Sraith Oidhreachta TII

Conas teacht air

Lorgaíonn TII inrochtaineacht a fheabhsú ar Shraith Oidhreachta TII, agus is féidir ár leabhair is déanaí a léamh ar líne, dá bharr, mar PDFanna, agus is féidir leaganacha EPUB a íoslódáil chuig do léitheoir (féach na naisc thíos). Má bhíonn aon cheisteanna agat maidir lenár leaganacha PDF nó EPUB, déan teagmháil, le do thoil, le archaeology@tii.ie.

Conas iad a Cheannach

Tá na leabhair go léir a liostaítear thíos ar fáil i siopaí leabhar nó go díreach ó Wordwell Books (is féidir ordú ar líne: www.wordwellbooks.com; ríomhphost: office@wordwellbooks.com nó cuir glao gutháin ar: +353 1 2933568) ar chostas €25 nó níos lú.

Places for the Living, Places for the Dead: archaeological discoveries on the N25 New Ross Bypass

(ISBN 978-1-911633-38-9)

The medieval town of New Ross was founded in the early 13th century by Isabella de Clare and William Marshal. It was strategically located at the lowest bridging point on the River Barrow. By the early 21st century the historic town and its bridge were regularly clogged by traffic. The New Ross Bypass was developed to relieve traffic congestion and to improve the urban environment. Over almost two decades, during the design phases for the bypass and prior to and during construction, a programme of systematic archaeological surveys and excavations were carried out. This led to the discovery of almost 40 previously undocumented archaeological sites along the route of the bypass in counties Kilkenny and Wexford.

Alongside detailed reports on the results of eight key excavations, this book provides an overview of the archaeology of this region and shows how the remains uncovered on the bypass route deepen our understanding of human activity in the lower Barrow Valley over almost nine millennia. Chapters written by experts in their fields consider different topics and periods in greater detail. Including, the palaeoenvironmental background of the sites uncovered, the nature and range of evidence for the first farmers and early metal-using societies in the region, the impact of Anglo-Norman colonisation and the establishment of a feudal economy in the area, and the evidence for effects of post-medieval and early modern landlordism on the landscape.

The book is richly illustrated with more than 140 photographs, plans and drawings, and includes eight specially commissioned artistic visualisations.

 

Front cover of book entitled The Forgotten Cemetery: excavations at Ranelagh, Co. Roscommon

The Forgotten Cemetery: excavations at Ranelagh, Co. Roscommon

(ISBN 978-1-911633-34-1)

Nocht seandálaithe i samhradh 2015 iarsmaí de lios nach raibh taifead air roimhe seo i mbaile fearainn Ranelagh, fad gearr lastuaidh de Bhaile Ros Comáin. I rith na bliana ina dhiaidh sin, nochtadh i dtochailtí láithreán a ghabhann siar go dtí an ceathrú haois mar áitreabh feirme simplí cosanta, ach ar tháinig fairsingiú suntasach agus athrú béime air leis na céadta blianta ar aon dul le riachtanais a chónaitheoirí. D’fheidhmigh an t-imfhálú freisin i rith na tréimhse seo, agus ina dhiaidh, mar reilig do na daoine seo agus dá dteaghlach sínte. Seo an iontráil is déanaí i Sraith Oidhreachta TII – a úsáideann modhanna léirmhínitheacha traidisiúnta agus na torthaí ar theicnící anailíse eolaíochta nuálacha – agus insítear inti ní hamháin scéal láithreán Ranelagh, ach scéal a chónaitheoirí mar ghrúpa, agus mar dhaoine aonair. Nochtar i dteicnící cosúil le DNA Ársa (aDNA) agus anailís iseatópach sonraí nach bhféadfadh le modhanna níos traidisiúnta súil a bheith lena mbaint amach leo féin: idir cúlraí géiniteacha a thugann ceangail chultúrtha fhorleathana le fios, agus an caidreamh teaghlaigh idir daoine aonair a cuireadh in adhlacthaí beirte.

