Tá deireadh curtha leis an mbaol go múchfaí clibeanna eFlow ag dola-phláis CRG

Tá sé fógartha ag Bonneagar Iompair Éireann (TII) go bhfuil comhaontú déanta acu le Celtic Road Group (CRG) go déanach an tseachtain seo caite, agus dá bharr sin nach múchfar seirbhísí eFlow do chustaiméirí eFlow ag dola-phláis CRG; M1 (Baile Mhic Gormáin), M7/M8 (Port Laoise) agus N25 (Seachbhóthar Phort Láirge).

Ba mhaith le TII leithscéal a ghabháil as aon mhíchaoithiúlacht a d’éirigh as an mbagairt go gcuirfí isteach ar sheirbhísí agus ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le custaiméirí eFlow as a bheith foighneach faoin gcúram.