Bóithre agus Tolláin Shábháilte

Cuspóir um Shábháilteacht ar Bhóithre

Tá TII tiomanta don déchuspóir bóithre náisiúnta sábháilte agus éifeachtúla a sholáthar. Cuireann bóithre feabhsaithe agus fáil réidh le láithreacha brú tráchta le córas iompair níos éifeachtúla. Aithnítear Oideachas, Forfheidhmiú agus Innealtóireacht sa Straitéis um Shábháilteacht ar Bhóithre (2013-2020) mar thrí thoisc bhunriachtanacha le himbhuailtí agus básanna a laghdú. Tá iarracht TII gréasán bóithre náisiúnta níos sábháilte a sholáthar dírithe go príomha ar an Innealtóireacht.  

Leanann TII le sábháilteacht an ghréasáin bóithre náisiúnta a fheabhsú trí mhótarbhealaí agus débhealaí a thógáil, ar a bhfuil rátaí imbhuailte níos ísle ná na stráicí de bhóithre dhá lána náisiúnta a dtagann siad ina ionad. Cuireann TII scéimeanna sábháilteachta i bhfeidhm freisin le saincheisteanna sábháilteachta a mhaolú ar bhóithre náisiúnta reatha.

Tá clár forleathan um shábháilteacht ar bhóithre ag Sábháilteacht TII a laghdaíonn an méid imbhuailtí a thiteann amach ar an ngréasán bóithre náisiúnta. Rinneadh an Treoir maidir le Sábháilteacht an Bhonneagair Bóthair a Bhainistiú ón AE (EU RISM) a thrasuí i ndlí na hÉireann ag I.R. Uimh. 472 de 2011. Soláthraítear córas in EU RISM le sábháilteacht an ghréasáin bóithre náisiúnta a bhainistiú. Baineann riachtanais EU RISM a chur i bhfeidhm le go leor d’obair Rannóg Sábháilteachta TII. Tá baint ag TII chomh maith in obair i dtreo na gcuspóirí a leagtar amach sa Straitéis Náisiúnta um Shábháilteacht ar Bhóithre. Tháinig deireadh leis an straitéis is déanaí in 2020, agus tá an cúigiú straitéis, a bheidh i bhfeidhm ó 2021 go 2030, le foilsiú níos déanaí sa bhliain. Cliceáil anseo le cuairt a thabhairt ar an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre chun teacht ar eolas breise ar an Straitéis um Shábháilteacht ar Bhóithre.

 

An Clár um Shábháilteacht ar Bhóithre

Tá an clár oibreacha bliantúil faoina dtugann TII dírithe go príomha ar na gníomhartha a thagann chun solais ó na nósanna imeachta sábháilteachta thíos a chur i bhfeidhm. Is féidir féachaint ar na nósanna imeachta seo mar chuid de shraith cáipéisíochta teicniúla a bhaineann le scéimeanna bóthair agus iarnróid éadroim náisiúnta ag Foilseacháin TII.

Tá eolas breise ar na próisis seo ar fáil trí na naisc thíos:

TII GE-STY-01022 (HD 15) Anailís ar Shábháilteacht an Ghréasáin

TII CC-STY-04002 (HD 16) Cigireacht ar Bhearta Sealadacha Sábháilteachta

TII AM-STY-06044 (HD 17) Cigireacht um Shábháilteacht ar Bhóithre

TII PE-PMG-02001 (HD 18) Measúnacht Tionchair um Shábháilteacht ar Bhóithre

TII GE-STY-01024 (HD 19) Cigireacht um Shábháilteacht ar Bhóithre

 

Obair Shábháilteachta Bhreise

Áirítear le hobair bhreise Rannóg Sábháilteachta TII:

Moilliú Tráchta

Cistíonn TII scéimeanna moillithe tráchta. Tá scéimeanna moillithe tráchta dírithe go sonrach ar luasanna feithiclí trí bhailte agus sráidbhailte ar bhóithre náisiúnta a laghdú

Taighde ar Shábháilteacht ag BIÉ

Tá Sábháilteacht TII ag tabhairt faoi shraith fhairsing cláir agus gníomhaíochtaí taighde ar shábháilteacht ar bhóithre ar leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta

Úsáid Dhlíthiúil a bhaint as Scútair Leictreacha ar Bhóithre Poiblí

An Gealltanas i gClár an Rialtais go ndéanfar úsáid dhlíthiúil scútar leictreach ar bhóithre poiblí a reachtú

 

Eolas Teagmhála

Tá roinnt gníomhaireachtaí éagsúla freagrach as Sábháilteacht ar Bhóithre. Cliceáil anseo, le do thoil, leis an eagraíocht ábhartha a aimsiú le do cheist a chur chucu.