Is annamh a chruthaíonn aon láithreán amháin íomhá chomh cuimsitheach seo de chomhdhéanamh sochaíoch luath-mheánaoiseach agus meánaoiseach. Rinneadh sonraí maidir le cothú agus cleachtais feirmeoireachta, sláinte phearsanta, toircheas agus cúram leanaí, cóir leighis a chur ar dhaoine aosta agus breoite, an pobal agus inimirce, déantán a dhéantúsú agus tionscal éadrom, agus caillteanas pearsanta agus cleachtas adhlactha go léir a nochtadh. I mbeagán focal, cuirtear peirspictíocht ar fáil i suíomh Ranelagh, ar a laghad, ar réadúlacht bhunúsach na beatha agus an bháis in Éirinn ag an tráth seo.

*** Buaiteoir an dara duais ag Dámhachtain Oidhreachta Áitiúla Nilsson ag Seachtain Scríbhneoirí Lios Tuathail 2023 ***

*** CBA Archaeological Achievement Award 2023 Shortlist ***

*** Nominee Current Archaeology 2024 Book of the Year

*** To cast your vote https://archaeology.co.uk/vote ***

 

 

Please click here to download the accessible EPUB of this book.

Visit the Abarta Heritage StoryMap related to The Forgotten Cemetery.

Front cover of book entitled The Road to Kells

The Road to Kells: prehistoric archaeology of the M3 Navan to Kells and N52 Kells Bypass road project

(ISBN 978-1-911633-26-6)

Sa dara teideal déag seo i sraith Oidhreachta TII, le Fintan Walsh, tiocfaimid ar ‘Leabhar Cheanannais’ eile. Déantar taifeadadh ann seo ar réamhstair fhada Cheanannais agus a chúlchríoch, a scríobhadh ar an tírdhreach i dtrinsí bunsraithe agus i gclaíocha teorann, claiseanna, loirg chuaille, teallaigh agus in iliomad loirg eile ársa den bheatha dhaonna a aimsíodh agus a cuireadh i dtaifead feadh bhealach M3 idir an Uaimh agus Ceanannas agus thionscadal bóthair Sheachbhóthar Cheanannais an N52. Tosaítear an scéal leis na fiagaithe cnuasaitheoirí Méisiliteacha, a rinne foráiste i dtírdhreach foraoise cianaosta, agus d’fhág siad rianta de láthair champála ar dhroim gairbhéil in Cakestown Glebe, cois na hAbhann Duibhe. Leantar leis an scéal, caibidil ar chaibidil, ar feadh breis agus thart ar 5,000 bliain, agus áiteanna cónaithe, reiligí, obair agus adhradh na bpobal Neoiliteach, Cré-umhaoise agus Iarannaoise á gcur i gcuntas. Tugann sé sinn, ar deireadh, go tairseach na staire, san idirthréimhse idir an Iarannaois agus an mheánaois luath, áit a gcasaimid leis na hoibrithe talmhaíochta ar an talamh churaíochta i gCill Mhaighneann, agus na háitheanna triomaithe arbhair á gcoigilt acu a sholáthródh fómhar breise gráin dóibh don gheimhreadh. Níorbh é Ceanannas go fóill suíochán mainistreach cáiliúla ag an tráth sin ach bhí áit lárnach déanta de cheana féin sa réigiún, agus bhí príomháit treibhe ag Commons of Lloyd, ar an gcnoc a fhéachann amach ar an mbaile inniu.


Please click here to download the accessible EPUB of this book.

Cover of book entitled Between the Meadows: the archaeology of Edercloon on the N4 Dromod-Roosky Bypass

Between the Meadows: the archaeology of Edercloon on the N4 Dromod–Roosky Bypass

(ISBN 978-1-911633-30-3)

Thug an lucht seandálaíochta suntas i dtosach don phortach i mbaile fearainn Eadarchluana, Contae an Longfoirt, in 1964, nuair a tháinig feirmeoir áitiúil ar tua chloiche réamhstairiúil ar a raibh cuid dá bhunhanla adhmaid. Thángthas, daichead a dó bliain dá éis sin, i rith tochailtí tástála sular tógadh Seachbhóthar an N4 idir Dromad agus Rúscaigh, ar rúin bhreise ársa i móin chaomhnaithe Eadarchluana i bhfoirm gréasán mór cosáin adhmaid agus go leor déantán. Bhí an dealramh air go raibh seo ar cheann de na coimpléisc sheandálaíochta ab iontaí a tochlaíodh riamh i mbogaigh na hÉireann..

