Nuashonrú ar Acomhal Dhún Citil

Bhí sé ina riachtanas i gconradh Dhún Citil, a d’iontráil BIÉ agus Sisk, gur gá comhaontú a dhéanamh ar thuar na gcostas sula leantar ar aghaidh leis na príomhoibreacha tógála. Is féidir le BIÉ agus Sisk a dheimhniú nár baineadh comhaontú amach.  Tá an dá pháirtí tiomanta go fóill don tionscadal a thabhairt chun cinn. D’oibrigh BIÉ agus Sisk le chéile i gcaitheamh chéim a haon chun tabhairt faoin tionscadal a fhorbairt go rathúil chun go mbíonn siad i bhfad níos ullmhaithe chun na príomhoibreacha a thógáil. 
 
Leanfaidh BIÉ agus Sisk ag oibriú go comhoibritheach trí réamhoibreacha a thosú i nDeireadh Fómhair, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh; oibreacha malairt slí do ghás, leictreachas, teileachumarsáid agus uisce. Chomh maith leis sin, beidh nascbhóthar nua san áireamh a cheanglóidh bóthar an N8 ó Chathair Chorcaí agus mótarbhealach an M8 ó Chorcaigh go Baile Átha Cliath ina mbeidh rotharbhealach agus cosán coisithe scartha. De bhreis air sin, tógfar conair sheirbhísí nua don Oileán Beag agus tabharfar faoi réamhoibreacha do rotharbhealach Dhroichead Bury agus do chosán coisithe. 
 
Aistreoidh BIÉ anois chuig céim na tairisceana don chonradh tógála.  Tá súil leis go mbronnfar an conradh tógála in 2020 agus go n-osclófar stráicí i rith 2022, agus go gcuirfear i gcrích go hiomlán iad in 2023. Ar an iomlán, déanfaidh seo an dáta críochnaithe a bhrú siar 12 mhí. 
 
Tá an buiséad do thionscadal Acomhal Dhún Citil curtha i bhfeidhm agus deimhneofar an luach a luaithe a chríochnaítear an próiseas tairisceana. Ullmhófar cás gnó nuashonraithe nuair a oibrítear chun bronnadh an phríomhchonartha oibreacha a thabhairt don Rialtas lena fhaomhadh. Creideann BIÉ, mar gheall ar an mbail níos measa ná mar a raibh coinne leis atá ar an talamh agus an méadú a tháinig ar scóip dá bharr, gur gá filleadh ar an margadh chun an príomhchonradh oibreacha a chur amach ar tairiscint. 
 
Tá BIÉ, Comhairle Contae Chorcaí agus Comhairle Cathrach Chorcaí tiomanta i gcónaí chun an gréasán bóithre náisiúnta a fhorbairt ar fud réigiún Chorcaí.  Chun an tiomantas seo a thaispeáint, beidh faomhadh an Rialtais á lorg ag BIÉ chun an conradh tógála a bhronnadh do dhébhealach 22 ciliméadar an N22 ó Bhaile Bhuirne go Maigh Chromtha i Meán Fómhair.