Foilseacháin

Cover of book entitled The Science of a Lost Medieval Gaelic Graveyard

Sraith Oidhreachta TII

(ISSN 2009-8480)

Tá mar aidhm ag Sraith Oidhreachta TII torthaí oibreacha a chistigh TII a bhaineann le hoidhreacht seandálaíochta, ailtireachta, chultúrtha agus nádúrtha a thaispeáint. Foilsíodh imleabhar tionscnaimh na sraithe nua spreagúla seo, Illustrating the Past, i Lúnasa 2015. Cuireann foilsiú The Science of a Lost Medieval Gaelic Graveyard: the Ballyhanna Research Project (Oidhreacht 2 TII) ag deireadh 2015 níos mó lenár gclár uaillmhianach foilseachán.

Front cover of Through the Lands of the Auteri and St Jarlath

Sraith Monagraif Scéime an NRA

(ISSN 2009-0471)

Seoladh sraith Monagraif Scéime an NRA i Nollaig 2007. Sonraítear sna monagraif seo na torthaí ar na rudaí ar thángthas orthu agus ar thochailt seandálaíochta feadh scéimeanna sonracha bóithre náisiúnta. Gabhann CD-ROM le gach imleabhar, go ginearálta, ina gcuimsítear na tuairiscí deiridh tochailte agus na saintuairiscí. Foilsíodh Through the Lands of the Auteri and St Jarlath, an 17ú monagraf agus an ceann deiridh sa tsraith, in Iúil 2015.

Cover of book entitled Fragments of Lives Past

An tSraith Monagraf Seandálaíocht agus an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta

(ISSN 1649-3540)

Thosaigh an NRA an tSraith Monagraf Seandálaíocht agus an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta in 2003 leis na páipéir a tugadh ag a Sheimineáir Náisiúnta Seandálaíochta a fhoilsiú. Scríobhtar na monagraif i stíl neamhfhoirmiúil saor ó bhéarlagair agus tá roinnt mhaith léaráidí datha iontu. Foilsíodh Fragments of Lives Past, an 11ú monagraf agus an ceann deiridh sa tsraith, i Lúnasa 2014.

Cover of book entitled Woodstown: a Viking-Age settlement in Co. Waterford

Foilseacháin Ghaolmhara

Is minic go mbíonn torthaí ar thochailtí seandálaíochta a chistigh TII i dtréimhseacháin a d’fhoilsigh cumainn staire áitiúla agus seandálaíochta ar fud na tíre. Anuas ar thacú leis an saghas seo scaipthe, comhchistíonn TII leabhair a tháirgeann foilsitheoirí eile agus comhfhoilsíonn sé ábhar le comhpháirtithe údaráis áitiúil ó thráth go chéile. Aimsigh níos mó eolais.

 

Anuas ar thacú leis an saghas seo scaipthe, chomhchistigh TII leabhair a tháirgeann foilsitheoirí eile agus chomhfhoilsigh sé ábhar le comhpháirtithe údaráis áitiúil. Aimsigh níos mó eolais.