátáil baile. Orthu sin tá:

•Sclagadh rian rothaí

•Méadú ar ghairbhe

•Scoilteadh

•Cailliúint friotaíocht sciorrtha

Ag cloí le prionsabail bhainistíochta sócmhainní agus trí Chóras Bainistíochta Pábháile iomlán feidhmiúil a úsáid déantar samhlú ar theacht agus ar fhorbairt na gcomharthaí seo ag baint úsáid as gaoil algartamacha a thuarann ráta an díghrádaithe.

Déantar Cothabháil Pábháile ar an ngréasán bóithre leis na príomhchuspóirí seo a leanas:

  1. Lena chinntiú ar bhonn lá go lá go bhfuil bail mhaith oibríochta á coimeád ar an ngréasán.
  2. Lena chinntiú go gcoimeádtar moilliú agus cur as d’úsaideoirí bóithre ag an leibhéal is ísle dar féidir trí bhainistiú éifeachtach ar an ngréasán.
  3. Lena chinntiú nach ligtear do luach sócmhainne an ghréasáin a dhíghrádú. Chun an méid seo a bhaint amach, tá gá le réimis athshlánaithe bhliantúla agus ilbhliantúla lena chinntiú go ndéantar an bonneagar a chothabháil agus a athnuachan go tráthúil agus mar thosaíocht de réir mar a n-imríonn bearta na timpeallachta, na haimsire agus an tráchta tionchair leantacha orthu.

Mar chuid de nósanna imeachta bhainistíocht phábháile an Údaráis, déantar suirbhé bliantúil ar ghréasán pábháile na mbóithre náisiúnta uile, ag baint úsáid as gach saghas fearais leictreonaigh, léasair agus fearas físeáin dhigitigh suiteáilte ar fheithiclí speisialaithe. Bliain i ndiaidh bliana déanann na suirbhéanna seo tomhas agus taifead ar réimse leathan raonta bail ghréasáin lena n-áirítear fadphróifíl gairbhe, leibhéal sclagtha agus tomhas ar fhriotaíocht sciorrtha. Déantar na sonraí ó na suirbhéanna meaisínbhunaithe seo atá geo-thagartha a thaifead laistigh den Chóras Bainistíochta Pábháile. Sa tslí sin is féidir an banc sonraí a úsáid chun taifead cruinn a dhéanamh ar an mbail thomhaiste agus é a chur i gcomparáid le suirbhéanna a rinneadh cheana ar an suíomh sin. Mar aon leis an taifead ar líon feithiclí is féidir an ráta díghrádaithe a fhortheilgean chun beartú tosaíochta ar chláir chothabhála a bhunú bunaithe ar phrionsabail dea-chleachtas bainistíochta sócmhainní.

Image of the Road Surface Profiler machine.

Próifíleoir Dromchla Bóthair (RSP)

  • Tugann an Próifíleoir na sonraí suirbhé seo a leanas:
  • Comhordanáidí Spásúla 3 thoiseacha (GPS)
  • Fadphróifíl (lom)
  • Raonta fadphróifíle lena n-áirítear Innéacs Idirnáisiúnta Gairbhe (IRI), Athraiteas 3 mhéadar, Athraiteas 10 méadar
  • Trasphróifíl (lom)
  • Raonta trasphróifíle lena n-áirítear Doimhneacht Sclagtha, Innéacs Crutha agus Brath Imill ar bhóithre cúnga.
  • Uigeacht Dromchla (meándoimhneacht próifíle, MPD)
  • Físeán Digiteach Pábháilbhunaithe do Rátáil Amharc-Staid Pábháile
  • Trasfhána, Grádán agus Ga Cuaire
  • Innéacs Lúbaireachta (Céimeannna an chiliméadair)
  • Ardú agus Ísliú (Luach uimhriúil an chiliméadair)
Image of the SCRIM equipment.

