Bailiúcháin Dhigiteacha Oidhreachta TII

Rinne Bonneagar Iompair Éireann (TII), i gcomhoibriú le Taisclann Dhigiteach na hÉireann (DRI) agus Clár Discovery, seoladh foirmiúil ar Bhailiúcháin Dhigiteacha Oidhreachta TII in Acadamh Ríoga na hÉireann, Baile Átha Cliath, i Meitheamh 2017.

Tá i mBailiúcháin Dhigiteacha Oidhreachta TII breis agus 2,600 tuairisc ar thochailt seandálaíochta, arb ionann sin agus thart ar 90% de na tuairiscí ar thochailt seandálaíochta go léir a choimisiúnaigh TII i rith chláir thógála bonneagair na hÉireann idir 2001 agus 2020. Anuas air sin, tá sna bailiúcháin 99 páipéar ó imeachtaí seimineár na heagraíochta, a foilsíodh idir 2003 agus 2009, anuas ar chlosleabhair agus físeáin ghearra BIÉ ar féidir iad a íoslódáil. Tá breis agus 182 tuarascáil suirbhéireachta geofisic sheandálaíochta iontu siúd is déanaí a cuireadh leis na Bailiúcháin.

Cuirtear deis an-spéisiúil ar fáil sna bailiúcháin le hoidhreacht shaibhir seandálaíochta na hÉireann a fhiosrú ó gach tréimhse ama agus ó gach réigiún. Tá caomhnú déanta anois don fhadtéarma ar na hacmhainní seo agus is féidir teacht orthu tríd an DRI – taisclann náisiúnta dhigiteach do dhaonnachtaí, eolaíochtaí sóisialta, agus sonraí faoi oidhreacht chultúrtha na hÉireann. Is féidir teacht orthu chomh maith ó ardáin éagsúla thábhachtacha náisiúnta agus idirnáisiúnta, Tairseach Sonraí Oscailte na hÉireann, HeritageMaps.ie (tionscnamh na Comhairle Oidhreachta), agus tairseach ARIADNE (Bonneagar Taighde ar fud na hEorpa don tseandálaíocht), anuas ar Thairseach Sonraí Oscailte TII. Cuirtear teacht ar fáil sna pointí iolracha aimsithe sonraí seo ar na bailiúcháin shaibhre seo don phobal i gcoitinne agus do ghairmithe araon.