Gabhann fianaise i leith gníomhaíocht dhaonna ag Eadarchluain siar beagnach 6,000 bliain, nuair a leagadh an chéad chosán cúng de ghéaga agus de chipíní síos ar dhromchla an phortaigh fhliuch. Leanfaí den chleachtas seo ar feadh ceithre mhíle bliain de réir mar a tógadh struchtúir bhreise agus caitheadh blúirí de rothaí, sleánna, agus soithigh ina measc. Ní bhaineann scéal Eadarchluana amháin leis na suíomhanna agus na hearraí a bhí fágtha sa mhóin, is cuntas atá ann freisin ar thírdhreach a bhí ag teacht chun cinn. Rinneadh sainstaidéir phailéithimpeallachta ar luaithreach bolcánach, pailin ársa, orgánaigh mhicreascópacha, bailiú domhain móna, sciatháin chiaróige, agus adhmad na gcosán féin. Feabhsaíonn agus míníonn a dtorthaí go leor faoin scéal seandálaíochta a insíonn an t-údar Caitríona Moore Between the Meadows – coimpléasc deasghnátha bogaigh a d’fhéadfadh a bheith uathúil ar dhírigh gníomhaíocht mharthanach air leis na mílte blianta anuas.

‘Leabhar iontach faoi sheandálaíocht dhochreidte. Cuireadh le chéile go galánta é, rinneadh é a mhaisiú go hálainn, agus baineadh léirthuiscint shaineolach as. Príomhfhoilseachán don obair uile amach anseo.’

An tOllamh Aidan O’Sullivan, Scoil Seandálaíochta UCD

 


Please click here to download the accessible EPUB of this book.

Listen to the Abarta Heritage audiobook related to Between the Meadows.

Cover of book entitled Around the Bay of Dundalk: archaeological investigations along the route of the M1 Dundalk Western Bypass

Around the Bay of Dundalk: archaeological investigations along the route of the M1 Dundalk Western Bypass

(ISBN 978-1-911633-21-1)

Fiosraímid athuair i ngach leabhar i sraith Oidhreachta TII an acmhainn atá ag tírdhreach na hÉireann deiseanna a thabhairt dúinn casadh le daoine ón am atá imithe tharainn, ó chiantréimhsí, agus ó shaol nach raibh cosúil lenár saol féin ach chomh beag. Is álainn an leabhar Around the Bay of Dundalk, le Shane Delaney, David Bayley agus Jim McKeon. Tá galántacht agus éagsúlacht ag tírdhreach an ama atá imithe thart anseo nach dtagtar orthu go minic in aon tionscadal seandálaíochta amháin. Ar na buaicphointí i measc na 34 suíomh seandálaíochta a tochlaíodh, tá suíomh searmanais Neoiliteach ag Baile Uí Réigín, reilig ilghnéitheach ón gCré-umhaois ag an gCarn Mór, lonnaíocht reilige ón meánaois luath ag Baile Uiginn, uaimheanna talún a tógadh go hálainn ag Baile Nua Dealgan agus ag an Táite Íochtarach, agus caisleán créfoirt Angla-Normannach ar Chnoc an Dúin.


Please click here to download the accessible EPUB of this book.

Listen to the Abarta Heritage audiobook related to Around the Bay of Dundalk.