SCRIM

  • Tugann an fearas SCRIM na sonraí suirbhé seo a leanas do gach fad fo-stráice 10m:
  • Léamh SCRIM                                                                                       
  • Meánluais, km/h
  • Físeán Digiteach - Ceart Slíbhunaithe
  • Fad caite, méadair (Slabhraíocht)
  • Comhordanáidí Spásúla 3 Thoiseacha (GPS)

Córas Bainistíochta Pábháile á Fhorbairt

D’fhorbair Mouchel / Viagroup go sonrach Córas Bainistíochta Pábháile an Údaráis dár ngréasán, agus tá sé bunaithe ar chóras a d’fhorbair Deighton i gCeanada ó 1983. Úsáideann údaráis bhóithre ar gach ilchríoch ar domhan an córas (dTIMS) agus tugann an córas déanta cinntí agus bainistíocht feabhsaithe ar shócmhainní gréasáin ag baint úsáid as feidhmíocht ilbhliantúil agus anailís airgeadais agus eacnamaíoch. Faoi mar a bhailímid níos mó sonraí gach bliain déantar an méid faisnéise atá ar fáil a shíneadh agus bíonn na múnlaí tuartha a éiríonn as níos beaichte agus níos mionathraithe chun léiriú a thabhairt ar na taifid féin.

Is gníomhaíocht leanúnach é bailiú na sonraí agus iniúchadh na dtorthaí ar féidir a achoimriú leis an léaráid seo.

" "

Cuspóirí Bainistíocht Pábháile

Go hachomair is iad seo a leanas na haschuir roghnaithe:

  • An gá foriomlán le cothabháil pábháile
  • An leibhéal maoinithe a theastaíonn a dheimhniú
  • Roghanna maoinithe agus straitéisí indéanta a roghnú
  • Tionchar na roghanna éagsúla ar staid agus leibhéal seirbhíse a dheimhniú
  • Rogha maoinithe agus straitéisí is fearr a fhorbairt
  • Faid bhóithre le cothabháil leis an méid maoinithe atá ar fáil a aithint
  • Leibhéal tosaíochta faid stráicí bóthair sa chlár cothabhála laistigh den bhuiséad a dheimhniú
  • Cóireálacha oiriúnacha a aithint
Graph of typical condition rating based on survey results over time
Graph of typical intervention strategies to optimise whole life costs or reflect available budgets

Léiríonn na cuair scéimreacha meathlaithe thuas ní amháin go dtagann meath ar an bpábháil le himeacht ama ach go leanann sé ag meath fiú tar éis idirghabháil ar scála ar bith.

Leis na sonraí a bailíodh ó na suirbhéanna corpraíonn an Córas Bainistíocht Pabháile bogearraí a dearadh go speisialta lena n-úsáid in uirlisí anailíse agus tuartha le haghaidh tuar a dhéanamh ar staid reatha agus staid sa todhchaí agus don fhaid eile a mhairfidh sé. Áirítear leis freisin módúil chun cabhrú le hanailís costais feadh saoil lena chothabháil agus lena thógáil, múnlaí meathlaithe, measúnú ar luach na sócmhainne, anailís rioscabhunaithe, agus beartú tosaíochta de réir straitéisí agus an bhuiséid atá ar fáil. Go bunúsach aistríonn an PMS na sonraí staide go faisnéis bainistíochta.

Map of Skid Resistance HD28

Bainistíocht Friotaíocht Sciorrtha - HD28

Foilsíodh beartas Friotaíocht Sciorrtha an Údaráis HD28/11 in 2011. Déantar cur síos sa Chaighdeán ar conas mar a dhéanfar soláthar leibhéil oiriúnacha friotaíochta sciorrtha ar bhóithre náisiúnta a bhainistiú. Tá mionsonraí faoi conas friotaíocht sciorrtha a thomhas agus a thuiscint. Is í an fhealsúnacht atá mar bhunús leis ná an baol don úsáideoir bóthair a chothromú tharais an ngréasán bóithre ina iomláine. De thoradh air sin, tá gá le friotaíocht frithchuimilteach níos mó ag láithreáin a bhfuil baol níos mó idirbheartaíochta feithicle/daoine, e.g. soilse tráchta, nó bealach isteach go hacomhail etc. Is cur chuige réamhghníomhach é an beartas seo i leith bhainistiú an ghréasáin agus cabhraíonnn sé leis an Údarás na héilimh oibríochta a bhainistiú sula mbíonn an baol ró-ard.

