Treoirlínte Pleanála

Tá sraith treoirlínte comhshaoil á forbairt ag TII faoi láthair chun saincheisteanna comhshaoil éagsúla a chomhtháthú a thuilleadh i bpleanáil scéimeanna bóithre náisiúnta.

Le Treoirlínte dá leithéid bíonn gá le comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara éagsúla lena chinntiú go mbíonn cur chuige náisiúnta ann i gcomhair saincheisteanna comhshaoil agus go gcuireann siad le bonneagar bóithre náisiúnta a fhorbairt ar bhealach inbhuanaithe.

Déileáil le Tírdhreach

In 2006 d’fhoilsigh an tÚdarás ‘A Guide to Landscape Treatments for National Road Schemes in Ireland’ (an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta, 2006) (an Treoir). Sa doiciméad polasaí sin leagadh síos an fhealsúnacht atá ag an Údarás maidir le tírdhreacha cois bóthair a dhearadh; molann sé go háirithe go n-úsáidfí cur chuige ‘dearadh tírdhreacha éiceolaíoch’ agus caithimh le tírdhreach a bhunú le haghaidh scéimeanna bóithre náisiúnta.

Cé go dtugtar mionléargas sa Treoir ar fhealsúnacht an Údaráis maidir le caithimh le tírdhreach, measann an tÚdarás gur cheart cur leis an treoir le doiciméad ina leagtar amach roinnt de na céimeanna praiticiúla gur féidir a ghlacadh chun fealsúnacht an Údaráis i leith dearadh tírdhreacha agus oibreacha tírdhreacha le linn na gcéimeanna éagsúla de bhainistiú tionscadail bóithre náisiúnta. Níl sé i gceist leis na Guidelines on the Implementation of Landscape Treatments on National Road Schemes in Ireland  achoimre ar an Treoir a thabhairt. Murab ionann agus sin, dírítear leis na treoirlínte seo ar róil agus ar fhreagrachtaí na bpáirtithe bhainteacha éagsúla le linn na gcéimeanna bainistíochta tionscadail, lena n-áirítear: Saineolaí tirdhreacha agus amhairc Measúnacht Tionchair Timpeallachta (MTT); saineolaí éiceolaíochta MTT; Ionadaí an Údaráis; Conraitheoir nó Cuideachta PPP; Dearthóir; agus, iadsan atá i mbun cóireáil tírdhreacha, e.g. fochonraitheoir tírdhreacha agus plandlann/soláthraí. Meastar go bhfeabhsóidh an cur chuige seo cur i bhfeidhm fhealsúnacht an Údaráis i leith dearadh tírdhreacha.

Torann agus Creathadh

Tá geallta ag an Údarás athbhreithniú a dhéanamh ar chéad dréacht na  Guidelines for the Treatment of Noise and Vibration in National Road Schemes. Bhí an t-athbhreithniú seo bunaithe ar an taithí a fuarthas ar chur i bhfeidhm na ndréacht-treoirlínte bunaidh agus ar staidéar bailíochta a rinneadh chun infheidhmeacht na gcritéar sonraithe deartha agus feidhmiúlacht modheolaíochtaí tiontaithe na Saotharlainne Taighde Iompair do dhálaí bóthair in Éirinn. Tugtar treoir san athbhreithniú seo ar na critéir deartha leasaithe agus ar infheidhme na gcur chuige bailíochtaithe chun teacht ar na luachanna Lden chomh maith le forléargas ar mhonatóireacht bunlíne agus nós imeachta an tsamhail bailíochta.

Tá an  Good Practice Guidance for the Treatment of Noise during the Planning of National Road Schemes bunaithe ar na ceachtanna a foghlaimíodh ó na staidéir ar measúnachtaí torainn iar-MTT agus ó thaighde a rinneadh ar bhacainní torainn. Tugtar comhairle agus faisnéis ann lena n-úsáid ag fuaimeolaí agus baineann sé freisin le trácht, le mótarbhealaí agus le hinnealtóirí pábháile. Treisíonn agus cuireann an chomhairle ann leis na treoirlínte bunaidh agus ba cheart iad a léamh in éineacht leis an doiciméad sin.