Front cover of book entitled In the Vale of Tralee

In the Vale of Tralee: the archaeology of the N22 Tralee Bypass

(ISBN 978-1-911633-19-8) CURRENTLY OUT OF PRINT

Ó bhunchnoic Chnoc an Stacaigh go Gleann na Laoi, trasnaíonn Seachbhóthar Thrá Lí an N22 tírdhreach saibhir cultúrtha. Ghlac an Laoi le ról lárnach i stair dhaonna an cheantair seo ón gcéad uair a chas na chéad fhiagaithe cnuasaitheoirí a mbáid suas an abhainn leis an ngleann a thaiscéaladh. Casaimid sa leabhar seo, a chuir Patricia Long, Paul O’Keeffe agus Isabel Bennett in eagar, le sinsear fear, ban agus leanaí a chónaigh sa ghleann abhann i rith na 6,000 bliain ina dhiaidh sin. Ina measc tá na feirmeoirí ceannródaíocha a thóg ceann de na chéad tithe sa réigiún sa Mhainéar Thoir, agus an pobal réamhstairiúil a thóg ascaill searmanais de chuaillí adhmaid i mBaile an Ghabhann. Casaimid le daoine a bhí i láthair nuair a tháinig na chéad ghaibhneoirí go dtí Gleann na Laoi, agus caithfimid súil ar an mbealach a d’fhág siad slán lena mairbh. Trasnaímid tairseacha áiteanna cónaithe umhla a bhí i gCnoc an Mhadra agus i mBaile an Ghabhann ag tosach na Críostaíochta in Éirinn, agus cuirfimid deireadh lenár n-aistear le teachíní tréigthe Lios Mór sa 19ú haois.

Idir na hiarsmaí adhmaid, gualaigh agus planda a aimsíodh sna tochailtí, rianaímid conas a d’athraigh cúlchríoch Thrá Lí leis na mílte bliain anuas de réir mar a greanadh páirceanna ón gcoillearnach thiubh iaroighreach, tugaimid na hiarrachtaí faoi deara a rinne glúnta níos déanaí chun an talamh a fheabhsú agus a iamh sa bhreacachan páirceanna agus fálta sceach a fheicimid inniu.


Please click here to download the accessible EPUB of this book.

Listen to the Abarta Heritage audiobook related to In the Vale of Tralee.

Front cover of book entitled A Moycullen Miscellany

A Moycullen Miscellany: history, architecture and the archaeology of the N59 Moycullen Bypass

(ISBN 978-1-911633-17-4)

Tugtar le chéile in A Moycullen Miscellany, le Jerry O’Sullivan, Shane Delaney, Carlos Chique agus Karen Molloy, go leor snáitheanna i scéal faoi shráidbhaile mealltach ag a bhfuil stair ilghnéitheach chomh maith le meascán sásúil d’ailtireacht shean agus nua. Tá an sráidbhaile suite idir imchuach torthúil aolchloiche Loch Coirib agus tír ardtalún eibhir Chonamara. Sainaithníodh i dtochailtí seandálaíochta ar Sheachbhóthar Mhaigh Cuilinn an N59 fianaise nua i leith lonnaíocht réamhstairiúil agus luath-mheánaoiseach sa tírdhreach seo, na chéad fheirmeoirí Neoiliteacha san áireamh. Comhthacaíonn pailin iontaise ó phortach móna áitiúil leis an bhfianaise seo, ina gcuirtear i dtaifead fás chun cinn agus cúlú coillearnaí de réir mar a ghlan pobail dhaonna i ndiaidh a chéile an talamh ar mhaithe le curaíocht agus féarach i rith na réamhstaire. Thóg gabhálaithe Angla-Normannacha caisleán agus séipéal sa mheánaois i ngar don loch, ach géilleadh a mainéar, Gnó Beg (ainm ársa ar Mhaigh Cuilinn), ina dhiaidh sin do mhuintir Uí Fhlatharta, tiarnaí Gaelacha meánaoiseacha Chonamara. Faoin nua-aois luath, bhí an talamh ab fhearr á háitiú ag úinéirí móra talún agus ag a dtithe móra, agus chónaigh a dtionóntaí i gcábáin bhraislithe ar na fánaí sceirdiúla cnoic. Thosaigh an sráidbhaile nua-aimseartha ag forbairt timpeall ar chrosaire ó na 1830idí a chruthaigh Alexander Nimmo nuair a rinne sé bóthar nua a leagan ó Chuan na Gaillimhe go Loch Coirib. Cé go leanann an sráidbhaile ag fás, tá an crosaire go fóill i gcroílár an tsráidbhaile.


Please click here to download the accessible EPUB of this book.

