Iniúchtaí agus fionnachtana seandálaíochta ó línte Luas agus ó na línte atá molta don Mheitreo

Imscrúduithe ar Bhóithre

Déantar breithniú ar an tseandálaíocht a chur san áireamh go hiomlán sa phróiseas pleanála do scéimeanna bóithre náisiúnta agus déanann Rannóg Seandálaíochta agus Oidhreachta TII bainistiú díreach uirthi ag féachaint lenár n-oibleagáidí reachtúla a shásamh, ag cloí le dea-chleachtas, costais a rialú, ag cur le soláthar éifeachtúil scéimeanna bóithre náisiúnta agus torthaí ar imscrúduithe seandálaíochta atá cistithe ag TII a scaipeadh.

Tá an Rannóg Seandálaíochta agus Oidhreachta freagrach as impleachtaí seandálaíochta tionscadail bhóithre náisiúnta a bhainistiú. Rialaíonn riachtanais i bhfaomhadh an Bhoird Pleanála an fheidhm bhainistíochta, anuas ar an reachtaíocht chomhshaoil agus séadchomharthaí náisiúnta; ach go háirithe, coinníollacha a chuireann an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta i bhfeidhm maidir le conas a thugtar faoi thochailtí seandálaíochta agus conas a dhéileáiltear le láithreáin agus gnéithe ar thángthas orthu le déanaí. Cuirtear na feidhmeanna bainistíochta seo chun feidhme trí sholáthar agus bainistiú a dhéanann sainchomhairleoirí seandálaíochta agus, sa chás gur cuí, tugann seandálaithe TII go díreach faoi na hoibreacha.

Is é an príomhchuspóir na hoibreacha uile seandálaíochta a chríochnú sula dtosófar an tógáil chun nochtadh na heagraíochta do bhaol a íoslaghdú agus an nochtadh iarmhartach do chostais a íoslaghdú. Baineann seo go háirithe le conarthaí Dearaidh agus Tógála agus le conarthaí Comhpháirtíochta Príobháidí Poiblí.

Is príomhchuspóir freisin é a chinntiú gur féidir an t-ollmhéid eolais a chruthaíonn an obair atá cistithe ag TII a fhíorú a mhéid agus is féidir agus go gcuirtear an t-eolas a ghintear ní hamháin leis an bpróiseas cinnteoireachta agus pleanála tionscadail, ach chomh maith leis sin, go scaiptear an t-eolas seo ar an bpobal i gcoitinne. Cuireann na gníomhaíochtaí seo go mór freisin le feasacht níos mó a chur chun cinn ar an am atá imithe thart i measc pobail áitiúla trína ngabhann na scéimeanna bóithre agus iarnróid éadroim náisiúnta.

Cinntíonn éifeacht charnach na hoibre seandálaíochta faoina dtugtar maidir le bainistíocht scéime, treoir dhea-chleachtais, scaipeadh agus taighde, ní hamháin go gcomhlíonann TII a oibleagáidí reachtúla faoi mar a leagtar síos sa reachtaíocht agus sa bheartas náisiúnta, ach go léiríonn sé freisin tiomantas na heagraíochta do chomhlíonadh bríoch. Déanann na hiarrachtaí seo TII a shuíomh freisin ar thús cadhnaíochta na forbartha agus an chuir i bhfeidhm ar theicneolaíochtaí agus ar theicnící nua imscrúdaithe agus tochailte, a bhaineann tairbhí díreacha amach maidir le héifeachtúlacht ár n-oibre ar an tseandálaíocht ar scéimeanna bóithre agus iarnróid éadroim náisiúnta. Tacaíonn na hoibreacha seo i dteannta a chéile le croíchuspóir na heagraíochta – cur le forbairt inbhuanaithe.

Déantar breithniú ar an tseandálaíocht a chur san áireamh go hiomlán sa phróiseas pleanála do scéimeanna bóithre náisiúnta agus déanann Rannóg Seandálaíochta agus Oidhreachta TII bainistiú díreach uirthi ag féachaint lenár n-oibleagáidí reachtúla a shásamh, ag cloí le dea-chleachtas, costais a rialú, ag cur le soláthar éifeachtúil scéimeanna bóithre náisiúnta agus torthaí ar imscrúduithe seandálaíochta atá cistithe ag TII a scaipeadh.

