Foilseacháin Ghaolmhara

Tréimhseacháin agus foilseacháin ghearra

Is minic go mbíonn torthaí ar thochailtí seandálaíochta a chistigh TII i dtréimhseacháin a d’fhoilsigh cumainn staire áitiúla agus seandálaíochta, institiúidí gairmiúla, agus foilsitheoirí tráchtála ar fud na tíre agus ar fud na hEorpa. Foilsíodh ó 2000 breis agus aon chéad alt agus páipéar a bhaineann le himscrúduithe seandálaíochta TII in irisleabhair agus irisí éagsúla. Anuas air sin, foilsíodh páipéir iomadúla in imeachtaí comhdhála, etc. Is féidir liosta iomlán de na foilseacháin seo – a nuashonraíodh an uair dheireanach i Nollaig 2022 – a íoslódáil (i bhformáid Excel) anseo.

Leabhair

Anuas ar thacú le scaipeadh trí irisleabhair agus irisí, comhchistíonn TII leabhair a tháirgeann foilsitheoirí eile agus comhfhoilsíonn sé ábhar le comhpháirtithe údaráis áitiúil ó thráth go chéile. Liostaítear na leabhair seo thíos, agus cuirtear eolas ar fáil faoina gceannach, sa chás gurb iomchuí.

Cover of book entitled Life and Death in Medieval Gaelic Ireland

Life and Death in Medieval Gaelic Ireland: the skeletons from Ballyhanna, Co. Donegal

(ISBN 978-1-84682-330-5)

Rinneadh tochailt seandálaíochta in 2003 ar iarsmaí cnámharlaigh thart ar 1,300 duine – fir, mná agus leanaí – ag Baile Sheanaidh, i ngar do Bhéal Átha Seanaidh, Contae Dhún na nGall sular tógadh Seachbhóthar an N15 idir Bun Dobhráin agus Béal Átha Seanaidh. Tugann dátú radacarbóin le fios go raibh an reilig á húsáid ar feadh tréimhse fhada ama ón seachtú go dtí an 17ú haois. Rinneadh anailís mhionsonraithe oisté-eolaíoch agus phailéapaiteolaíoch ar iarsmaí na ndaoine go léir mar chuid de Thionscadal Taighde Bhaile Sheanaidh – tionscadal comhoibritheach trasteorann idir Ollscoil na Banríona, Béal Feirste agus an Institiúid Teicneolaíochta, Sligeach, a chistigh TII trí Chomhairle Contae Dhún na nGall. Déantar comhthéacsú in Life and Death in Medieval Gaelic Ireland, leis an Dr Catriona McKenzie agus an tOllamh Eileen Murphy, ar thorthaí an taighde, ina nochtar saibhreas eolais a bhaineann le sláinte, cothú agus stíl mhaireachtála na ndaoine a cuireadh ag Baile Sheanaidh. Léirítear san anailís an chéad staidéar cuimsitheach ar dhaonra cnámharlaigh ón tréimhse Ghaelach sa mheánaois in Éirinn agus cuirtear léargas mionsonraithe ar fáil ann a bhaineann leis an aicme níos ísle den tsochaí Ghaelach nach raibh ach fíorbheagán eolais fúthu go dtí seo. D’fhoilsigh Four Courts Press an leabhar i nDeireadh Fómhair 2018.

B’fhéidir gur spéis le léitheoirí chomh maith The Science of a Lost Medieval Gaelic Graveyard: the Ballyhanna Research Project (a d’fhoilsigh TII i mí na Nollag 2015), ina dtugtar le chéile na snáitheanna éagsúla taighde le léargas ginearálta cuimsitheach a chruthú den reilig agus de bheatha agus d’aimsir na ndaoine a cuireadh ansin. Is féidir teacht ar ailt agus ar pháipéir bhreise freisin a bhaineann leis an tionscadal anseo.

Éist le closleabhar Abarta Heritage a bhaineann leis an suíomh ag Baile Sheanaidh.