Tionchair Éiceolaíocha

Is é aidhm na Guidelines for Assessment of Ecological Impacts of National Road Schemes treoir a thabhairt ar mheasúnacht na dtionchar ar an timpeallacht nádúrtha le linn phleanáil agus dhearadh na scéimeanna bóithre náisiúnta. Tugann sé breis eolais ar thagairtí d’éiceolaíocht (gnáthóga, flora agus fauna) atá sna Treoirlínte Bainistíochta Tionscadail Bhóithre Náisiúnta, ina bhfuil creat uileghabhálach tugtha le haghaidh pleanáil agus dearadh scéimeanna bóithre náisiúnta. Tá breis eolais ann go háirithe ar an obair éiceolaíochta a rinneadh ag céim an Staidéir ar Shrianta, ag an chéim Rogha Conaire Bealaigh agus nuair a bhí ullmhúchán á dhéanamh ina dhiaidh sin ar Ráiteas Tionchair Timpeallachta. Rinneadh an doiciméad sin a leasú in 2009 le go mbeadh sé i gcomhréir le hathruithe ar riachtanais reachtúla, dhea-chleachtas agus polasaí maidir le Measúnacht Tionchair Éiceolaíoch ag éirí as an leasú i Márta 2006. Ó thaobh riachtanais dea-chleachtas agus polasaí de cuirtear san áireamh sna leasuithe an nós imeachta le haghaidh na gné éiceolaíochta den Mheasúnacht atá leagtha síos i dTreoirlínte maidir le Measúnacht Tionchair Éiceolaíoch Institiúid um Bainistíocht Éiceolaíochta agus Comhshaoil (IEEM) (2006) sa Ríocht Aontaithe. Rinneadh athscríobh ar na Treoirlínte seo chun iad a shioncronú leis an doiciméad treorach forlíontach: Teicnící Suirbhéireachta Éiceolaíochta chun Flora agus Fauna a Chosaint le linn Phleanáil Scéimeanna Bóithre Náisiúnta an Údaráis a foilsíodh in 2008. Maidir le ceanglais reachtúla, tugtar faisnéis níos mionsonraithe sna Treoirlínte ar fhorálacha ábhartha dlí timpeallachta áirithe lena n-áirítear: Rialacháin 25 agus 30/33 de na Rialacháin maidir le Gnáthóga, 1997; Airteagal 6(3) agus 6(4) den Treoir um Ghnáthóga; agus an Treoir um Dhliteanas Comhshaoil.

Flora agus Fauna

Uasdátaíodh Treoirlínte maidir le Measúnacht Tionchar Éiceolaíocha Scéimeanna Bóithre Náisiúnta an Údaráis le déanaí chun ceanglais Airteagail 30 de Rialacháin um Ghnáthóga 1997 (I.R. Uimh.94 de 1997) a chorprú. Is é aidhm na dTreoirlínte maidir le hÉiceolaíocht treoir a thabhairt ar mheasúnacht na dtionchar ar an timpeallacht nádúrtha le linn céimeanna pleanála scéimeanna bóithre náisiúnta. Tá sé mar aidhm leis an doiciméad  Ecological Surveying Techniques for Protected Flora and Fauna during the Planning of National Road Schemes cur leis na ‘Treoirlínte maidir le hÉiceolaíocht’ trí chomhairle a thabhairt ar nósanna imeachta agus ar theicnící suirbhéireachta chun a bheith mar threoir don mhír Timpeallacht Nádúrtha den Staidéar ar Shrianta, Staidéar ar Rogha Conaire Bealaigh agus don Ráiteas Tionchair Timpeallachta le haghaidh scéimeanna nua agus feabhsúcháin. Tá sé i gceist go mbeidh na teicnící suirbhéireachta seo oiriúnach dá gcur i bhfeidhm roimh ghníomhaíochtaí cothabhála a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar an timpeallacht nádúrtha. Tugann an doiciméad treoir ar theicnící suirbhéireachta cineálacha do ghnáthóga, plandaí agus fungi; inveirteabraigh uisceacha agus thalúnda; éisc; débheathaigh agus reiptílí; éin agus mamaigh. Cuirtear teicnící atá sonrach do speicis i láthair freisin, i bhfoirm ‘Eochairchártaí’, do na speicis sin ar dócha go n-imreoidh tionscadail bóithre tionchar orthu.

