Pleanáil Úsáid Talún

Is comhairlí reachtúil agus comhlacht forordaithe é an TII faoi na hAchtanna agus na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt.

" "

Ní foláir do na húdaráis pleanála TII a chur ar an eolas maidir le haon iarratais pleanála a mbíonn tionchar acu ar an ngréasán náisiúnta bóithre agus/nó ar an ngréasán iarnróid éadroim. Is iad seo a leanas príomhfheidhmeanna Aonad um Pleanáil Úsáid Talún TII:

  • Bualadh le chéile agus teagmháil a chothú agus aighneachtaí a ullmhú ar son TII i dtaobh le polasaithe réamhphleanála agus cáipéisíocht phleanála atá ullmhaithe ag údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla. Ar an réimse pleananna sin tá pleananna réigiúnacha agus straitéisí, pleananna forbartha contae agus cathrach, pleananna limistéir áitiúil, Criosanna Forbartha Straitéisí, Máistirphleananna agus Creatphleananna Comhtháite.
  • Comhordú agus bainistiú a dhéanamh ar fhreagra TII ar iarratais pleanála, ar mholtaí pleanála úsáid talún agus nuair is gá achomhairc ar an mBord Pleanála, freastal ar éisteachtaí ó bhéal agus dul i dteagmháil leis na húdaráis áitiúla chun ceisteanna maidir le bóithre náisiúnta a réiteach.
  • Seirbhísí a sholáthar do Rannáin eile an TII agus do pháirithe leasmhara seachtracha maidir leis an gcomhéadan idir feidhmiú an chórais pleanála úsáid talún agus riachtanais an ghréasáin náisiúnta bóithre agus iarnróid éadroim.