Tá an Rannóg Seandálaíochta agus Oidhreachta freagrach as impleachtaí seandálaíochta tionscadail bhóithre náisiúnta a bhainistiú. Rialaíonn riachtanais i bhfaomhadh an Bhoird Pleanála an fheidhm bhainistíochta, anuas ar an reachtaíocht chomhshaoil agus séadchomharthaí náisiúnta; ach go háirithe, coinníollacha a chuireann an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta i bhfeidhm maidir le conas a thugtar faoi thochailtí seandálaíochta agus conas a dhéileáiltear le láithreáin agus gnéithe ar thángthas orthu le déanaí. Cuirtear na feidhmeanna bainistíochta seo chun feidhme trí sholáthar agus bainistiú a dhéanann sainchomhairleoirí seandálaíochta agus, sa chás gur cuí, tugann seandálaithe TII go díreach faoi na hoibreacha.

Is é an príomhchuspóir na hoibreacha uile seandálaíochta a chríochnú sula dtosófar an tógáil chun nochtadh na heagraíochta do bhaol a íoslaghdú agus an nochtadh iarmhartach do chostais a íoslaghdú. Baineann seo go háirithe le conarthaí Dearaidh agus Tógála agus le conarthaí Comhpháirtíochta Príobháidí Poiblí.

Is príomhchuspóir freisin é a chinntiú gur féidir an t-ollmhéid eolais a chruthaíonn an obair atá cistithe ag TII a fhíorú a mhéid agus is féidir agus go gcuirtear an t-eolas a ghintear ní hamháin leis an bpróiseas cinnteoireachta agus pleanála tionscadail, ach chomh maith leis sin, go scaiptear an t-eolas seo ar an bpobal i gcoitinne. Cuireann na gníomhaíochtaí seo go mór freisin le feasacht níos mó a chur chun cinn ar an am atá imithe thart i measc pobail áitiúla trína ngabhann na scéimeanna bóithre agus iarnróid éadroim náisiúnta.

Cinntíonn éifeacht charnach na hoibre seandálaíochta faoina dtugtar maidir le bainistíocht scéime, treoir dhea-chleachtais, scaipeadh agus taighde, ní hamháin go gcomhlíonann TII a oibleagáidí reachtúla faoi mar a leagtar síos sa reachtaíocht agus sa bheartas náisiúnta, ach go léiríonn sé freisin tiomantas na heagraíochta do chomhlíonadh bríoch. Déanann na hiarrachtaí seo TII a shuíomh freisin ar thús cadhnaíochta na forbartha agus an chuir i bhfeidhm ar theicneolaíochtaí agus ar theicnící nua imscrúdaithe agus tochailte, a bhaineann tairbhí díreacha amach maidir le héifeachtúlacht ár n-oibre ar an tseandálaíocht ar scéimeanna bóithre agus iarnróid éadroim náisiúnta. Tacaíonn na hoibreacha seo i dteannta a chéile le croíchuspóir na heagraíochta – cur le forbairt inbhuanaithe.

Iniúchtaí Luas agus Meitreo

Rinne an Ghníomhaireacht um Fháil Iarnród agus sainchomhairleoirí seandálaíochta staidéir sheandálaíochta le linn don dá líne Luas a bheith á dtógáil agus sular tosaíodh ar iad a thógáil. 

Ar na láithreáin seandálaíochta ar Líne Dhearg Luas (Líne A) bhí coimpléasc réamhstaire, uaimh thalún Luath-Chríostaí chomh maith le rian de shaol na meánaoise i mBaile an Mhóta i gCo. Bhaile Átha Cliath, agus taisí iarmheánaoise i Sráid na dTramanna, Sráid an Fhionnuisce agus Sráid Uí Chonaill Íochtarach.

Ní bhfuarthas aon láithreán suntasach seandálaíochta ar Líne Ghlas Luas (Líne B). Leis an mhonatóireacht seandálaíochta áfach, nochtadh gnéithe suimiúla amhail ballaí aolchloiche ón iarmheánaois, lintéar cloiche agus clais dramhaíle ar Shráid Stiabhna Thiar chomh maith le híoslaigh agus siléir ghuail ón 18ú agus ón 19ú haois ar Shráid Fhearchair.

I mí Feabhra 2007, d’fhoilsigh an RPA Under the Tracks: a slice through Dublin's past, bileog nuachta seandálaíochta ina bhfuil achoimre ar fhionnachtana seandálaíochta ar Líne Dhearg agus Líne Ghlas Luas. Is féidir teacht ar thuarascálacha teicniúla eile a bhaineann leis an dá líne Luas sa leabharlann Seandálaíochta & Oidhreachta.

Rinneadh roinnt mhaith inúchta seandálaíochta air sular tosaíodh ar a thógáil agus le linn thógáil Luas Choill na Silíní (Líne B1), rud a thug deis dúinn tuiscint bhreise a fháil ar stair an cheantair. I measc na n-oibreacha seandálaíochta a rinneadh bhí suirbhé geofisiceach, réamhthástáil trínse seandálaíochta, tochailt seandálaíochta agus monatóireacht seandálaíochta.

