" "

Tiománaithe faoi Mhíchumas agus Díolúintí ó Dhola

Tá feithiclí atá oiriúnaithe do dhaoine faoi mhíchumas saor ó dholaí ar gach dolabhóthar sa stat.

Tiománaithe faoi Mhíchumas agus Dolaí

Seolfar an Scéim Díolúine ó Dholaí do Dhaoine faoi Mhíchumas (an DTES) do Bóithre Dola na hÉireann agus beidh sé ar oscailt d’iarratais ag tosú an 3 Feabhra 2020.
 
Cad é an Scéim Díolúine ó Dholaí do Dhaoine faoi Mhíchumas?
Bhunaigh Bonneagar Iompair Éireann an DTES in 2019 lena ligean d’fheithiclí a bunathraíodh do dhaoine faoi mhíchumas a cháilíonn do dhíolúine faoi Scéim Faoisimh Cánach na gCoimisinéirí Ioncaim do Thiománaithe agus Paisinéirí faoi Mhíchumas a bheith díolmhaithe ó mhuirir a ghearrtar ar bhóithre dola na hÉireann. Tiocfaidh an Scéim Náisiúnta seo in ionad na gcártaí a d’eisigh Dola-Phláis aonair roimhe seo.
 
Cad iad na tairbhí a bhaineann le clárú don scéim?
A luaithe a cláraíodh agus a faomhadh d’fheithicil, eiseofar diosca duit is gá a ghreamú do ghaothscáth na feithicle. Ceadóidh seo do do chuid feithiclí a bunathraíodh do dhaoine faoi mhíchumas chun tiomáint gan stró ar bith trí gach Dola-Phlás in Éirinn.
 
Conas a dhéanaim iarratas?
Chun iarratas a dhéanamh, teastóidh an t-eolas seo a leanas:
  • Sonraí teagmhála an duine aonair;
  • Cláruimhir d’Fheithicle (Uimhir an Phláta Cláraithe);
  • Deimhniú Clárúcháin d’fheithicle a sholáthraíonn bailíochtú agus cruthúnas go gcáilíonn d’fheithicil do Scéim Díolúine ó Dholaí do Dhaoine faoi Mhíchumas faoi rialacha Scéim na gCoimisinéirí Ioncaim.

Cé chomh fada a bheidh an diosca bailí?

I ndiaidh go n-eisítear é, beidh an diosca bailí ar feadh tréimhse 2 bhliain. Nuair a éagfaidh sé, is féidir iarratas a dhéanamh ar dhiosca nua trí úsáid a bhaint as na nósanna imeachta a dtugtar cuntas orthu thuas.

Cá ndéanaim iarratas ar an scéim?
Tá sé simplí chun iarratas a dhéanamh ar an scéim. Tá ort ár bhfoirm chlárúcháin ar líne a líonadh atá ar fáil ag www.dtes.ie nó glao gutháin a chur ar ár n-uimhir áitiúil 1800 11 55 00 agus cabhróidh ár nOibreoirí leat le d’iarratas.
 
Tá Seirbhísí Tacaíochta Custaiméirí ar fáil ag:
 
Láithreán Gréasáin: www.dtes.ie
Guthán: 1800 11 55 00
Seoladh Poist: An Scéim Díolúine ó Dholaí do Dhaoine faoi Mhíchumas, faoi chúram Easytrip, Teach EA, Baile Dama, Baile Átha Cliath 15.

Díolúintí eile ó Tháillí Dola

Tá díolúintí ann ó tháillí dola d'fheithiclí áirithe in Éirinn. Is iad sin, feithiclí ar leis na Fórsaí Cosanta iad nó a úsáideann siad, feithiclí a úsáideann An Garda Síochána, an bhriogáid dóiteáin agus otharchairr.