Oidhreacht Seandálaíochta

Tá tacar treoirlínte curtha i dtoll a chéile ag an Údarás - Guidelines for the Assessment of Architectural Heritage Impacts of National Road Schemes - chun cur chuige leanúnach a chur ar fáil i leith measúnú a dhéanamh ar thionchair scéimeanna bóithre ar an oidhreacht seandálaíochta ag céimeanna Rogha Bealaigh agus MTT na pleanála tionscadail, agus i leith dearadh, cur i bhfeidhm agus bainistiú moltaí maolaithe ar bhealach inbhuanaithe. Tuigeann an tÚdarás gur cheart go mbainfeadh an mhodheolaíocht ar glacadh léi tairbhe as tréithe áitiúla seachas réitithe caighdeánta.

Oidhreacht Seandálaíochta

Tá sé mar aidhm leis na - Guidelines for the Assessment of Architectural Heritage Impacts of National Road Schemes - cur chuige leanúnach a chur ar fáil i leith measúnú a dhéanamh ar thionchair scéimeanna bóithre ar an oidhreacht seandálaíochta ag céimeanna Rogha Bealaigh agus MTT na pleanála tionscadail, agus i leith dearadh, cur i bhfeidhm agus bainistiú moltaí maolaithe ar bhealach inbhuanaithe.

Measúnacht Tionchair Timpeallachta - Treoir Phraiticiúil

Is é cuspóir threoirlínte an Údaráis -  Environmental Impact Assessment of National Road Schemes - A Practical Guide - a chinntiú go leanfaidh an próiseas MTT do scéimeanna bóithre ag cloí leis na nósanna imeachta cearta reachtúla agus go mbeidh ag an am céanna ardchaighdeán agus leanúnachas i measúnú agus i maolú na dtionchar timpeallachta. Rinneadh an doiciméad sin a leasú in 2008 le go mbeadh sé i gcomhréir le hathruithe ar an reachtaíocht, ar dhea-chleachtas agus ar riachtanais pholasaí maidir le Measúnacht Tionchair Éiceolaíoch a d’éirigh ó foilsíodh é in 2005. Corpraítear sna leasuithe sin roinnt athruithe reachtúla, lena n-áirítear iadsan a tugadh isteach leis an Acht um Pleanáil agus Forbairt (Bonneagar Straitéiseach) 2006; Acht na mBóithre 2007; Rialacháin um Bóithre (Scéimeanna) (Foirmeacha) 2008 (I.R Uimh. 49 de 2008), agus leis an Acht um Bainistiú Dramhaíola, 1996-2008. Maidir le dea-chleachtas agus le riachtanais polasaí, corpraítear agus crostagraítear sa doiciméad anois roinnt treoirlínte pleanála agus tógála nua agus leasaithe de chuid an Údaráis. I measc na dtreoirlínte seo tá: Treoirlínte maidir le Bainistiú Dramhaíola ó Thionscadail Tógála Bóithre Náisiúnta (An tÚdarás um Bóithre Náisiúnta, 2008); Treoirlínte maidir le Measúnacht ar Thionchair Éiceolaíocha Scéimeanna Bóithre Náisiúnta (Leasú 2, an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta, 2008); Treoirlínte maidir le Measúnacht ar Thrácht agus Iompar (an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta, Meán Fómhair, 2007); Treoirlínte maidir le Déileáil le Cáilíocht an Aeir le linn Pleanáil agus Tógáil Scéimeanna Bóithre Náisiúnta (an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta, 2006), agus Treoirlínte maidir le Breithmheas Tionscadail (an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta, 2008). Déantar freastal sa doiciméad freisin ar riachtanais an Phlean Forbartha Náisiúnta 2007-2013, Iompar 21, an Straitéis Náisiúnta um Athrú Aeráide 2007 - 2012 agus Fís 2020 - Taisteal agus Iompar Inbhuanaithe.

