Ár nGréasán Bóithre Náisiúnta

Déanann TII an gréasán príomhbhóithre náisiúnta agus bóithre den dara grád in Éirinn a oibriú, a chothabháil agus a fheabhsú.

Map of the Irish road network

Gréasán Príomhbhóithre agus Bóithre den Dara Grád in Éirinn

Tá an gréasán príomhbhóithre agus bóithre den dara grád in Éirinn 5,000km ar fhaid agus tá sé déanta suas de mhótarbhealaí, débhealaí agus bóithre lána shingil. Oibríonn comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí tuairim is 320km den ghréasán mótarbhealaí de 1,187km
Bainistíonn Conraitheoirí Cothabhála agus Athnuachana Mótarbhealaigh codanna eile de. Taistealaíonn thart faoi 45% de thrácht iomlán bóthair na tíre ar ár ngréasán agus dáiltear formhór de lastas na hÉireann ar an mbóthar freisin.   

Oibríochtaí agus Cothabháil an Ghréasáin 

I measc phríomhchúraimí TII sa réimse seo tá:
•    Ionaid Seirbhíse
•    Oibríochtaí Dola
•    Seirbhísí Faisnéis Taistil d'úsáideoirí bóthair
•    Seirbhísí fóin éigeandála
•    Bonneagar cumarsáide leictreonaí
•    Seirbhísí geimhridh
•    Pleanáil éigeandála
 

Bóithre Eile

Bainistíonn na húdaráis áitiúla codanna uirbeacha agus iargúlta de dhébhealaí, bóithre náisiúnta den dara grád, bóithre réigiúnacha agus áitiúla in Éirinn.