Dola a íoc

Tá roinnt roghanna ann le táillí dola a íoc in Éirinn.

Dola-phláis bhacainne

Tá dola-phláis bhacainne in úsáid ar gach bóthar in Éirinn, ach amháin an M50 i mBaile Átha Cliath. Ar na roghanna íocaíochta ag na dola-phláis seo tá:

  • Lánaí lámhoibrithe ag a bhfuil freastalaí a thógfaidh airgead
  • Lánaí le meaisíní uathoibríocha bonn
  • Lánaí clibeanna leictreonacha dola

Clibeanna leictreonacha dola

Ligeann clibeanna leictreonacha don tiománaí na lánaí clibeanna leictreonacha dola a úsáid a chiallaíonn nach gá dóibh stopadh chun airgead a íoc. Spárálann sé seo am agus an gá le hairgead a thabhairt leat agus tú ag taisteal ar dholabhóithre. Téigh go dtí suíomh gréasán etoll le haghaidh eolas breise neamhchlaonta.

Íocaíocht dola M50

Is mótarbhealach timpeall ar Bhaile Átha Cliath gan dola-phlás é an M50. Déanann córas Dola Gan Bhacainn eFlow idir Acomhal 6 agus Acomhal 7 taifead ar thurais trí ghrianghraf a thógáil de chláruimhir na feithicle.  Ní mór do thiománaithe gan clib leictreonach dola ná cuntas físeáin, íoc as an turas roimh 8p.m. an lá arna mhárach chun píonóis as íocaíocht dhéanach a sheachaint. Ar na roghanna íocaíochta tá:

  • Ar líne ag www.eflow.ie
  • Glaoch ar 0818 50 10 50 / +353 1 461 0122 chun íoc le cárta creidmheasa
  • Íoc in ionaid bhrandáilte Payzone ar fud na tíre
  • Is féidir le tiománaithe clib leictreonach dola a úsáid nó cuntas físeáin

Táillí Dola

Breathnaigh ar fhaisnéis mhionsonrach faoi shuíomhanna dola in Éirinn agus na táillí lena mbaineann do gach cineál feithicle lenár léarscáil idirghníomhch dola

Píonóis As Gan Dolaí A Íoc

Aon tiománaí ar a ndlitear táillí dola a íoc ach nach n-íocann nó a fhaillíonn nó a dhiúltaíonn a íoc tá sé ciontach i gcion. Dlitear fíneáil nach mó ná €1,270 a ghearradh orthu ar é nó í a chiontú go hachomair sa Chúirt Dúiche.