Seandálaíocht & Oidhreacht

Is cuid lárnach í an tseandálaíocht de phróiseas pleanála scéim na mbóithre náisiúnta agus an iarnróid éadroim agus déanann Rannóg Seandálaíochta & Oidhreachta TII í a bhainistiú go díreach. Is é an cuspóir atá acu ár n-oibleagáidí reachtúla a chomhlíonadh, dea-chleachtas a chinntiú, cabhrú le scéimeanna bóithre náisiúnta agus iarnróid éadroim a sheachadadh agus torthaí staidéir seandálaíochta atá maoinithe ag TII a scaipeadh.

Feidhmeanna bainistíochta

Tá an Rannóg Seandálaíochta & Oidhreachta freagrach as impleachtaí seandálaíochta tionscadail bhóithre náisiúnta agus iarnróid éadroim a bhainistiú. Tá na feidhmeanna bainistíochta rialaithe ag na riachtanais atá sa chead pleanála, agus ag an reachtaíocht maidir leis an gcomhshaol agus maidir le séadchomharthaí náisiúnta; go háirithe coinníollacha atá leagtha síos ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta faoin mbealach a dhéantar tochailtí seandálaíochta agus a phléitear le láithreáin agus le gnéithe nua-aimsithe. Déantar na feidhmeanna bainistíochta seo a fheidhmiú trí shainchomhairleoirí seandálaíochta a thabhairt isteach agus, nuair is cuí, déanann seandálaithe TII an obair iad féin.

Cuspóirí

Is é an príomhchuspóir, na hoibreacha seandálaíochta a chríochnú sula dtosaítear ar thógáil chun nochtadh do riosca agus chun nochtadh do chostais a d’fhéadfadh a éirí as don eagraíocht a íoslaghdú. Baineann sé seo go háirithe le conarthaí Deartha agus Tógála agus le conarthaí Comhpháirtíochta Phríobháidí Poiblí.

Is príomhchuspóir é freisin deimhin a dhéanamh de go mbaintear tairbhe iomlán as an méid ollmhór faisnéise atá curtha ar fáil ag an obair atá maoinithe ag TII agus go n-úsáidtear an fhaisnéis ní hamháin sa phróiseas déanta cinntí agus pleanála tionscadail, ach go scaiptear an fhaisnéis sin i measc an phobail freisin. Is mór an chabhair na gníomhaíochtaí seo chun feasacht ar an saol mar a bhíodh a ardú i measc pobail áitiúla trína ritheann na scéimeanna bóithre náisiúnta.

Cuidiú le forbairt inbhuanaithe

Is é an tionchar iomlán a bhíonn ag an obair sheandálaíochta a dhéantar ar bhainistiú scéimeanna, treoir maidir le dea-chleachtas, scaipeadh agus taighde ná go gcinntíonn sé ní hamháin go gcomhlíonann TII a oibleagáidí reachtúla, mar atá siad leagtha síos i bpolasaithe agus i reachtaíocht an stáit, ach go léiríonn sé freisin tiomantas an TII iad a chomhlíonadh ina n-iomláine. Ciallaíonn na hiarrachtaí seo a dhéanann TII go mbímid chun tosaigh maidir le forbairt agus le cur i bhfeidhm teicneolaíochtaí agus teicnící nua fiosrúcháin, rud a bhíonn go mór chun leasa d’éifeachtúlacht ár gcuid oibre seandálaíochta ar scéimeanna bóithre náisiúnta. Le chéile, tacaíonn na hoibreacha seo ar fad le croíchuspóir na heagraíochta an fhorbairt inbhuanaithe a chur chun cinn.