Sonraí fógartha faoi rogha bealaigh Metrolink

Fógraíodh sonraí faoi rogha bealaigh Metrolink 


Tá sonraí a bhfógairt ag an Údarás Náisiúnta Iompair (an ÚNI) agus Bonneagar Iompair Éireann (BIÉ) faoin rogha bealaigh do Metrolink, an tseirbhís mheitreo a ghabhfaidh ón Inbhear lastuaidh de Shord go cathair theas Bhaile Átha Cliath, agus a fhreastalóidh ar Aerfort Bhaile Átha Cliath agus lár na cathrach.


Leanann seo an Bealach is Dealraithí a Roghnófar a foilsíodh anuraidh agus ar cuireadh comhairliúchán poiblí ar siúl dó. I rith an phróisis chomhairliúcháin, tháinig saincheisteanna chun solais agus téann an bealach atá á fhógairt againn inniu i ngleic leis na buarthaí a tugadh chun solais. 


I measc na n-athruithe is suntasaí sa togra ná nach gá páirc CLG na Fianna a éadáil a thuilleadh don tógáil i gceantar Bhóthar Mobhí. Beartaíodh i dtosach go ndéanfaí páirceanna ag Cumann Peile Na Fianna agus Home Farm a éadáil go sealadach d’fhad seacht mbliana na tógála.


I gcomhairle le CP Home Farm, beartaímid anois chun stáisiún níos dlúithe a thógáil faoina bpáirc. Ní bheidh an pháirc ar fáil i rith an phróisis mheasta tógála trí bliana ach déanfar í a chur ar fáil arís go hiomlán ina dhiaidh sin. Ní imreofar aon tionchar ar pháirceanna CLG Na Fianna.


Is é an dara hathrú suntasach an socrú maidir le Charlemont. Bhí togra sa bhealach a d’fhoilsíomar anuraidh chun líne Ghlas Luas a uasghrádú aníos go dtí caighdeán Meitreo, ar aon dul leis an Straitéis Iompair do Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath.


Tuartar go sáróidh an líon daoine a lorgaíonn chun taisteal ar an Líne Ghlas i mblianta amach anseo acmhainn iompair chóras Luas, agus beidh gá, dá bharr, le hé a uasghrádú. Ní mheastar go dteastóidh an t-uasghrádú sin, áfach, go ceann tamall maith de bhlianta – b’fhéidir thart ar fhiche bliain nó mar sin de.


Tháinig buairt chun solais i rith comhairliúcháin faoin ngá atá leis an Líne Ghlas a dhúnadh ar feadh tréimhse fhada i rith uasghrádú. Forbraíodh cur chuige eile agus na buarthaí seo á n-aithint a cheadaíonn an stráice nua den líne mheitreo a thógáil anois, agus an Líne Ghlas a thiontú ina líne Mheitreo, a dhéanfar ag an bpointe cuí amach anseo.


Is é an Plean atá á fhoilsiú inniu againn ná chun an stráice ó Shord go Charlemont a fhorbairt le hacomhal ón Meitreo chuig Luas ag Charlemont do phaisinéirí. Cuirfear na hoibreacha riachtanacha tollta tolláin lena ligean don cheangal a dhéanamh amach anseo le líne reatha Luas i gcrích mar chuid den chéim reatha seo. 


I lár na cathrach, rinneadh athruithe ar an bplean a laghdóidh cur isteach agus a dhéanfaidh níos fusa é ar sheirbhísí iompair phoiblí eile leanúint ag oibriú i rith na tógála.


Ar Shráid Uí Chonaill, tháinig deis chun solais chun stáisiún comhtháite a chruthú, faoina mbíodh seanphictiúrlann Cartlon agus an ceantar sin. Chruthódh láthair agus tógáil an stáisiúin seo sa bhuntogra dúshlán suntasach do sheirbhísí Luas, seirbhísí bus, agus trácht feithiclí ar Shráid Uí Chonaill. Táimid ag oibriú le húinéirí na réadmhaoine seo ag féachaint leis an suíomh a thabhairt isteach san fhorbairt a bheartaítear.