Nocht na hoibreacha seo trí láithreán nua shuntasacha, a bhí aitheanta ag CRDS Ltd. Láithreán áitribh réamhstaire a aithníodh i mBaile Uí Bhraonáin óna bhfuarthas a lán píosaí beaga potadóireachta agus uirlisí cloiche ón Aois Neoiliteach Dhéanach/an Chré-umhaois Luath. I mBaile an Locháin nochtadh láithreán áitribh réamhstairiúil eile ina raibh potadóireacht cosúil leis an bpotadóireacht a fuarthas i mBaile Uí Bhraonáin. Aimsíodh uirlisí cloiche, ar nós urla de cheann tua cloiche agus cloch faobhair bheag freisin. Tá sé le tuiscint ó na dátaí radacarbóin go raibh daoine ina gcónaí ar an láithreán le linn na Cré-umhaoise agus na hIarannaoise freisin. Aithníodh fianaise de ghníomhaíochtaí míleata ón 18ú haois a bhaineann le campa míleata stairiúil atá gar don áit. I mBaile Uí Mhurchú aithníodh cairéal meánaoiseach i bhfogas d’fhothracha Chaisleáin Bhaile Uí Mhurchú. 

Is féidir a thuilleadh a fhoghlaim faoi na fionnachtana seandálaíochta in Bróisiúr Seandálaíochta Luas Choill na Silíní. Is féidir teacht ar na tuarascálacha seandálaíochta agus turascálacha teicniúla eile a bhaineann le Luas Choill na Silíní sa leabharlann Seandálaíochta & Oidhreachta.

Rinne Headland Archaeology Ltd tástáil seandálaíochta réamhthógála ann i Meán Fómhair 2008 ar bhealach Luas Iarthar na Cathrach (Líne A1). Ba í aidhm na tástála a dheimhniú cé acu arbh ann nó nárbh ann do ghnéithe nó do dhéantáin seandálaíochta agus chun clár oibreacha seandálaíochta a fhorbairt a laghdódh ar thionchair dhiúltacha ar iarsmaí seandálaíochta roimh thógáil.

Rinneadh tochailt mheicniúil ar thrínsí líneacha 2m ar leithead agus thart ar 3.4km ar fhaid taobh leis an mbealach molta. Rinneadh an tochailt ar fad faoi mhaoirseacht dhíreach leanúnach seandálaí chleachtaithe (Liam Hackett ó Headland Archaeology Ltd). Nuair a ceapadh go bhféadfadh gné sheandálaíochta a bheith i láthair, cuireadh stop leis an tochailt mheicniúil agus glanadh agus tástáladh de láimh an ghné sin. Níor aithníodh aon ghné ná déantán suntasach seandálaíochta le linn na tástála. Tosaíodh ar na hoibreacha tógála do Luas Iarthar na Cathrach i mí Feabhra 2009 faoi mhonatóireacht Headland Archaeology Ltd. Níor aithníodh aon ghné ná fionnachtan seandálaíochta le linn na n-oibreacha.

Is féidir teacht ar na tuarascálacha seandálaíochta a bhaineann le Luas Iarthar na Cathrach sa leabharlann Seandálaíochta & Oidhreachta. Is féidir a thuilleadh a fhoghlaim faoi oidhreacht seandálaíochta i gcóngar do Luas Iarthar na Cathrach sa bhróisiúr Luas Citywest: an archaeological landscape .

Tá Luas na nDugthailte (Líne C1) i limistéar ar an taobh thuaidh den Life a ndearnadh míntíriú air ó na 1730í ar aghaidh. Úsáideadh an chuid is mó den talamh i gcomhair tionsclaíocht throm, iarnróid agus loingseoireachta ón 18ú - 20ú haois, ach aimsíodh fianaise ann le déanaí go raibh sé in úsáid i bhfad roimhe sin. Le linn tochailtí seandálaíochta a rinneadh mar chuid de thionscadal athnuachana Dhuga Spencer, fuarthas gaistí éisc Méisiliteacha agus Neoiliteacha 150m laisteas den líne nuathógtha Luas. Is iad na gaistí seo, a bhfuil tábhacht idirnáisiúnta leo, na samplaí is sine dá bhfuil dáta curtha leo in Éirinn ná sa Ríocht Aontaithe.

Rinne Foireann Seandálaíochta na Gníomhaireachta um Fháil Iarnród monatóireacht seandálaíochta ar thógáil Luas na nDugthailte idir Márta 2007 agus Aibreán 2008. Níor aithníodh aon ghné ná fionnachtain shuntasach seandálaíochta le linn na n-oibreacha seo. Nochtadh roinnt gnéithe spéisiúla ón iarmheánaois áfach ar nós dúshraitheanna foirgneamh, séaraigh líneáilte le brící agus draein líneáilte le cláir adhmaid, ar tógadh iad ar fad sa 19ú haois.

