Fógraíonn Airí sonraí faoi Phleananna Bainistíochta Tráchta a bhaineann le Brexit do Chalafort Bhaile Átha Cliath agus Cathair Bhaile Átha Cliath

D’fhógair an tAire Iompair, Éamon Ryan, TD, agus an tAire Stáit Hildegarde Naughton, TD, sonraí inniu faoi Phleananna Bainistíochta Tráchta a bhaineann le Brexit do Chalafort Bhaile Átha Cliath agus Cathair Bhaile Átha Cliath.
 
Beidh na pleananna teagmhais seo i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2021 chun an tionchar a mhaolú a d’fhéadfadh an brú tráchta a bhaineann le Brexit a imirt ar Chalafort Bhaile Átha Cliath agus na tionchair iarmhartacha fhéideartha a mhaolú ar Chathair Bhaile Átha Cliath (go háirithe Tollán an Chalafoirt agus an córas mótarbhealaigh).
 
Léargas Ginearálta ar an bPlean Bainistíochta Tráchta
Rinne an Grúpa Bainistíochta Tráchta, ar a ndéanann an Roinn Iompair cathaoirleacht, ina bhfuil ionadaithe ó Bhonneagar Iompair Éireann (BIÉ), Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath (CCBÁC), an Garda Síochána (an GS), Oifig na nOibreacha Poiblí, na Coimisinéirí Ioncaim, agus Cuideachta Poirt Bhaile Átha Cliath (CPBÁC), na pleananna seo a chur le chéile. Bunaíodh an Grúpa Bainistíochta Tráchta chun na freagairtí teagmhais a fhorbairt agus tabhairt fúthu a theastaíonn chun déileáil le brú tráchta féideartha ag an gcalafort agus sna ceantair máguaird.
 
Bunaítear an plean bainistíochta tráchta ar Chóras Soilse Tráchta dathchódaithe: Stádas Glas, Stádas Ómra, Stádas Dearg agus Stádas Gorm agus pleananna gaolmhara cumarsáide agus gníomhartha maolaithe a fhorbraítear bunaithe ar chomhar agus ar fhreagairt traseagraíochta.

Beidh ordlathas idirghabhála ann i measc gníomhaireachtaí ábhartha bunaithe ar an leibhéal brú tráchta a imríonn tionchar ar Chalafort Bhaile Átha Cliath, Tollán an Chalafoirt, bóithre na cathrach agus an M50/M1, agus áirítear leis seo:

  1. Spásáil fheabhsaithe tráchta ag an mbealach isteach thuaidh chuig Tollán Chalafort Bhaile Átha Cliath
  2. Córas bainistíochta scuaine le haghaidh Feithiclí Earraí Troma (HGVanna) ar an M50 ó Thuaidh i dtreo Acomhal an M1/an M50 agus ar an M1 ó Dheas (féach fíoracha 1 agus 2 ar ceangal)
  3. Acmhainn bhreise pháirceála do HGVanna ag ionaid seirbhíse mótarbhealaigh ar an M1 (ó thuaidh agus ó dheas)
  4. Páirceáil Éigeandála ar Leataobh ón Trácht do HGVanna
  5. Áis casta feithiclí ag an bhFánán sa Tollán go dtí Calafort Bhaile Átha Cliath (Bóthar an Phromanáid) (féach fíor 3 ar ceangal)
  6. Cúnamh an Gharda Síochána agus oibreoirí seirbhíse mótarbhealaigh

Déanfar monatóireacht ghníomhach ar dhálaí tráchta sa Chalafort agus ar bhóithre mórthimpeall air, i dTollán an Chalafoirt san áireamh, agus déanfar iad seo a chur in iúl trí Ionad Oibríochta Calafoirt CPBÁC, an seomra rialaithe nua don Mhótarbhealach agus don Tollán agus trí sheomra teagmhas tiomnaithe de chuid BIÉ, anuas ar Ionad Rialaithe Tráchta CCBÁC. Cinnteoidh sé seo go ndéantar monatóireacht leanúnach ar an Stádas ina bhfuil an Calafort ag oibriú agus go gcuirfidh sé an t-eolas ar fáil a theastaíonn chun tús a chur le haon bhearta freagartha bainistíochta céimnithe tráchta a chur i bhfeidhm a theastaíonn.

Dúirt an tAire Ryan:
“Is cuma cad a tharlaíonn san idirbheartaíocht leanúnach atá ar siúl maidir le Brexit, tiocfaidh athruithe móra ar conas a dhéanaimid gnó leis an RA ón 1 Eanáir. Tá an plean bainistíochta tráchta, mar thoradh ar chomhoibriú dlúth idir go leor gníomhaireachtaí éagsúla, in ainm is déileáil le haon bhrú tráchta a d’fhéadfaí a chruthú mar gheall ar an leibhéal méadaithe seiceálacha ag Calafort Bhaile Átha Cliath agus chun an tionchar a íoslaghdú a imrítear ar Thollán an Chalafoirt, ar mhótarbhealaí atá i ngar agus ar an gcuid eile den chathair. Is eol dúinn go gcruthaíonn Brexit dúshlán dár dtarlóirí, agus gabhaimid buíochas leo as a gcomhoibriú lena chinntiú go bhfuil an cháipéisíocht cheart acu leis an gcalafort a iontráil agus go gcloíonn siad leis na foláirimh agus an chomharthaíocht a chuirtear ar fáil.”   
 
