Cuireann an tAire Ros fáilte roimh breis is €136m maoiniú d’iliomad scéimeanna sábháilteachta ar bhóithre agus tionscadal bóthair

D'fhógair an tAire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt, Shane Ross, dearbhú an lae inniu ó Bhonneagar Iompair Éireann go bhfuil scéimeanna sábháilteachta ar bhóithre ar fiú os cionn € 136m iad, ceadaithe de bharr maoinithe a dhaingnigh sé i mBuiséad 2018. Bhí an-áthas ar an Aire Ross go bhfuil ceadú deimhnithe chun roinnt tionscadal bóthair a bhfuiltear ag tnúth leo le fada le dul chun cinn, lena n-áirítear Seachbhóthar Bhaile Átha Fhirdhia a thosóidh ar thógáil in 2018.

Dúirt an tAire Ros; "Bhí mé tiomanta maoiniú a sholáthar do chláir um shábháilteacht ar bhóithre agus táim an-sásta a bheith in ann a dhearbhú inniu go mbeidh líon suntasach scéimeanna sábháilteachta ar fud na tíre ag dul ar aghaidh an bhliain seo chugainn. Cé go dtarlaíonn timpistí tráchta ar bhóithre ar chúiseanna éagsúla, is fachtóir tábhachtach é bail ár mbóithre maidir le cosc ​​a chur ar thimpistí agus daoine a thabhairt slán.  Ba mhaith liom a chur in iúl go bhfuil mé tiomanta do shábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú dár saoránaigh ar fad i ngach slí is féidir, cibé acu trí reachtaíocht, oideachas nó cothabháil bóithre agus dá bhrí sin tá áthas orm a fheiceáil go bhfuil Bonneagar Iompair Éireann tiomanta an maoiniú seo a chur ar fáil d’fheabhsuithe sábháilteachta ar fud na tíre.”

Dúir an tAire Ross chomh maith; “Táim sásta freisin gur dheimhnigh Bonneagar Iompair Éireann go bhfuil siad ag bogadh ar aghaidh le tionscadail mhóra eile atá san áireamh sa Phlean Caipitil.” Thug an tAire ar aird go bhfuil maoiniú deimhnithe chomh maith le go bhféadfadh scéim an N5 ó Bhealach an Doirín go Scramóg dul ar aghaidh chun ceadú reachtúil a bhaint amach. Tá an scéim seo 35km ar fhad agus cuimsíonn sé uasghrádú ar Phríomhbhealach Náisiúnta an N5 i Ros Comáin.

Ina theannta sin, thug Bonneagar Iompair Éireann le fios don Aire go gcuirfí tús le tógáil in 2018 ar scéim 15km an N4 ó Chúil Mhuine go Béal Átha na gCarraigíní a bhfuil luach infheistíochta iomlán de €105 milliún aici.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Bhonneagar Iompair Éireann Michael Nolan: “Le ceadú ar mhaoiniú ón mBord is féidir le Bonneagar Iompair Éireann oibriú lenár gcomhpháirtithe sna húdaráis áitiúla le tionscadail a sheachadadh a chuirfidh feabhas ar shábháilteacht úsáideoirí bóithre ar fud ár ngréasán bóithre náisiúnta. Is céim thábhachtach eile chun cinn í seo freisin sa Straitéis Náisiúnta um Shábháilteacht ar Bhóithre.”

Cuimsíonn an Plean Caipitil Cur leis an Téarnamh socruithe le haghaidh clár rollta feabhsuithe ar an N56. Thug an tAire Ros ar aird go ndéanfar tuilleadh dul chun cinn ar an gclár seo an bhliain seo chugainn nuair a rachaidh uasghráduithe ar na codanna ó Chill Chainnigh go Leitir Oilí agus ó Thamhnach an tSalainn go Droim Beitheach ar aghaidh.

Chomh maith leis na scéimeanna atá san áireamh i Cur leis an Téarnamh, d'eascair clár infheistíochta caipitil suntasach san earnáil iompair mar thoradh ar Athbhreithniú an Phlean Caipitil, lena n-áirítear roinnt tionscadal bóthair breise. Ar cheann de na tionscadail sin tá seachbhóthar 4.5km an N52 i mBaile Átha Fhirdhia agus leithdháilfidh Bonneagar Iompair Éireann maoiniú chun tús a chur le tógáil in 2018.

Liosta de scéimeanna athrú cúrsa na mbóithre náisiúnta a fógraíodh inniu

  • An N2 ó Mhuineachán go Scairbh na gCaorach Céim 3, Contae Mhuineacháin
  • An N52 ó Sheachbhóthar Fhirdhia, Co. Lú
  • An N56 ón gCúl Bhuí go Cill Mhic Réanáin, Contae Dhún na nGall
  • An N56 ó Chill Chainnigh go Leitir Oilí, Contae Dhún na nGall
  • An N56 ó Thamhnach an tSalainn go Droim Beitheach, Contae Dhún na nGall
  • An N59 ó Chathair na Mart go An Mhala Raithní Cuid 2 Cill Mhíona, Contae Mhaigh Eo
  • An N61 Coolteige, Contae Ros Comáin
  • An N67 ó Bhaile an Doirín go Cinn Mhara, Contae na Gaillimhe
  • An N70 Kilderry Bends, Contae Chiarraí
  • An N80 Na Garráin, Contae Laoise
  • An N81 Knockroe Bends, Contae Chill Mhantáin

Preasoifig, An Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt 01 604 1090 / 01 604 1093 www.dttas.ie pressoffice@dttas.ie
Chun cuntas iomlán ar na leithdháiltí a fháil féach anseo.