Oiriúnú le athrú aeráide
- TII Climate Adaptation Strategy 2022
- TII Climate Adaptation Strategy 2022 - Appendix
- TII Climate Adaptation Climate Impact Screening Summary Report
- Appendix A2 - TII Climate Impact Screening Assessment Tool - blank template.xlsx
- TII Climate Impact Screening Assesment Tool - ROADS.xlsx
- TII Climate Impact Screening Assessment Tool - LIGHT-RAIL.xlsx
- TII Climate Impact Screening Assessment Tool - GREENWAYS.xlsx
- TII Climate Impact Screening Assessment Tool - BUILDINGS.xlsx
- TII Climate Impact Screening Assessment Tool - LAND.xlsx
- TII Climate Impact Screening Assessment Tool - PEOPLE.xlsx
Tá toise nua bainte amach le deich mbliana anuas ag bonneagar bóithre náisiúnta agus iarnróid éadroim a thógáil agus a chothabháil mar thoradh ar chomhordú domhanda ar shamhlacha clíomacha agus ar athruithe tuartha ar pharaiméadair chlíomacha. Tá straitéisí le haghaidh eachtraí éagsúla láidre clíomacha á n-oiriúnú agus á bhforbairt ag Bonneagar Iompair Éireann (TII) a imreoidh tionchar ar an ngréasán bóithre náisiúnta agus iarnróid éadroim. Cuireadh tosca clíomacha, cosúil le méaduithe ar dhéine bháistí, san áireamh i ndearadh scéimeanna bóithre náisiúnta le roinnt blianta anuas. Ach baineann na príomhdhúshláin atá roimh TII, maidir leis an ngréasán bóithre náisiúnta, leis an gcaoi gur bóithre “leagáide” atá i gceist le cuid mhór den ghréasán a tháinig chun cinn as bealaí stairiúla ar minic go gcuireann dálaí fisiciúla nó timpeallachta srian orthu.
Tógadh córas iompair iarnróid éadroim Bhaile Átha Cliath (Luas) ar bhóithre na cathrach bóithre agus, ar an ábhar sin, tá sé tugtha do go leor de na dálaí céanna láidre clíomacha a imríonn tionchar ar na bóithre náisiúnta.
B’fhéidir nach mbeidh tionchair a imríonn athrú aeráide in Éirinn chomh láidir sin leo siúd a thuartar i dtíortha Eorpacha eile ach is dóchúil go mbeidh níos mó tuile, baol níos mó i leith sciorrthaí talún, díghrádú méadaithe pábhála agus díobháil mhéadaithe fhéideartha stoirme i gceist leo.
Tugtar cuntas sa Straitéis um Oiriúnú don Athrú Aeráide ar Ghréasán Iarnróid Éadroim agus Bóithre Náisiúnta na hÉireann seo ar straitéis TII maidir le hoiriúnú d’athrú aeráide agus do theagmhais adhaimsire.