Dúirt an tAire Naughton:
“Tá go leor daoine buartha faoi thionchair a d’fhéadfaí a imirt ar a ngnólacht. Ach tiocfaidh athruithe ó bhonn ar an mbealach a thugaimid faoi ghnó agus caithfidh gach earnáil den slabhra soláthair na rioscaí a mhaolú a bhfuil smacht acu orthu. Beidh ar iompórtálaithe, easpórtálaithe, tarlóirí agus cuideachtaí lóistíochta scrúdú a dhéanamh ar agus glacadh le bealaí nua chun gnó a dhéanamh. Iarraimid ar gach úsáideoir an chalafoirt a bheith ar an eolas go bhféadfadh brú tráchta a bheith ann agus aird a thabhairt ar chomharthaíocht nua a chuirfear in airde chun an trácht a threorú trí aon mhalairt slí a chuirfear i bhfeidhm.

Scaipfear eolas ar thiománaithe ar chainéil éagsúla agus iarraimid go mbíonn cur amach acu ar na cainéil seo agus go leanann siad a bheith ar an airdeall ar nuashonruithe raidió a thabharfar go rialta ar Live Drive Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.”
 
Is é aidhm dheiridh na bpleananna bainistíochta tráchta a chinntiú go gcuirtear isteach a laghad agus is féidir ar an ngluaiseacht tráchta i gCalafort Bhaile Átha Cliath agus sa chathair máguaird, agus ní féidir é seo a bhaint amach ach má gheallann gach páirtí leasmhar an t-ullmhúchán is fearr agus is féidir a dhéanamh.
 
Iarrann na hAirí Ryan agus Naughton freisin ar gach Tarlóir, Cuideachta Iompair agus úsáideoir an Chalafoirt a bheith san airdeall ar chloí leis an méid seo a leanas –
 
Nósanna imeachta nua custam agus rialaithe rialála eile
Ní bheidh tarlóirí ábalta dula ar bord báid farantóireachta go dtí agus ón RA ón 1 Eanáir 2021, murach go ndearnadh an cháipéisíocht riachtanach go léir a líonadh roimh ré agus a sholáthar i gceart. Gné bhunriachtanach é cur amach a bheith ar na riachtanais rialála chuí a theastaíonn ó rialuithe iompórtála agus easpórtála lena éascú trádáil a dhéanamh gan deacrachtaí. Aithnítear go gcuirfear ualach mór riaracháin orthu siúd a dhéanann trádáil leis an RA ón 1 Eanáir. Spreagtar gach páirtí leasmhar, ar an ábhar sin, teagmháil a dhéanamh roimh an athbhliain leis na gníomhaireachtaí Stáit ábhartha, a bheidh an-sásta cúnamh agus treoir a sholáthar maidir leis na próisis agus na nósanna imeachta nua seo.
 
B’fhéidir go ndéanfaidh gníomhaireachtaí Stáit seiceálacha ar tharlóirí nuair a thiocfaidh siad i dtír ar bhád farantóireachta isteach sa Chalafort. Beidh eolas ar cén tarlóirí a ndéanfar seiceálacha orthu agus a mbeidh cead acu an Calafort a fhágáil go díreach ar fáil 30 nóiméad sula dtiocfaidh an bád farantóireachta le cé. Beidh comharthaíocht i bhfeidhm chun tarlóirí a threorú chuig an gcompún cuí Stáit nó chuig an mbealach amach ón gCalafort.
 
Cuirtear in iúl duit go bhféadfadh brú tráchta a bheith ann agus go bhféadfadh go bhfuil an trácht á chur ar mhalairt slí
Ba cheart do gach úsáideoir an Chalafoirt a bheith ar an eolas go bhféadfadh brú tráchta a bheith ann agus ba cheart dóibh aird a thabhairt ar chomharthaíocht nua a chuirfear in airde chun an trácht a threorú trí aon mhalairt slí a chuirfear i bhfeidhm. I gcás ardleibhéil bhrú tráchta, cuirfear pleananna teagmhais bainistíochta tráchta i ngníomh agus bainfidh siad le gach feithicil.
 
Bí ar an airdeall ar nuashonruithe ar bhrú tráchta
Scaipfear eolas ar thiománaithe trí chainéil éagsúla. Ba cheart go leanfadh tiománaithe a bheith ar an airdeall ar nuashonruithe raidió a thabharfar go rialta ar stáisiún raidió ‘Live Drive’ Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Scaipfear eolas ar bhrú tráchta freisin trí láithreáin ghréasáin náisiúnta, iad seo a leanas ina measc; www.dublinport.ie; www.dublintunnel.ie; www.hgv.ie (láithreán gréasáin CCBÁC) agus trí chainéil shóisialta cosúil le @DublinPortCo, @TIITraffic agus @GardaTraffic.