Front cover of book entitled Hidden Voices

Hidden Voices: the archaeology of the M8 Fermoy–Mitchelstown motorway

(ISBN 978-1-911633-15-0)

Tá scéal le hinsint ag gach áit ach, le himeacht ama, ní dhéantar gach scéal a chaomhnú. Tugann an tseandálaíocht a aimsíodh a chuirtear i láthair sa leabhar seo an deis nach dtagtar go minic uirthi éisteacht le daoine a gcaillfí a nglórtha murach na deiseanna aimsithe a chuir tógáil mhótarbhealach an M8 idir Mainistir Fhear Maí agus Baile Mhistéala i dtuaisceart Chontae Chorcaí ar fáil. Déanfar doiciméadú in Hidden Voices, le Penny Johnston agus Jacinta Kiely, ar chlár mór imscrúduithe seandálaíochta ag 24 suíomh ar bhealach an mhótarbhealaigh, a thrasnaíonn mánna fairsinge féaraigh shaibhir agus bunchnoic iartharacha Shléibhte Chill Uird. Thángthas ar réimse éagsúil suíomhanna seandálaíochta, ina léirítear saol laethúil, obair agus creidimh na bpobal a chónaigh ar an tírdhreach seo le breis agus 10,000 bliain anuas.

Foghlaimeoidh léitheoirí fánaithe Méisiliteacha a raibh iascaireacht á déanamh acu ar Abhainn na Fuinseann agus faoi áitribh feirme Neoiliteacha a tochlaíodh ag Gort an Óir, Cathair Dhroinge agus Baile an Ghleanna Thuaidh. Aimsíodh tithe ón gCré-umhaois ag Baile na Móna, Gort na hUamhan agus Cill tSeanaigh, agus sampla ón Iarannaois nach dtagtar go minic air ag Cathair Dhroinge. Bhí an saol sa réamhstair contúirteach. Thit adhlacthaí amach ag Baile na Carraige ar mhná agus ar leanaí ón gCré-umhaois Luath, bean óg agus a leanbh neamhbheirthe san áireamh. Ach sholáthair an creideamh compord chomh maith. Fianaise atá i gciorcail adhmaid a aimsíodh ag Baile na Carraige i leith cleachtais searmanais sa tréimhse Neoiliteach níos déanaí. Bogann na cuntais ar na tochailtí ar dhúnfort ar imeall aille ón meánaois luath ag Baile na Carraige, agus tithe a tógadh de dhóib agus áit chónaithe gabha ag Gort na hUamhan an scéal isteach sa ré stairiúil. Tugann an fhianaise i leith ceardaíocht iarainn go raibh cloig an-speisialaithe á ndéanamh agus prásáil anspeisialaithe ar bun. Cuirtear cúlra ar fáil sa lámhscríbhinn ón 12ú haois, ar a dtugtar Críchad an Chaoilli, leis na suíomhanna meánaoiseacha seo, agus tá fianaise ann i leith teacht chun cinn teorainneacha críche agus úinéireacht talún i ríocht Fir Maige (Mainistir Fhear Maí).


Please click here to download the accessible EPUB of this book.

Listen to the Abarta Heritage audiobook related to Hidden Voices.

Front cover of the book entitled Colonising a Royal Landscape

Colonising a Royal Landscape: the history and archaeology of a medieval village at Mullamast, County Kildare

(ISBN 978-0-9932315-6-8)

Sholáthair an t-imscrúdú ar shráidbhaile caillte meánaoiseach ar mhótarbhealach an M9 i gContae Chill Dara an t-ábhar do scéal uathúil i dtaifead seandálaíochta na hÉireann. Foghlaimeoidh léitheoirí in Colonising a Royal Landscape: the history and archaeology of a medieval village at Mullamast, County Kildare, faoin ngearrán, capall beag lúfar a póraíodh ar mhaithe le creachadh agus le gasógaíocht in aimsir chogaidh agus an sainmharcra éadrom ar ar tugadh hobelars, a rinne iad a mharcaíocht. Tá fianaise ann ón lonnaíocht ag Mullach Maistean i leith gnéithe eile den saol meánaoiseach in Éirinn chomh maith. Tógadh eallach, caoirigh agus muca agus rinneadh iad a chrú, a lomadh nó a mharú dá bhfeoil agus dá gcraicinn, ar bhonn éagsúil. Is soiléir ón bhfianaise i leith fómhar a bhaint agus barra gráin a phróiseáil, go raibh feirmeoireacht arúil tábhachtach freisin. Ach is í an ghné shainiúil den lonnaíocht seo an chomhréir neamhghnách ard d’iarsmaí capaill sa bhailiúchán cnámha ainmhithe a aimsíodh ag an tochailt seandálaíochta ar an suíomh agus, go háirithe capaill níos lú, atá chomh mór céanna leis an ngearrán. Is cosúil gurb é sráidbhaile meánaoiseach Mhullach Maistean anois an chéad ghraífheirm a bhfuil fianaise léi i stair fhada an phóraithe capall i gContae Chill Dara agus ba áit é inar phléigh muintir an tsráidbhaile go speisialta le capaill a póraíodh ar mhaith le cogadh.