Cover of book entitled Woodstown: A Viking-Age settlement in Co. Waterford

Woodstown: a Viking-Age settlement in Co. Waterford

(ISBN 978-1-84682-536-1) CURRENTLY OUT OF PRINT

Rinne Ian Russell agus Maurice F Hurley Woodstown: a Viking-Age settlement in Co. Waterford a chur in eagar agus is é an tuairisc údarásach ar na tochailtí seandálaíochta faoinar tugadh ag lonnaíocht Lochlannach ón naoú haois ag Baile na Coille, ar bhruach theas Abhainn na Súire, níos lú ná 10 km suas an abhainn ó Chathair Phort Láirge. Tá impleachtaí an-suntasacha ag an suíomh thar a bheith tábhachtach seo a aimsíodh in 2003, sular tógadh Seachbhóthar Chathair Phort Láirge an N25, i leith an tuiscint atá againn ar na céimeanna is luaithe de chreachadh na Lochlannach in Éirinn agus ar bhunú a lonnaíochtaí ar an oileán. Is cosúil go bhfuil an chuid is mó agus lárnach de shuíomh Bhaile na Coille dírithe ar dhá imfhálú theorantacha D-chruthacha a ngabhann claíocha thart orthu. Bhí gníomhaíochtaí baile, tionsclaíocha agus saothair cheardaíochta i gceist leis an áitíocht agus rinneadh lárionad tábhachtach den suíomh i leith trádála agus babhtála, agus bhí go leor leor fianaise ann go raibh geilleagar trádála forbartha ann. Tá an suíomh suntasach chomh maith mar gheall go raibh ceann de na hadhlacthaí Lochlannach ba mhaisiúla in Éirinn nó sa Bhreatain Mhór ann.

Dúirt an seandálaí an Dr David Griffiths le hOllscoil Oxford go raibh na hiarsmaí a aimsíodh ag Baile na Coille geall le ‘garsprioc i seandálaíocht Lochlannach na hEorpa agus go bhféadfaí a mhaíomh gurbh iad na hiarsmaí aonair ba thábhachtaí a aimsíodh ó ‘borradh tógála’ na tréimhse deich mbliana ó 2000 go 2010. Tugtar le chéile sa leabhar an fhianaise go léir ón taighde agus na tochailtí a rinneadh le déanaí ag an suíomh tábhachtach Lochlannach seo agus déantar í a shuíomh ina gcomhthéacsanna náisiúnta agus idirnáisiúnta. D’eascair Baile na Coille as comhpháirtíocht idir an NRA (TII anois) agus an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, agus Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge. D’fhoilsigh Four Courts Press é i nDeireadh Fómhair 2014.

Is féidir teacht ar leagan PDF de leabhar Bhaile na Coille trí Bhailiúcháin Dhigiteacha Oidhreachta TII

Éist le closleabhar Abarta Heritage a bhaineann le Baile na Coille.

 

Cover of book entitled Settlement and Community in the Fir Tulach Kingdom

Settlement and Community in the Fir Tulach Kingdom

(ISBN 978-0-9564180-9-8) CURRENTLY OUT OF PRINT

Rinne an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta agus Comhairle Contae na hIarmhí comhfhoilsiú ar Settlement and Community in the Fir Tulach Kingdom, le Paul Stevens agus John Channing, i Samhain 2012. Déantar cur síos sa leabhar ar thrí thochailt thábhachtacha – ag Diméin Rochfort, Baile an Ghaill Mhóir agus Cluain Fada – ar bhealaí an M6 agus an N52 i gContae na hIarmhí, a thrasnaíonn críoch luath meánaoiseach an bhFear Tulach (nó ‘Fir na gCnoc’), atá suite go cluthar i gcroílár cheantar lár tíre na hÉireann. Sholáthair Diméin Rochfort léargas an-spéisiúil ar lonnaíocht iata (lios) a forbraíodh. Nochtar bailiúchán dochreidte breis agus 1,000 adhlacadh ón meánaois luath go dtí an mheánaois dhéanach laistigh de dhaonra a bhí áitiúil agus ina dhaonra talúntais den chuid ba mhó ag Baile an Ghaill Mhóir. Ar deireadh, cuireadh ardleibhéal d’ealaín agus de thionscal ar fáil a bhuíochas leis an bpobal mainistreach ag Cluain Fada, ar tháinig fianaise uathúil chun solais dá bharr i leith clog láimhe prásáilte iarainn. Déantar cur síos aonair ar na tochailtí agus soláthraítear léaráidí díobh go mionsonraithe sa leabhar seo, agus cuirtear léirmhíniú, plé agus anailís iomlán ar fáil ar an gcúlra seandálaíochta, stairiúil, eolaíochta agus timpeallachta sa chomhthéacs níos fairsinge luath-mheánaoiseach. Gabhann CD leis an leabhar ina bhfuil dhá chaibidil bhreise eolaíochta agus theicniúla ar an mbailiúchán mór taisí daonna agus ar an anailís an-tábhachtach mhiotalóireachta a rinneadh.