I gcóngar an fhoirgnimh CHQ nochtadh dúshraitheanna ballaí de chuid foirgneamh a taispeánadh ar léarscáileanna Suirbhéireacht Ordanáis ón 19ú haois agus aithníodh gur siopa tobac agus siopa uisce beatha a bhí iontu. Clúdaíodh arís iad agus fágadh iad mar a bhíodar toisc nach rabhadar ag imirt aon tionchar ar an líne Luas. Chonacthas na séaraigh bhrící seo i roinnt áiteanna ar Shráid an Mhóta Uachtarach agus Íochtarach. I gcásanna áirithe níorbh fholáir briseadh tríd na séaraigh seo agus iad a neartú ionas nach dtitfidís.  Fuarthas an draein de chláir adhmaid agus roinnt sligí glónraithe ón iar-mheánaois agus dhá chois de dhúidíní ar láithreán fostáisiún leictreachais ag Stad Dhuga Spencer.

Is féidir teacht ar an tuarascáil ar an monatóireacht seandálaíochta sa leabharlann Seandálaíochta & Oidhreachta.

I Samhain 2009, rinne McGovern Survey suirbhéireacht staide ar Thobar Phádraig, láithreán seandálaíochta taifeadta ón gcúigiú haois, lonnaithe ar thailte Choláiste na Tríonóide, laistíos den taobh thuaidh de Shráid Thobar Phádraig (Lána Thobar Phádraig mar a bhíodh). An tagairt is luaithe dá bhfuil ann don tobar seo tá sé le fáil i dtéacs Life of St Patrick le Jocelin of Furness ón 12ú haois. Rinne Bardas Bhaile Átha Cliath athchóiriú ar an láithreán i 1731. Corpraíodh torthaí na suirbhéireachta sin sa Ráiteas Tionchair Timpeallachta do Luas Dhroichead Broome.

Rinne Headland Archaeology Ltd in Aibreán 2010 réamhthástáil seandálaíochta ar shuíomh na Canálach agus an Chalafoirt Ríoga inlíonta, ón 18ú haois déanach agus ón 19ú haois luath, sa Chloch Leathan chun treoir a thabhairt maidir le straitéis deartha agus maolaithe don suíomh seo. Aithníodh sa tástáil seandálaíochta suíomh ballaí na canálach agus rud a cheaptar gur cé isteach sa chanáil é. Fuarthas taisí daonna le linn na n-oibreacha ag Faiche an Choláiste. Foilsíodh alt ar an bhfionnachtain seo in Archaeology Ireland in 2014.

Aithníodh póitéinseal seandálaíochta oibreacha an Luas Traschathrach (Líne BXD) sna Measúnachtaí Seandálaíochta ar Chathair Bhaile Átha Cliath (Faiche Stiabhna go Sráid Dhoiminic) agus Cnoc an Bhunreachta (An Chanáil Ríoga: Brainse na Cloiche Leithne agus an Chalafoirt).  Is féidir teacht ar na tuarascálacha seandálaíochta agus turascálacha teicniúla eile a bhaineann leis an Luas Traschathrach sa leabharlann Seandálaíochta & Oidhreachta.

Trí riachtanais mhionsonraithe conartha tá TII ag cur i bhfeidhm na mbeart maolaithe seandálaíochta atá leagtha síos sa Ráiteas Tionchair Timpeallachta, ar ullmhaigh Headland Archaeology Ltd an chuid seandálaíochta de. Go dtí seo rinne Archaeology and Built Heritage Ltd do KN Network Services taifead oidhreachta seandálaíochta ar níos mó ná 380 teach Sheoirseacha mar chuid den chonradh um Iniúchadh agus Cóireáil Siléar. Táthar fós i mbun tuarascálacha ar thorthaí na hoibre a chur i dtoll a chéile. Tá monatóireacht seandálaíochta ar oibreacha corraíola talún á déanamh faoi láthair ag Rubicon Heritage Ltd do GMC Utilities Group mar chuid den chonradh um Oibreacha Fóntais.

Cuirfear bearta maolaithe seandalaíochta breise a aithníodh sa Ráiteas Tionchair Timpeallachta i bhfeidhm le linn do chéim na príomhoibre bonneagair den Luas Traschathrach.