Rinne Angus Stephenson an tochailt ar an suíomh ag Mullach Maistean a stiúradh agus insítear scéal an tsráidbhaile anois in Colonising a Royal Landscape, a scríobh Teresa Bolger. Is féidir teacht ar thuairiscí teicniúla a bhaineann leis an tochailt ar an lonnaíocht mheánaoiseach agus ar shuíomhanna eile i mbaile fearainn Mhullach Maistean ar a CD-ROM a ghabhann leis an bhfoilseachán.

Éist le closleabhar Abarta Heritage a bhaineann le Colonising a Royal Landscape.

Front cover of the book entitled Stories of Ireland's Past

Stories of Ireland's Past: knowledge gained from NRA roads archaeology

(ISBN 978-0-9932315-5-1)

Claochlaíodh Éire laistigh sa chuimhne bheo ach bhí baint lárnach i gcónaí ag athrú agus ag claochlú lenár scéal oileáin. Déantar ceiliúradh in Stories of Ireland’s Past, a chuir Michael Stanley, Rónán Swan agus an tOllamh Aidan O’Sullivan in eagar, ar fhiche bliain de dhua agus d’iarrachtaí seandálaithe gairmiúla sa tír seo agus ar na hearraí seandálaíochta a d’aimsigh siad, a rinneadh roimh cheann de na claochluithe bonneagracha ab iontaí in aon tír Eorpach ar bith le tamall de bhlianta anuas: gréasán bóithre nuaaimseartha a fhorbairt. Déantar sa tsintéis léannta seo ar an bhfianaise ar a ndearnadh tochailt seandálaíochta – an chéad cheann dá mhacasamhail – trácht ar an leagáid a d’fhág ní hamháin ár sinsir ach na céadta seandálaithe allamuigh a rinne diansaothar ar fud thírdhreach na hÉireann leis na rianta dár stair chomhroinnte a nochtadh, a thaifeadadh agus a thuiscint. Bhí scéalta stair na hÉireann le hathscríobh..

Eascraíonn na hocht bpáipéar in Stories of Ireland’s Past as seimineár poiblí a cuireadh ar bun in 2014 ina ndearna scoláirí measúnú ar an méid a chuir ‘seandálaíocht bhóithre’ lenár dtuiscint ar thréimhse réamhstairiúil agus stairiúil na hÉireann. Sholáthair na húdair foilseachán fíorthábhachtach agus suirbhéireacht á déanamh ar thart ar 10,000 bliain d’fhianaise nua seandálaíochta maidir le háitiú an oileáin ag daoine: Cuirtear i láthair in Stories of Ireland’s Past athbhreithniú den chéad scoth ar sheandálaíocht nuaaimsithe ceann de na tírdhreacha seandálaíochta is saibhre san Eoraip, nó fiú ar domhan.

‘Fíor-gharsprioc i seandálaíocht na hÉireann é seo: mórathrú ar ár dtuiscint ar stair na hÉireann, a scríobh na scoláirí is éirimiúla agus a léiríonn an rannchuidiú ollmhór a thug an tseandálaíocht bhóithre. Ba cheart go mbeadh an leabhar ag duine ar bith ar spéis leo stair shaibhir agus an-spéisiúil na hÉireann.’

