Tionscadail & Feabhsúcháin

Is é is cuspóir do chlár caiteachais chaipitiúil TII feabhas a chur ar shábháilteacht agus ar éifeachtúlacht an ghréasáin bóithre náisiúnta chun go mbeidh sé oiriúnach d'fheidhm lastais, gnó agus taistil shóisialta..

Cliceáil anseo, le do thoil, chun féachaint ar Thionscadail Mhóra Ghníomhacha: Márta 2023.

Major Active Projects: March 2023

 

RouteProject
4 N4 NCN Maynooth-Galway cycle way
2 N2 Rath roundabout to Kilmoon Cross
2 N2 Ardee to South of Castleblayney Bypass
2 N2 Slane Bypass 
2 N2 Clontibret to NI Border
3 N3 Virginia bypass
4 N4 Collooney / Castlebaldwin
4 M4 Maynooth to Leixlip
4 N4 Carrick on Shannon to Dromod 
4 N4 Mullingar to Longford (Roosky)
5 N5 Westport to Turlough
6 N6 Galway City Ring Road
8 M8/N40/N25 Dunkettle Interchange
11 N11/M11 Bus Priority Interim Scheme
11 N11 Oilgate to Rosslare 
11 NDP - N11/M11 Junction 4 to Junction 14 Improvement Scheme
13 Donegal TEN-T 
17 N17 Knock to Collooney
20 NDP - M20 Limerick to Cork
21 N21/69 Foynes to Limerick (incl. Adare Bypass) 
21 N21 Newcastle West Relief Road 
21 N21 Abbeyfeale Relief Road
22 N22 Baile Bhuirne Macroom
22 N22 Farranfore to Killarney
24 N24 Waterford to Cahir
24 N24 Cahir to Limerick Junction
25 N25 Waterford to Glenmore
28 N28 Ringaskiddy to Cork
52 N52 Ardee Bypass 
52 N52 Tullamore Kilbeggan Link 
3 N3 Dublin Road roundabout 
4 N4/N15 Sligo Urban Road Improvement
13 N13 Bridgend
16 N16 Lugatober re-alignment
17 N17 Milltown to Gortnagunnad re-alignment 
19 N19 Shannon Airport Access
20 N20 Rourkes Cross 
20 NDP Cork to Limerick 
24 N24 Beary's Cross
24 N24 Carrick Road improvement 
25 Rosslare Europort Access Road 
26 N26 Cloongullane Bridge 
52 N52 Cloghan to Billistown - Phase 2
52 N52 Grange to Clontail scheme
53 N53 Hackballscross to Rassan
55 N55 Corduff to south of Killydoon Phase B
55 N55 Athlone to Ballymahon (formally N55 Glasson to Cornamaddy and N55)
59 N59 Moycullen Bypass
59 N59 Westport to Mulranny 
60 N60 Heathlawn
60 N60 Manulla Cross
61 N61 Ballymurray to Knockcroghery
67 N67/N85 Blake's Corner
69 N69 Listowel Bypass 
71 N71 Bandon Bypass 
71 N71 Newmills/Owenahincha
72 N72/N73 Mallow Relief Road
72 N72 Killorglin Approaches (Anglont) 
73 N73 Clogher Cross Waterdyke
3 Motorway Service Areas (Tranche 4)
50 M50 Enhancing Motorway Operation Services Programme

Is mór an tairbhe dár sábháilteacht is dár saoil iad feabhsúcháin ar an ngréasán bóithre agus bíonn siad mar bhonn faoi pholasaithe an Rialtais. Cabhraíonn siad le:

  • Daoine a shábháil ar an mbás agus gortaithe a laghdú
  • Costas taistil do ghnóthaí agus do dhaoine aonair a laghdú
  • Forbairt réigiúnach, infheistíocht turasóireachta agus ghnó a éascú
  • Dálaí comhshaoil a fheabhsú trí astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú
  • Fáil réidh le plódú tráchta i mbailte agus i sráidbhailte ar fud na tíre  

Páirtíochtaí Príobháideacha Poiblí

Tá polasaí ag an Údarás feabhsúcháin ghréasáin a chur i bhfeidhm le tionscadail PPP nuair is cuí, ar scéimeanna mótarbhealaigh agus ar mhór-thrasrianta aibhneacha mar shampla. Faigh breis eolais ar PPP.

Tosaíochtaí Feabhsúcháin

Tá an-dul chun cinn déanta le huasghrádú an ghréasáin bóithre náisiúnta le tamall de bhlianta anuas, ach tá obair fós le déanamh. Tá an luas ag a bhfuil an tÚdarás in ann an gréasán a fheabhsú teoranta ag na leibhéil mhaoinithe a chuirtear ar fáil, agus ar an drochuair tá na leibhéil mhaoinithe atá beartaithe do 2012-2016 íseal go leor.


Go hachomair is iad seo a leanas tosaíochtaí an Údaráis:   

Bainistíocht Sócmhainní, Athshlánú Gréasáin agus Oibríochtaí Gréasáin

Is é an chéad tosaíocht, tar éis na ngealltanas a tugadh cheana féin a chomhlíonadh, ná luach sócmhainní, iontaofacht, agus feidhmiúlacht an ghréasáin a chothú.

Feabhsúcháin Bóithre Náisiúnta den Dara Grád, Tionscadail Feabhsúcháin Scrogall Tráchta agus Tionscadail Bhainistíochta Tráchta

Aithníodh, sa Staidéar ar Riachtanais Bhóithre Náisiúnta den Dara Grád, bail gach bhealaigh agus an feabhsú atá ag teastáil dó, mar aon le réamhbheartú tosaíochta.  Tá an tÚdarás tiomanta d'fheabhsúcháin a chur i bhfeidhm de réir mar is féidir leis an maoiniú a chuirfear ar fáil, agus cuireadh roinnt scéimeanna tríd an bpróiseas pleanála le go mbeifear ullamh chun tógáil a thúisce a chuirfear an maoiniú ar fáil.

Tionscadail Feabhsúcháin Gréasáin

Leis an infheistiú atá déanta sa ghréasán bóithre náisiúnta le roinnt blianta anuas tá feabhas mór tagtha ar a lán de na bóithre náisiúnta is straitéisí agus is gnóthaí. Leis na feabhsuithe seo tá claochlú tagtha ar na bealaí áirithe seo agus tá leasanna eacnamaíocha tugtha leo ar fiú iolruithe dá gcostais iad.


San fhoilseachán 'A Decade of Progress' tá cuntas ar an dul chun cinn atá déanta le deich mbliana anuas.