Speicis Ialtóga, Gnáthóga agus Faraí

Tá gach speiceas ialtóga in Éirinn faoi chosaint faoin Acht um Fhiadhúlra, 1976, An tAcht um Fhiadhúlra (Leasú) 2000, agus faoi Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Treoir um Ghnáthóga (92/43/CE) Tá cosaint bhreise faoi chrú-ialtóga beaga faoi Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir um Ghnáthóga. Trasuíodh an Treoir um Ghnáthóga i nDlí na hÉireann i Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Gnáthóga Nádúrtha), 1997 (I.R. 94 de 1997). Tugann an Treoir um Ghnáthóga cosaint do ghnáthóga agus d’fhalaí gach speicis ialtóga, agus do na hialtóga féin. Faoi Iarscríbhinn II den Treoir, tá gach láithreán fala den chrú-ialtóig bheag ainmnithe ina Limistéar Caomhantais Speisialta (LCS) agus tá na hialtóga faoi chosaint speisialta ar fud raon iomlán an speicis. Tríd an leibhéal cosanta ar speicis leochaileacha (iadsan atá liostaithe in Iarscríbhinn II), táthar ag súil go gcoimeádfar na pobail idirnáisiúnta ag leibhéil inmharthana. I gcúinsí eisceachtúla áfach, déantar díolúine mura bhfuil aon rogha ach fala a scrios. Aithníonn an tÚdarás an tábhacht a ghabhann le gach speiceas ialtóga in Éirinn a chosaint agus tá doiciméid treorach curtha le chéile chun na hialtóga a chosaint le linn pleanáil agus tógáil scéimeanna bóithre náisiúnta. Foilsíodh an doiciméad seo Best Practice Guidelines for the Conservation of Bats in the Planning of National Road Schemes.

Geolaíocht, Hidreolaíocht agus Hidrigeolaíocht

Sna blianta atá díreach caite, ba bheag aird a tugadh sna MMT do thionchar na forbraíochta ar dhromchla agus ar fhodhromchla na cruinne. Is é aidhm na Guidelines for Assessment of Ecological Impacts of National Road Schemes treoir a thabhairt ar mheasúnacht na dtionchar geolaíoch, hidreolaíoch agus hidrigeolaíoch le linn phleanáil agus dhearadh na scéimeanna bóithre náisiúnta in Éirinn. Leagtar síos ann an cur chuige atá le glacadh i leith measúnacht agus déileáil le geolaíocht, hidreolaíocht agus hidrigeolaíocht sa Staidéar ar Shrianta, Rogha Conaire Bealaigh agus ag na Chéad Chéimeanna Deartha/MTT.

Mar a Dhéileáiltear le Tírdhreach

Cuireann an doiciméad treorach A Guide to Landscape Treatments for National Road Schemes in Irelandcur chuige ‘Dearadh Tírdhreacha Éiceolaíochta’ chun cinn maidir le rogha bealaí déileála leis an tírdhreach le haghaidh scéimeanna bóithre náisiúnta. Leis an gcur chuige seo tugtar tuiscint chomhtháite ar na gnéithe cultúrtha, sóisialta agus éiceolaíochta de dhearadh tírdhreacha nuair a úsáideann agus nuair a fheabhsaíonn na bealaí roghnaithe déileála na gnéithe dearfacha de ‘Éiceachórais Bhóithre’ amhail réimse achair ciumhaiseanna bóthair a thugann dearadh an éiceachórais bóthair nua-aimseartha. Aithnítear sa doiciméad feidhmeanna agus bealaí déileála éagsúla agus cuirtear sinéirge níos fearr idir ghairmeacha na héiceolaíochta agus an deartha tírdhreacha chun cinn leis an mbithéagsúlacht nádúrtha a chur chun cinn nuair a táthar ag déileáil leis an tírdhreach. I measc na bhfeidhmeanna seo tá comhtháthú tírdhreacha, sciathadh amhairc, caomhantas dúlra agus bithéagsúlachta, taitneamhacht amhairc, taitneamhacht tógála, taitneamhacht chultúir agus oidhreachta. Go háirithe cuireann na treoirlínte úsáid speiceas nádúrtha chun cinn ó chlampaí síolta dúchasacha ar bhealach atá inbhuanaithe ó thaobh na timpeallachta de agus atá éifeachtach ó thaobh costais de ionas go ndéileálfar leis an tírdhreach ar bhealach fadtéarmach agus inbhuanaithe le bonn maith bainistíochta acmhainní faoi. Is cuspóir den bheartas náisiúnta agus idirnáisiúnta é speicis dhúchasacha a úsáid lena n-áirítear an Plean Náisiúnta Bithéagsúlachta (2002) agus Comhdháil Bithéagsúlachta na Náisiún Aontaithe (1992) agus cuireann sé le tiomantais na hÉireann faoi Threoir um Ghnáthóga an AE, 92/43/CE.