An Dr Alison Sheridan, Príomhchoimeádaí, an Réamhstair Luath, Músaeim Náisiúnta na hAlban

Front cover of the book entitled Meitheal: the archaeology of lives, labours and beliefs at Raystown, Co. Meath

Meitheal: the archaeology of lives, labours and beliefs at Raystown, Co. Meath

(ISBN 978-0-9932315-4-4)

Insítear in Meitheal, le Matthew Seaver, scéal Raystown i gContae na Mí; suíomh a bhí caillte ar feadh 1,000 bliain, go dtí gur aimsíodh é i suirbhéireacht gheoifisiceach mar chuid d’imscrúduithe seandálaíochta feadh thionscadal bóthair an M2 idir Fionnghlas agus Cill Dhéagláin. Nochtadh i dtochailtí a rinneadh i rith bliana gur reilig a bhí in Raystown i dtosach sa chúigiú haois AD agus gur tháinig sé chun cinn i rith na 200 bliain ina dhiaidh sin ina lonnaíocht mhór feirmeoireachta timpeall ar an reilig. Tháinig forbairt bhreise ar an suíomh san ochtú haois ina ionad muilleoireachta agus leanadh lena úsáid ar feadh 400 bliain eile. Bhí muileann nó dhá mhuileann, corruair, i bhformhór na suíomhanna muilinn luath-mheánaoiseacha in Éirinn a rabhthas eolach orthu. Bhí ocht muileann ag Raystown. Níor thángthas ar an líon seo riamh roimhe seo i gcuntas seandálaíochta na hÉireann.

Déantar cur síos sa leabhar chomh maith ar an líon mór déantán a aimsíodh, lenar áiríodh oiriúintí feistis, trealamh tí agus na uirlisí agus fotháirgí na ceardaíochta. Léiríonn roinnt rudaí a aimsíodh gnéithe pearsanta: biorán fáinne ó fhallaing a thit trí thimpiste isteach sna huiscí guairneánacha faoi mhuileann, nó coirnín gloine a cuireadh go cúramach timpeall ar mhuineál linbh a bhí á chur. I measc na rudaí eile a aimsíodh, bhí earraí só iompórtáilte, a thug le fios go raibh Raystown ceangailte le gréasán trádála le Sasana AnglaShacsanach agus le mórthír na hEorpa idir an cúigiú agus lár an séú haois AD.

Éist le closleabhar Abarta Heritage a bhaineann le Meitheal.

Front cover of book entitled Above and Below

Above and Below: the archaeology of roads and light rail

(ISBN 978-0-9932315-1-7)

Gléasadh cumhachta osnádúrtha sa Chré-umhaois Luath. Na ceangail a bhí idir Éirinn agus an domhan Rómhánach. Iarsmaí faoi thalamh Bhaile Átha Cliath Seoirseach. Tá é seo go léir agus níos mó faoi chaibidil sna 13 pháipéar in Above and Below, a chuir Michael Stanley in eagar, ina léirítear ‘imeachtaí’ cláir a cuireadh ar bun ar fud na tíre d’imeachtaí Sheachtain na hOidhreachta a d’eagraigh Bonneagar Iompair Éireann i Lúnasa 2015. Déantar ceiliúradh ar an rath a bhí ar an tsraith éagsúil seo léachtaí poiblí, turas allamuigh agus taispeáintí staire beo in Above and Below, ina léirítear rogha léachtaí.

Nochtadh go leor in imscrúduithe ar thionscadail náisiúnta bhóthair agus iarnróid éadroim faoi leagáid seandálaíochta na hÉireann ar scálaí éagsúla. Tugtar cuireadh do léitheoirí in Above and Below teorainneacha faoi thalamh d’uaimh thalún luath-mheánaoiseach i gCiarraí thuaidh a thaiscéaladh, sodar trí thírdhreach fíorálainn Chonamara agus stair thionsclaíoch Iarthar na Gaillimhe á cuardach agat, nó radharc fíorúil ón aer anuas a fháil de thírdhreacha seandálaíochta Ros Comáin thuaidh.

‘Is fiú go mór an leabhar seo a léamh agus leabhar ar leith é i ngeall ar an ábhar suimiúil atá ann agus ar an sárchaighdeán atáirgthe atá aige.

Tom Condit, eagarthóir irisleabhar Archaeology Ireland.