Rinne Target Archaeological Geophysics suirbhé geoifisiceach i Samhain 2008 ar naoi limistéar ar bhealach an Luas idir Bré agus an Fásach Rua (Líne B2). Aithníodh taisí seandálaíochta póitéinsiúla in dhá cheann de na limistéir seo. Ina measc bhí rian ann a mheastar go mb’fhéidir gur foirgneamh é agus fulacht fia i mbaile fearainn Sheanchonach. Is é  is fulacht fia ann ná láthair ar a ndéantaí uisce a théamh i gcomhair rudaí éagsúla ar nós sabhna nó teach allais, do chúraimí an tí amhail cócaireacht, folcadh agus ní éadaí, agus do ghníomhaíochtaí tionsclaíochta amhail oibreacha leathair agus dathú éadaí. Chuirtí clocha arna dtéamh i dtinte isteach i gclais mhór lán d’uisce chun an t-uisce sin a théamh. Baineann  fulachtaí fia de ghnáth leis an ré réamhstaire, an Chré-umhaois go háirithe.

Rinne Irish Archaeological Consultancy Ltd réamhthastáil seandalaíochta i Meán Fómhair 2010 i gcóngar an fhoirgnimh a mheastar a bheith ann agus i gcóngar an  fhulachta fia. Rinneadh an t-iniúchadh seo chun a fháil amach faoi aon tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an líne Luas atá molta ar aon taisí seandálaíochta a aithníodh, agus chun straitéis mhaolaithe chuí a chur le chéile chun aon tionchair dhiúltacha a laghdú agus chun treoir a thabhairt maidir leis an dearadh deireanach. Dhearbhaigh an tástáil a rinneadh nach raibh tábhacht seandálaíochta ag baint leis an bhfoirgneamh féideartha agus gurb é atá ann ná roinnt draenacha talún cuíosach nua a bhí líonta isteach le brící dearga. D’aithin an tástáil seandálaíochta iarsmaí de fhulacht fia laistigh de rian coise na Líne atá molta don Luas.

Is féidir teacht ar na tuarascálacha ar an suirbhé geofisiceach agus an réamhthástáil seandálaíochta sa leabharlann Seandálaíochta & Oidhreachta. Tá próiseas an Mheasúnaithe Tionchair Timpeallachta don Luas idir Bré agus an Fásach Rua curtha ar ceal faoi láthair.

Rinne J M Leigh Surveys suirbhé geofisiceach do Irish Archaeological Consultancy Ltd (IAC Ltd) i mí Feabhra 2010 ar thrí shuíomh, (Limistéir 1-3) laistigh den Bhealach is Dealraithí a Roghnófar do Luas Leamhcáin (Líne F1). Thaispeáin torthaí an tsuirbhé geofisicigh corraíl mhór a tharla b’fhéidir le linn tírdhreachú nua i Limistéar 1 atá in aice le Droichead Eoin. D’fhéadfadh taisí seandálaíochta a bheith ceilte ag an gcorraíl sin. Aithníodh iarsmaí ann arbh fhéidir gur rian de theach ón 19ú haois é a leagadh (Teach Bhaile Eoin) i Limistéar 2 agus teorainn b’fhéidir agus nithe aisteacha eile i Limistéar 3.

Cuirfear tús go luath le próiseas an Mheasúnaithe Tionchair Timpeallachta do Luas Leamhcáin. Ullmhóidh IAC Ltd an chuid seandálaíochta den Ráiteas Tionchair Timpeallachta.

Ullmhaíodh Dréachtstraitéis Seandálaíochta don Mheitreo Thuaidh. Déantar forbairt sa straitéis ar na bearta atá sa Ráiteas Tionchair Timpeallachta don Mheitreo Thuaidh chun tionchair ar an oidhreacht seandálaíochta ón dtionscadal a laghdú agus a chealú. Forbraíodh an straitéis i gcomhairle leis an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil i gcomhréir leis an gCód Cleachtais a aontaíodh idir an Ghníomhaireacht um Fháil Iarnród agus an Roinn.  Sa straitéis pléitear na hoibreacha atá molta don Mheitreo Thuaidh, agus aithnítear go bhfuil sraith de thimpeallachtaí éagsúla ar bhealach an Mheitreo Thuaidh agus leagtar síos bearta maolaithe oiriúnacha do gach limistéar agus do gach céim de na hoibreacha.

Go ginearálta, cuirtear dhá chur chuige seandálaíochta i bhfeidhm ar thimpeallachtaí ‘athfhorbraíochta’ agus do thimpeallachtaí uirbeacha/forbartha don Mheitreo Thuaidh. I gcomhréir le dea-chleachtas, rinneadh an cur chuige bainistithe don iniúchadh seandálaíochta agus don réiteach dá leanann (tochailt seandálaíochta agus taifead agus caomhnú in situ) i limistéir úrnua a chur le chéile agus a sheicheamhú le súil go gcinnteofaí go ndéanfaí stráicí den bhealach, faoi réir rochtain a fháil ar an talamh agus ar an láithreán, a iniúchadh agus a réiteach chomh luath agus is féidir agus sula dtosófar á thógáil más féidir. Sa chur chuige do limistéir uirbeacha/fhorbartha déanfar monatóireacht seandálaíochta ar ghníomhaíochtaí tógála agus réamhthástáil ar thrínsí d’idirghabhálacha móra (e.g. boscaí stoptha). Má tharlaíonn sé go n-aithnítear seandálaíocht ag céim na tógála, cuirfear straitéis mhaolaithe chuí le chéile i gcomhairle leis an Roinn.