Laghdófar cur isteach i gceantar Fhaiche Stiabhna, chomh maith, faoi na pleananna nua. Beidh an stáisiún seo lonnaithe, faoi mar a beartaíodh roimhe seo, ag Faiche Stiabhna Thoir, ach tá sé á aistriú againn anois beagán ó dheas chun gur féidir le Sráid Hume fanacht ar oscailt i rith na tógála, agus beagán siar lena sheachaint an bóthar a dhúnadh i rith tógála. Ciallaíonn seo, chomh maith, gur féidir linn séarach mór a sheachaint a dteastódh malairt slí uaidh murach sin. Imreofar tionchar beag ar pháirc Fhaiche Stiabhna, chomh maith, dá bharr.
Téimid i gcomhairle go dlúth le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus le hOifig na nOibreacha Poiblí maidir leis an togra seo.
Tá an stáisiún le haistriú fad gearr i mBaile Munna, chomh maith. Beidh sé suite taobh leis an R108 anois agus go páirteach faoi shuíomh an tseanionaid siopadóireachta, áit a bhfuil pleananna i bhfeidhm chun ceathrú nua úsáide measctha a thógáil i ndiaidh go ndéantar é a scartáil. Cuirfidh seo isteach i bhfad níos lú ar chúrsaí i rith na tógála agus creidimid gur réiteach i bhfad níos fearr é seo trí chéile le haghaidh Bhaile Munna.


Tá an líon tithe a mbeidh gá lena n-éadáil don tionscadal laghdaithe anuas ó xxx de réir an Bhealaigh is Dealraithí a Roghnófar anuraidh, go dtí xx sa Rogha Bealaigh atá á fhoilsiú againn inniu. Mar shampla, ní bheidh foirgneamh árasán i ngar do Stáisiún Ghlas Naíon, a gcónaíonn thart ar 50 duine ann faoi láthair, le héadáil a thuilleadh.
Tá súil leis go ndéanfar iarratas ar Ordú Iarnróid in 2020, agus tá súil leis go ndéanfar cinneadh air an bhliain dar gcionn. Is dóchúil go nglacfaidh sé thart ar sheacht mbliana ar an tógáil.

Dúirt Anne Graham, Príomhfheidhmeannach an Údaráis Náisiúnta Iompair: “Tá tairbhí an-mhóra bainteach le MetroLink, go háirithe i dtaobh an chórais iompair chomhtháite a chuirfidh sé ar fáil do Bhaile Átha Cliath.


“Mar shampla, a bhuíochas le MetroLink, beidh nasc iarnróid ann faoi dheireadh le hAerfort Bhaile Átha Cliath, agus beifear in ann aistriú chuig modhanna iompair eile, chomh maith, an bus, DART agus an t-iarnród comaitéireachta ina measc agus beidh sé níos fusa ná mar a bhí riamh, a bhuíochas le MetroLink, chun taisteal isteach chuig agus timpeall na príomhchathrach.

“Cruthaíonn sé tairbhe, chomh maith, chun rogha iompair níos inbhuanaithe a sholáthar agus trí dhreasacht mhór a sholáthar chun daoine a bhaint dá ngluaisteáin agus ar iompar poiblí.

“Cuirfidh MetroLink an geilleagar go mór chun cinn don réigiún agus cruthófar thart ar 4,000 post i rith na tógála.

“Príomhghné is ea plean MetroLink atá á fhógairt inniu againn den Straitéis Iompair do Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath 2016-2035, ar ghlac an Rialtas leis in 2016. Anuas air sin, tá MetroLink ar cheann de thrí thionscadal mhóra iompair phoiblí a chuirtear san áireamh sa Phlean Forbartha Náisiúnta faoi Thionscadal Éireann 2040, a foilsíodh in 2018, anuas ar fhairsingiú DART agus BusConnects.”


Dúirt POF Bhonneagar Iompair Éireann, Michael Nolan:

Teagmháil- 
Eolas breise: www.metrolink.ie