Cover of book entitled The Science of a Lost Medieval Gaelic Graveyard

The Science of a Lost Medieval Gaelic Graveyard: the Ballyhanna Research Project

(ISBN 978-0-9932315-2-0)

Insítear in The Science of a Lost Medieval Gaelic Graveyard, a chuir Catriona J McKenzie, Eileen M Murphy agus Colm J Donnelly in eagar, an scéal faoi reilig agus séipéal a aimsíodh in 2003 ag Baile Sheanaidh, i mBéal Átha Seanaidh, Contae Dhún na nGall, mar chuid d’oibreacha seandálaíochta Bhun Dobhráin-Béal Átha Seanaidh an N15. Mar thoradh air seo, tochlaíodh ceann de na bailiúcháin is mó d’adhlacthaí meánaoiseacha a rinneadh riamh ar an oileán seo, ar bhain tréimhse míle bliain leo i rith thréimhse mheánaoiseach iomlán na hÉireann. Bunaíodh comhoibriú taighde trasteorann – Tionscadal Taighde Bhaile Sheanaidh – de bharr an aimsithe idir Ollscoil na Banríona, Béal Feirste agus an Institiúid Teicneolaíochta, Sligeach, a thug an reilig chaillte Ghaelach seo chun solais. Baineann The Science of a Lost Medieval Gaelic Graveyard le pobal; lena stíleanna maireachtála, a sláinte agus a gcothú. Insítear ann scéal a mbásanna agus a dtraidisiún adhlactha, agus nochtar ann, trí na gnéithe uile seo a scrúdú, tuile agus trá a saoil. Gabhann CD-ROM leis an leabhar ina bhfuil eolas forlíontach ón tionscadal taighde agus na buntuairiscí tochailte agus suirbhéireachta do gach ceann de na suíomhanna seandálaíochta ar thángthas orthu ar an scéim bóthair seo.

‘Molaim an leabhar seo go mór . . . mar shampla sármhaith de stairiúil ag a bhfuil bunús maith sóisialta agus stairiúil ar shaol, agus ar bhásanna, muintir phobail a mhair roimhe seo. Mar gheall go bhfuil sé inrochtana, beidh an leabhar seo ina dhíol spéise do lucht fairsing ginearálta léitheoireachta.’

Siân E Halcrow, an Roinn Anatamaíochta, Ollscoil Otago, an Nua-Shéalainn.

Éist le closleabhar Abarta Heritage a bhaineann le The Science of a Lost Medieval Gaelic Graveyard.

Cover of book entitled Illustrating the Past

Illustrating the Past

(ISBN 978-0-9932315-1-3)

Leabhar faoi chlúdach crua atá maisithe go galánta é Illustrating the Past le Sheelagh Hughes ina bhfuil breis agus 50 athchruthú seandálaíochta ardchaighdeáin. Tugadh faoi bhreis agus 2,000 tochailt seandálaíochta ó 2001 ar scéimeanna bóthair náisiúnta in Éirinn. Rinne an obair seo an tuiscint atá againn ar an am atá imithe thart a athrú ó bhonn, agus chuir sé fuílleach eolais ar fáil faoi na suíomhanna aonair seandálaíochta atá ar fáil ó na tuairiscí tochailte agus ón iliomad leabhair sheandálaíochta agus ailt irisleabhair a d’fhoilsigh an NRA idir 2003 agus 2015. Úsáideadh athchruthú go mion minic i measc an iomaí foilseacháin seo, leis an am atá imithe thart a thabhairt chun beochta arís, a sholáthraíonn deis d’ealaíontóirí agus do sheandálaithe an t-am atá imithe thart a fhiosrú agus a hipitéis a thástáil. Tugtar le chéile in Illustrating the Past rogha den athchruthú seo, ina gcuimsítear gach tréimhse ón tréimhse Mhéisiliteach ar aghaidh, nuair a rinneadh Éire a lonnú den chéad uair, go dtí an tréimhse nua-aoiseach luath agus beagnach gach contae in Éirinn san áireamh. Léirítear san athchruthú seo gach gné den saol roimhe seo idir gnéithe pearsanta agus tírdhreacha fairsinge leathana, ina dtaispeántar saothair breis agus 15 ealaíontóir.

‘imleabhar sármhaith agus a bhfuil ábhar machnaimh ann’

Robert Witcher, an Roinn Seandálaíochta, Ollscoil Durham