Tá roinnt mhaith suirbhéireachta agus iniúctha seandálaíochta déanta cheana féin sula dtosófar ag tógáil taobh leis an mbealach atá molta don Mheitreo Thuaidh. Rinneadh an obair sin chun na tionchair a d’fhéadfadh tionscadal an Mheitreo Thuaidh a imirt ar thaisí seandálaíochta a iniúchadh agus chun cabhrú le straitéis mhaolaithe chuí a fhorbairt.

Rinne an Archaeological Diving Company Ltd suirbhéanna seandálaíochta fo-uisce ar an Life agus críochnaíodh Abhainn Ghabhra agus Abhainn an Bharda i mí na Nollag 2008. Mar chuid den suirbhé ar an Life rinneadh cur síos mion ar thopagrafaíocht ghrinneall na habhann, ar chomhshuíomh an ghrinnill agus ar thimpeallacht na habhann. Tógadh roinnt mhaith próifíleanna freisin, lena ndéantar athruithe topagrafaíochta ar ghrinneall na habhann a léarscáiliú. Níor thángthas ar aon ábhar, struchtúir ná síleagan a raibh tábhacht seandálaíochta leis. Tá roinnt gnéithe stairiúla i limistéar an mheasúnaithe a ndearnadh miontaifead orthu, dhá struchtúr cois cé ón 19ú haois (Cé an Bhúrcaigh agus Cé Éidin), struchtúr droichid ón 18ú haois dhéanach agus ón 19ú haois (Droichead Carlisle/Uí Chonaill) agus sraodbhalla adhmaid ón 19ú haois a bhaineann le Cé an Bhúrcaigh.

Sa mheasúnú ar Abhainn Ghabhra agus ar Abhainn an Bharda rinneadh mionsuirbhé ar Dhroichead Halla an Leasáin agus ar Dhroichead Bhaile Anraí, ar na grinnill ar an mbealach isteach go dtí an dá dhroichead agus ar na láithreáin féin, agus suirbhé ar a mbruacha. Is droichead déréiseach é Droichead Bhaile Anraí agus is droichead cúigréiseach é Droichead Halla an Leasáin a bhfuil cuid dá chreat meánaoiseach fós le feiceáil. De réir thorthaí an mheasúnaithe ar Droichead Halla an Leasáin agus ar Droichead Bhaile Anraí dealraíonn sé gur chuid den struchtúr leanúnach céanna iad a tógadh ar dtús thar chainéil Abhainn Ghabhra agus Abhainn an Bharda, rud a thaispeánann go mb’fhéidir gur ón mheánaois Droichead Bhaile Anraí freisin. Deimhníodh an méid sin níos déanaí le geo-radar agus le réamhthástáil seandálaíochta (féach thíos). Ní bheidh Droichead Halla an Leasáin ná Droichead Bhaile Anraí laistigh de limistéar srianta an Mheitreo Thuaidh anois tar éis don Bhord Pleanála Ordú Iarnróid a bhronnadh i nDeireadh Fómhair 2010 le haghaidh bealach athraithe don Mheitreo Thuaidh nach síneann ach chomh fada le Stad an Inbhir.

Rinne Margaret Gowen & Co. Ltd (MGL) suirbhé leathan geofisiceach feadh bhealach an Mheitreo Thuaidh idir Meitheamh 2008 agus Aibreán 2009. Roghnaíodh 50 láithreán úrnua don suirbhé agus aithníodh trí láithreán seandálaíochta thábhachtacha agus roinnt mhaith torthaí arbh fhéidir gur gnéithe ar scála beag iad amhail claiseanna nó, i gcásanna áirithe, taisí seandálaíochta a ndearna céachta damáiste dóibh. I mBaile Bhéilinn aithníodh dhá imfhálú fhochiorclacha. Aithníodh a lán torthaí a thugann nod dúinn gur chónaigh daoine i gceann amháin díobh agus bhí rian de fhorthithe b’fhéidir soir uaidh. Aithníodh go mb’fhéidir go bhfuil coimpléasc seandálaíochta i mBaile an Fhoraistéaraigh Theas laisteas de Shord. Meastar go mb’fhéidir go bhfuil dhá imfhálú ar a laghad ann, a bhfuil cruth D ar cheann díobh agus cruth ceathairuilleach ar an gceann eile. Rinne Murphy Surveys Ltd suirbhé le geo radar i Halla an Leasáin agus i mBaile Anraí in Aibreán 2009 agus corpraíodh na torthaí mar innéacs sa tuarascáil geofisiceach deiridh. Aithníodh torthaí áirithe sa suirbhé arbh fhéidir go gciallaíonn siad go raibh struchtúr balla leanúnaigh idir Droichead Halla an Leasáin agus Droichead Bhaile Anraí, thar Abhainn Ghabhra agus Abhainn an Bharda.