Ag cloí le prionsabail dea-bhainistithe sócmhainne, déantar torthaí ó shuíomhanna na suirbhéanna bliantúla ag leibhéal fiosrúcháin nó faoina bhun a chur i ngrúpaí ag suíomhanna “sínte” chun críocha cóireála. Go hiondúil bíonn formhór shuíomhanna na láithreán seo gearr, (c. 100m), murab ionann is an suíomh tadhlach a d’fhéadfadh a bheith 500m fada chun éifeachtúlachtaí fadtéarmacha optamacha a léiriú.  Ó na suíomhanna a aithníodh gur gá iad a fhiosrú, tá cuntas thuas ar na nósanna imeachta maidir le beartú tosaíochta a d’aithin 220 láithreán le fiosrú in 2012. Foireann ar leith a dhéanann an obair sin a bhfuil an-taithí ar shonrú dromchla bóithre agus ábhair. Tá oiliúint bhreise faighte ag an bhfoireann ón Saotharlann Taighde Iompair atá lonnaithe sa RA agus arb iad na saineolaithe is mó ar domhan ar ábhair dhromchla agus ar thomhais agus teicnící measúnaithe friotaíocht sciorrtha. Bunaithe ar na cigireachtaí mar shampla in 2012 moladh idirghabhálacha ag 156 láithreán. Nuair nach raibh gá le hidirghabháil láithreach, fós is cuid den réimeas monatóireachta leanúnaí iad na stráicí sin. De ghnáth, ar na bearta chun riosca a laghdú bíonn athdhromchlú (Cóireáil Dromchla agus Coincréit Asfailt), nó má tá cóireáil stuchtúrtha le tarlú d’fhéadfadh athdhromchlú agus rialú agus neartú a bheith i gceist. I gcásanna eile rinneadh athuigeachtú le teicnící scríobchaithimh mheicniúil. Taispeáneann an grafaic ar dheis suíomh na láithreán a aithníodh, a fiosraíodh agus a cóiríodh faoin gclár HD28/11 2012. 

Map of Pavement and Minor Improvement Schemes

Scéimeanna Pábháile agus Mionfheabhsúcháin

Tá cur chuige bunaithe ar athnuachan á chur i bhfeidhm chun díriú ar riachtanais chothabhála don tréimhse 2013-2016. Leis an nós imeachta seo bíonn gá le leibhéil seirbhíse sainithe a bhunú le haghaidh gach ceann de na fo-ghréasáin bunaithe ar a mbail agus ar a bhfeidhmíocht.  Baineann an staid le sláine struchtúrtha na sócmhainne. Baineann feidhmíocht le cumas na sócmhainne critéir shainithe a chomhlíonadh.  Léiríonn na critéir sheirbhíse leochaileacht an mhodha chun dul i bhfeidhm ar thrácht don luach.

Tá ról tábhachtach ag an gclár bliantúil um Pábháil agus Mionfheabhsúcháin (PMI) maidir le luach sócmhainne an ghréasáin pábháile náisiúnta a chaomhnú. Le monatóireacht ghéar ar na costais a bhaineann le gach tionscadal bhíothas ábalta luachanna costas aonaid a shonrú do na córálacha éagsúla a cuireadh san áireamh. 

Chomh maith leis na pábhálacha a athnuachan nuair a mheathann siad, tugann an tÚdarás maoiniú do na húdaráis áitiúla le haghaidh clár timthriallach cothabhála ar an ngréasán iomlán gach bliain. Cé go mb’fhéidir nach mbeadh tionchar díreach ag an obair seo ar fheidhmíocht na pábháile, gabhann leasa áirithe leis. Mar shampla coimeádann glanadh na ndraenacha agus na n-asraonta draenála an t-uisce ag leibhéal seasta agus cabhraíonn sé le sáithiú na mbonn a chosc, sáithiú a d’fhéadfadh an taca pábháile a lagú agus a tréimhse saoil a ghiorrú.

Cé go bhfuil an próiseas déanta cinntí maidir le cóireáil a roghnú casta, tá sé mínithe i dtéarmaí simplí sa tábla thíos.

Staid PhábháileCineáil oibreacha a theastaíonn
An-mhaith Cothabháil thimthriallach amháin
Go maith Cothabháil fhrithghníomhach (séalú siútaí/deisiúcháin ar sclaigeanna de ghnáth)
Cuibheasach Idirghabháil choisceach agus/nó oibreacha athdhromchlaithe
Lag Forleagan struchtúrtha chun neart na pábháile a chur ar ais
An-lag Atógáil pábháile - cóireáil deireach saoil

Dá láidre an idirghabháil is ea is costasaí í agus úsáideann an PMS Anailís Costas Saolré dá bharr sin chun a dheimniú conas, cén áit agus cathain an phábháil a athnuachan chun an tairbhe is fearr a bhaint as an mbuiséad atá ar fáil.