Cuireann an tAire Ross fáilte roimh infheistíocht de bhreis ar €450 milliún de chistiú a bhronnadh ar Údaráis Áitiúla don ghréasán bóithre náisiúnta fud fad na tíre.

Cuireann an tAire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt, Shane Ross, fáilte roimh an deimhniú a rinne Bonneagar Iompair Éireann inniu go ndéanfar €450 milliún a infheistiú chun an bonneagar bóithre náisiúnta a chothabháil agus a uasghrádú, mar thoradh ar chistiú a fuarthas i mBuiséad 2020. 
 
Dheimhnigh an tAire Ross go bhfuil faomhadh faighte chun leanúint le roinnt tionscadal a thabhairt chun cinn a raibh feitheamh fada leo, atá éagsúil i dtaobh scála de idir tionscadail an M20 ó Chorcaigh go Luimneach ag Rotharbhealach an N56 ó Eileastran go Leitir Ceanainn. Cuirfidh na tionscadail uile seo tairbhí áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta ar fáil. 
 
Dúirt an tAire Ross; “Táim tiomanta do chistiú a chur ar fáil a chuirfidh feabhas ar shábháilteacht úsáideoirí bóithre i measc na n-úsáideoirí bóithre go léir, ní hamháin tiománaithe. Táimid tiomnaithe d’fheabhas a chur ar shábháilteacht ar bhóithre dár saoránaigh go léir pé bealach is féidir, cibé acu trí reachtaíocht, oideachas nó cothabháil bóithre. Tá an tiomantas céanna ag BIÉ atá agam chun sábháilteacht a fheabhsú ar fud an ghréasáin bhóithre náisiúnta.”
 
Dúirt an tAire Ross, chomh maith; “Tá gliondar croí orm, chomh maith, gur dheimhnigh BIÉ cistiú do thionscadail thábhachtacha eile a shainaithnítear sa Phlean Forbartha Náisiúnta, lena n-áirítear tionscadail ar nós Sheachbhóthar an N2 ó Bhaile Átha Fhirdhia go dtí Deisceart Bhaile na Lorgan, an N2 ó Chluain Tiobrad go dtí an Teorainn, Seachbhóthar N3 Achadh an Iúir, an N4 ó Chora Droma Rúisc go dtí Dromad, an N3 ón Muileann gCearr go dtí an Longfort, Bóthar Faoisimh an N21 ón gCaisleán Nua agus an N22 ón bhFearann Fuar go Cill Airne.” 
 
Luaigh an tAire gur deimhníodh cistiú, chomh maith, chun tús a chur le tionscadal an N22 ó Bhaile Bhuirne go Maigh Chromtha. Tá stráice 22 ciliméadar sa scéim seo agus cuirfidh sé feabhas ar shábháilteacht feadh ceann de na stráicí is contúirtí de bhóthar náisiúnta sa tír a cheanglaíonn Corcaigh agus Ciarraí.
 
De bhreis air sin, thug BIÉ le fios don Aire go gcisteofar céim 2 d’athailíniú an N67 ó Bhaile an Doirín go Cinn Mhara agus go mbeidh cistiú ar fáil chun an rotharbhealach ó Ghaillimh go Baile Átha Luain a thabhairt chun cinn. 
 
Dúirt Michael Nolan, POF BIÉ: “Cuireann an faomhadh a tugadh inniu do chistiú ar chumas BIÉ chun oibriú lenár gcomhpháirtithe údaráis áitiúil chun tionscadail a sholáthar a chuirfidh feabhas ar shábháilteacht úsáideoirí bóithre agus a fheabhsóidh inrochtaineacht réigiúnach fud fad na tíre i measc na n-úsáideoirí bóithre go léir. Cuireann an leibhéal seo infheistíochta ar ár gcumas chun ár ngréasán bóithre náisiúnta a chothabháil agus a fheabhsú.”
 
Clár soláthair straitéisigh é Tionscadal Éireann 2040 a bhainfidh cothromaíocht amach idir inrochtaineacht réigiúnach ag tionscadail feabhsúchán áitiúil.  
 
Chun teacht ar chuntas iomlán ar leithdháiltí, féach anseo.