Chuaigh Headland Archaeology Ltd i mbun clár leathan de réamhthástálacha seandálaíochta i limistéir úrnua feadh an bhealaigh idir 2009 agus 2010. Rinneadh an méid sin chun réimse agus nádúr na láithreán a d’fhéadfadh a bheith ann de réir an Mheasúnaithe Tionchair Timpeallachta agus an tsuirbhé geofisicigh a fháil amach, agus chun aon láithreáin eile a d’fhéadfadh a bheith ann a aithint. Sna tástálacha sin aithníodh fiche láithreán seandálaíochta a d’fhéadfadh a bheith ann a raibh fianaise díobh i dtorthaí an tsuirbhé geofisicigh.

Dheimhnigh na tástálacha go bhfuil láithreáin imfhálaithe i mBaile Bhéilinn, i mBaile an Fhoraistéaraigh Theas agus i mBaile Sruáin, rud a réitigh le torthaí an tsuirbhé geofisicigh. I Halla an Leasáin Beag aithníodh díog fháinneach agus clais chréamtha i limistéar nach ndearnadh suirbhé geofisiceach cheana toisc barraí a bheith ag fás ann agus aithníodh trí chlais chréamtha féideartha eile i mBaile Sruáin. I measc na láithreán eile a aithníodh, bhí roinnt mhaith gnéithe a bhaineann le carn dóite/fulachtaí fia i mBaile Bhéilinn, Páirceanna Bhaile an Mhuilinn, Baile an Fhoraistéaraigh Theas, Baile Sruáin agus Baile Munna. D’úsáidtí na láithreáin seo chun uisce a théamh le haghaidh cúraim éagsúla tí (éadaí a ní) agus le haghaidh gníomhaíochtaí tionsclaíochta (e.g oibreacha leathair). Deimhníonn freisin, an trínseáil i nDiméin Bhaile Anraí, go raibh struchtúr níos sine ann a cheangail Droichead Halla an Leasáin agus Droicheadh Bhaile Anraí, rud a réitíonn leis na torthaí a fuarthas ón suirbhé geo-radar.

Rinneadh monatóireacht seandálaíochta ar 43 ghágthrínse idir Ospidéal an Mater/An Cuarbhóthar Thuaidh ó thuaidh agus Faiche Stiabhna ó dheas ó Bhealtaine go hIúil 2009. Rinneadh na trínsí seo a thochailt chun suíomh, méid agus leibhéal grádáin na seirbhísí ar fad agus na ngnéithe eile, líntéir agus íoslaigh san áireamh. Fuarthas trí ghágthrínse dhéag i gcóngar trí Shéadchomhartha Náisiúnta: Páirc Fhaiche Stiabhna, Dealbh Dhónail Uí Chonaill agus Dealbh Liam Mhic Gabhann Uí Bhriain.

Aithníodh gnéithe/spruadair seandálaíochta iarmheánaoiseacha ar roinnt suíomhanna. I measc na dtaisí a fuarthas bhí síléir de bhrící dearga ar Shráid D’Olier, Sráid Westmoreland agus ar Chearnóg Parnell Thoir, dromchla mortéil agus siúit ghuail de bhrící dearga ar Chearnóg Parnell Thoir agus dromchla miotail ar Shráid D’Olier. Ar Fhaiche Stiabhna, aimsíodh sraith shingil de bhrící dearga arbh fhéidir gur cuid de dhromchla brící é agus siléar ar chruth áirse, chomh maith le roinnt spruadar iarmheánaoiseacha ar cuireadh as dóibh. Aithníodh roinnt spruadar iarmheánaoiseacha i dtrínsí a ndearnadh tochailt orthu ag Dealbh Uí Chonaill, chomh maith le potadóireacht iarmheánaoiseach, agus píosaí breochloiche saothraithe agus cos phíopa ceirmigh tobac. Thángthas ar dhromchla duirleogach agus líntéar cloch agus brící dearga i gcóngar Dhealbh Liam Mhic Gabhann Uí Bhriain.

I gcomhréir le Dréachtstraitéis Seandálaíochta an Mheitreo Thuaidh, is é an chéad chéim eile den obair sheandálaíochta atá le cur ar siúl ná clár tochailte seandálaíochta atá molta do 2011 mar chuid d’oibreacha cumasúcháin don Mheitreo Thuaidh. Mar chuid de sin déanfar tochailt agus taifead iomlán ar na láithreáin a aithnítear le linn réamhthástáil seandálaíochta agus a mbeidh tionchar ag an tionscadal orthu.