A low-resolution PDF version of the book can be accessed by clicking the Read Online button below. The PDF also includes appendices 1–3, the Clonfad geophysical survey report, and a technical chapter on the antler and bone artefacts from all three sites, which were originally contained on the CD that accompanied the hardcopy book. The excavation reports for all three sites can be viewed and downloaded from the TII Digital Heritage Collections at the following links: Ballykilmore 6 Vol. 1, Vol. 2 and Vol. 3; Clonfad 3 Vol. 1, Vol. 2, Plates and Figures; and Rochfort Demesne.

Cover of book entitled Archaeological Excavations at Tullahedy, County Tipperary

Archaeological Excavations at Tullahedy, County Tipperary

(ISBN: 978-1-8488913-3-3)

Tugadh faoin imscrúdú seandálaíochta seo sular tógadh nasc idir bóithre an N7 agus an N52, agus nochtadh ann lonnaíocht iata Neoiliteach ag Tulach Éide, i ngar don Aonach, Contae Thiobraid Árann. Bhí an suíomh lonnaithe ar eiscir ar ar thit gníomhaíocht Neoiliteach amach idir 3670 BC agus 3460 BC. Bhí trí theach Neoiliteacha sa suíomh, a raibh dhá cheann suite i logán nádúrtha agus bhí an tríú ceann cois locha nach bhfuil ann a thuilleadh. Tá an t-imleabhar seo maisithe go galánta agus cuirtear na torthaí ar fáil ann ar bhealach mealltach agus cuimsitheach. D’fhoilsigh The Collins Press Archaeological Excavations at Tullahedy, County Tipperary: Neolithic Settlement in North Munster, le Rose M Cleary agus Hilary Kelleher in 2011.

Cover of book entitled Training and Practice for Modern Day Archaeologists

Training and Practice for Modern Day Archaeologists

(ISBN 978-1-4614-5529-5)

Tá páipéir in Training and Practice for Modern Day Archaeologists sa tsraith One World Archaeology ina gcuirtear i láthair peirspictíochtaí comhaimseartha ar chleachtas gairmiúil na seandálaíochta ar fud na cruinne. Ba é bunús an leabhair cruinniú an-rathúil na Comhdhála Seandálaíochta Domhanda i mBaile Átha Cliath in 2008. Rinne an NRA (TII anois) urraíocht ar an WAC-6 agus chabhraigh sé le hé a eagrú agus tháinig na páipéir san imleabhar seo ó thrí sheisiún a tionóladh ag an gcomhdháil. Cuirtear i láthair sna páipéir san imleabhar cás-staidéir ó thíortha Eorpacha, an Astráil, SAM agus Ceanada. Dírítear i seacht bpáipéar ar théamaí Éireannacha, a mbaineann trí cinn díobh le hobair an NRA. D’fhoilsigh Springer Training and Practice for Modern Day Archaeologists, a chuir John H Jameson (an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta, SAM) agus James Eogan (Seandálaíocht agus Oidhreacht TII) in eagar, in Eanáir 2013 agus tá sé ar fáil mar Ríomhleabhar agus i gcruachóip.