Iarratais Toilithe Oibreacha Bóthair do Bhóithre Náisiúnta - Teileachumarsáid

An tAcht um Rialáil Cumarsáide, 2002, arna leasú

Iarratais ó Oibritheoirí Gréasáin ar Dhul i mBun Oibreacha Bóthair ar Bhóithre Náisiúnta

Toiliú d’Oibreacha Bóthair ar Bhóithre Náisiúnta

Déantar foráil in alt 53(1) den Acht um Rialáil Cumarsáide, 2002, arna leasú, nach ceadmhach d’oibritheoirí gréasáin oibreacha bóthair a dhéanamh ar bhóithre náisiúnta gan toiliú roimh ré i scríbhinn ó Bhonneagar Iompair Éireann (TII) (Údarás um Bóithre Náisiúnta roimhe seo).
 
Cuirtear na litreacha ‘N’ nó ‘M’ roimh na bóithre náisiúnta. Níl aon fheidhmeanna reachtúla ag TII maidir le hiarratais toilithe a bhaineann le bóithre nach bóithre náisiúnta iad, i.e. bóithre réigiúnacha agus áitiúla.
 
Sainmhínítear “oibreacha bóthair” mar
“bóthar poiblí a oscailt nó aon ghníomh nó obair ar gá bóthar poiblí nó aon chuid de bhóthar poiblí a dhúnadh dá bharr nó dá barr, nó is bun lena dhúnadh nó lena dúnadh, lena n-airítear bóthar poiblí nó cuid de bhóthar poiblí a oscailt nó a dhúnadh chun duchtaí a oscailt, d’fhonn oibreacha ar bhonneagar cumarsáide leictreonaí a bhunú, a leathnú, a aischur, a dheisiú, a bhaint nó a chothabháil.”.
 
I gcomhréir leis an Acht, caithfidh oibritheoirí gréasáin a bhfuil sé i gceist acu dul i mbun oibreacha bóthair chun críocha:
  1. bonneagar cumarsáide leictreonaí faoi thalamh a bhunú agus aon bhonneagar fisiciúil gaolmhar;
  2. an líonra cumarsáide leictreonaí faoi thalamh a leathnú chuig codanna den bhóthar nár chuir an t-oibritheoir líonra sin bonneagar cumarsáide leictreonaí fúthu roimhe sin;
  3. oibreacha bóthair a dhéanamh ar bhonneagar cumarsáide leictreonaí faoi thalamh, is oibreacha bóthair arb éard atá iontu bonneagar cumarsáide leictreonaí faoi thalamh a chothabháil, a dheisiú nó a aischur nó cur leis nó é a bhaint
iarratais a chur faoi bhráid TII agus toiliú a fháil do na hoibrithe bóthair ábhartha. Sula ndéanfar cinneadh cibé toiliú a dheonú nó gan, tá sé de cheangal ar TII faoi Acht 2002 dul i gcomhairle leis an údarás/na húdaráis bhóithre ábhartha ar ina limistéir atá na hoibreacha bóthair atá beartaithe le déanamh agus tréimhse suas go dtí 21 lá a cheadú chun na críche seo.

NÓTAÍ:

Oibritheoir gréasáin nó duine fostaithe ag oibritheoir gréasáin a sháraíonn forálacha Alt 53(1) den Acht dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €5,000 a chur air nó uirthi nó, ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná €1,000,000 a chur air nó uirthi.
I gcás go mbaineann na hoibreacha bóthair beartaithe le stráicí de bhóthar náisiúnta agus de bhóthar nach bóthar náisiúnta é, ba cheart go mbainfeadh an t-iarratas chuig TII le gné an bhóthair náisiúnta de amháin. Ba cheart iarratas ar leith a dhéanamh chuig an údarás bóithre iomchuí don stráice de bhóthar neamhnáisiúnta lena mbaineann.

Polasaí TII

Ba cheart d’oibritheoirí líonra cumarsáide leictreonaí, a bhfuil sé i gceist acu iarratas a chur chuig TII ar thoiliú chun dul i mbun oibreacha bóthair ar bhóthar náisiúnta, a chinntiú go bhfuil scéim TII, ina leagtar síos an polasaí maidir le húsáid a bhaint as acmhainn faoi thalamh bóthair náisiúnta ag oibritheoirí líonra, léite acu agus cur amach acu air, mar atá sé leagtha síos inár bhfoilseachánv “Guide to the use of Underground Road Capacity on National Roads for Electronic Communications Infrastructure”. 

Táillí TII d’Oibreacha Bóthair ar Bhóithre Náisiúnta

Tá sceideal de na táillí a d’fhéadfaí a ghearradh ar fáil anseo.

Iarratas Toilithe a Dhéanamh

Ní mór iarratais ar thoiliú chun dul i mbun oibreacha bóthair teileachumarsáide ar bhóithre náisiúnta Ceadúnú Oibreacha Bóthair MapRoad córas (MRL), arb é an córas náisiúnta um oibreacha bóthair a bhainistiú.Tá eolas cuimsitheach ar an gcóras a úsáid agus ar na próisis a bhaineann leis ar fáil i gcuid Cabhair/CCanna an tsuímh.

Eolas Breise

Má tá breis eolais uait i dtaobh róil agus freagrachtaí TII faoin Acht, déan teagmháil linn ar ríomhphost go dtí roadworksunit@tii.ie nó tríd an bpost go dtí an seoladh seo a leanas:
 
Aonad na nOibreacha Bóthair:
Bonneagar Iompair Éireann
Ionad Gnó Gheata na Páirce
Sráid Gheata na Páirce
Baile Átha Cliath 8
D08 DK10
Teil.  (01) 646 3600
Facs: (01) 646 3601