Is féidir teacht ar na tuarascálacha a bhaineann leis na hiniúchtaí seandálaíochta agus geofisiceach sa leabharlann Seandálaíochta & Oidhreachta.

 
Tá roinnt na n-imscrúduithe seandálaíochta mar chuid de roimh ré oibríonn le haghaidh Meitreo Thiar. I Meitheamh 2008 rinne Target Archaeological Geophysics suirbhé geofisiceach i gcóngar Thobar Bhríde, Cluain Dolcáin. Seans go raibh traidisiún réamhChríostaí págánach ann an tobar seo a adhradh agus gur tugadh isteach sa traidisiún Críostaíoch é sa tréimhse mheánaoiseach luath. De réir an bhéaloidis d’úsáideadh Naomh Bríd an tobar chun págánaigh a bhaisteadh sa chúigiú haois. Is láithreán tábhachtach oidhreachta cultúrtha é a ndéantar adhradh ann fós. Tá baint aige freisin le reilig leanaí a taifeadadh i bhfoinsí litríochta agus cuimhne go háitiúil fós air. Rinneadh an suirbhé geofisiceach chun a fháil amach, dá mb’fhéidir é, cá bhfuil an talamh reilige go díreach agus chun comhairliúchán poiblí agus dearadh ar an suíomh a éascú (i.e. ionas nach mbainfí dó); ní bhfuarthas aon torthaí cinnte ón suirbhé áfach.

I Meitheamh 2009 rinne Headland Archaeology Ltd réamhthástáil seandálaíochta ar bhaile fearainn Merryfalls chun treoir a fháil maidir le dearadh deiridh an iosta atá beartaithe don Mheitreo Thiar. Aithníodh sna tástálacha sin iarsmaí struchtúir ón 18ú/19ú haois luath, a aithníodh cheana gurb é an ‘Mad House’ ar léarscáil 1816 Taylor. Sa bhreis air sin cuireadh clár suirbhéanna geofisiceacha ar bun ag 64 suíomh feadh bhealach an Mheitreo Thiar i nDeireadh Fómhair agus Samhain 2009. Tugann an suirbhé sin le fios go bhfuil trí shuíomh ann ar a bhféadfadh gníomhaíocht lonnaíochta a bheith orthu tráth ag Cill Dónáin, Merryfalls agus Saileog. Rinne Irish Archaeological Consultancy tástáil seandálaíochta orthusan ag deireadh 2010 chun eolas a fháil ar nádúr agus ar mhéid na láithreán seo.

D’aithin an tástáil i gCill Dónáin iarsmaí d’imfhálú fodhronuilleogach agus dhá áith arbhair díreach ar an taobh theas den imfhálú. Bhí claí timpeall ar an imhfhálú arbh fhéidir gur bhain sé  le sonnach, a fhianaise sin an dá lorg cuaille ar dhá thaobh an chlaí. Seans gur ón tréimhse luathmheánaoiseach iad agus gur tógadh ag an am céanna iad. In Éirínn bhí dhá fheidhm leis na háithí seo, an t-arbhar a thriomú agus a chruachan sula ndéantaí é a mheilt.

Aithníodh le linn na dtástálacha seandálaíochta i Merryfalls rianta d’imfhálú ciorclach, a mheastar gur lios é, ceann de na cineálacha lonnaíochta ba choitianta le linn na meánaoise luaithe. Thógtaí go minic iad chun áitribh feirme a chosaint, limistéar cónaithe taobh istigh díobh le claí agus múr imfhálaithe timpeall orthu. Sna tástálacha i Saileog aithníodh imfhálú fodhronuilleogach nach bhfuil dáta curtha leis go fóill. Toisc a ghaire atá an láithreán seo don lios a d’fhéadfadh a bheith i Saileog agus córas páirceanna meánaoiseach meastar go mb’fhéidir gur ón tréimhse mheánaoiseach nó luathmheánaoiseach é.

Is féidir teacht ar na tuarascálacha ar chláir an tsuirbhé geofisicigh agus na réamhthástála seandálaíochta sa leabharlann Seandálaíochta & Oidhreachta.

Má fhaightear cead don scéim cuirfear i bhfeidhm bearta maolaithe seandálaíochta atá sonraithe sa Ráiteas Tionchair Timpeallachta, ar ullmhaigh an Ghníomhaireacht um Fháil Iarnród an ghné seandálaíochta de, le linn céimeanna réamhthógála, cumasúcháin agus na príomhoibre bonneagair don Mheitreo Thiar.