An Chéad Chóras Príomhlíne Ceamaraí Sábháilteachta Meánluais Mótarbhealaigh in Éirinn á Shuiteáil

Tús le Cur le Tionscadal Píolótach Suiteála agus Tástála ón 8 Márta ar an M7 i dTiobraid Árann (Acomhal 26-An tAonach (Thiar) agus Acomhal 27-Cnocán an Éin Fhinn).
 
Cúis áthais do Bhonneagar Iompair Éireann (BIÉ), An tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre agus An Garda Síochána a fhógairt go bhfuil ceamaraí sábháilteachta meánluais mótarbhealaigh á suiteáil.
 
Is léir ó anailís atá déanta ar shonraí tráchta ag BIÉ gur saintréith d’iompar tiománaithe ar stráicí ísealtráchta den ghréasán mótarbhealaigh ar fud na tíre é tiomáint róthapa. Tá an cineál seo iompar tiománaithe an-dainséarach, agus tá sé níos dainséaraí fós i rith ceathanna báistí nó ceathanna clocha sneachta.
 
Tá anailís déanta ag BIÉ ar shonraí luais ar chonair an M7 ó 2017 agus tá tiomáint róthapa sainaitheanta mar dheacracht shuntasach agus is léir go bhfuil an luasteorainn 120 km/h á sárú ag 40% de thiománaithe ar stráicí áirithe. Anuas air sin, sainaithníodh sna sonraí nach bhfuil na luasanna á maolú go hoiriúnach mar fhreagairt do dhrochaimsir cosúil le báisteach trom nó teochtaí ísle bóthair.
 
Beidh an córas píolótach ceamaraí sábháilteachta meánluais in úsáid idir Acomhal 26-An tAonach (Thiar) agus Acomhal 27-Cnocán an Éin Fhinn, agus beidh an dá threo á monatóiriú agus is é seo an chéad chóras príomhlíne mótarbhealaigh in Éirinn. Tá córas comhionann in úsáid i dTollán Bhaile Átha Cliath ó lár 2017 agus d’éirigh thar cionn leis chomh fada is a bhain le hiompar tiománaithe a fheabhsú, agus laghdaigh an líon tiománaithe a bhí ag sárú na luasteorann de 80 km/h ó thart ar 55% go dtí díreach os cionn 10%.
 
Ba sna suíomhanna sonracha a roghnaíodh a bhí an líon is mó teagmhas aimsire/micrea-aeráide (clocha sneachta den chuid is mó) le tabhairt faoi deara a raibh minicíocht mhéadaithe imbhuailtí sa cheantar mar thoradh leo. Chomh maith leis sin, tá ionaid fheiliúnacha ag na suíomhanna roghnaithe chun an trealamh riachtanach a fheistiú iontu, an chomharthaíocht chuí a chrochadh, ceanglais fheiceálachta agus infheictheachta a chomhlíonadh, agus infreastruchtúr gaolmhar a d’éascaigh bonnlínte cearta a bhunú don staidéar.
 
Cuireadh tús le suiteáil an trealaimh ag na suíomhanna M7 ar an 8 Márta 2021 agus reáchtálfar tréimhse tástála agus choimisiúnaithe ina dhiaidh sin. Ag suíomhanna an M7, is gearr go bhfeicfidh tiománaithe an trealamh cois bóthair á shuiteáil don chóras ceamaraí. Áireofar anseo na cuaillí buí agus ceamaraí a shamhlaítear go traidisiúnta le trealamh tomhaiste luais.
 
Déanfaidh An Garda Síochána cinneadh maidir leis an dáta a mbeidh na hoibríochtaí ‘beo’ agus reáchtálfar seisiún eolais don phreas / déanfar fógra foirmiúil ar a laghad 10 lá sula dtarlaíonn sé sin. Cabhróidh sé seo chun aird daoine a tharraingt ar na ceamaraí sábháilteachta agus chun gach úsáideoir bóithre a spreagadh chun moilliú agus cabhrú linn beatha daoine a shábháil. Beidh córas de chomharthaí seasta rabhaidh in úsáid chun eolas a roinnt maidir leis an meánteorainn luais agus beidh Comharthaí Teachtaireachtaí Athraitheacha (CTA) breise in úsáid chun aird a tharraingt ar an dáta a mbeidh an córas ‘beo’. Sula gcuirfear tús le haon oibríochtaí, beidh an mheánteorainn luais á léiriú go soiléir ar chomharthaí cuí agus beidh Comharthaí Teachtaireachtaí Athraitheacha (CTA) in úsáid chun eolas a roinnt le tiománaithe faoin dáta a mbeidh an córas ‘beo’ mar aon le seisiúin eolais bhreise don phreas.
 
Is é an aidhm atá ann comhlíontacht seachas ionchúisimh a chinntiú. 
 
Bhí an méid seo a leanas le rá ag Ceannfort an Gharda Síochána, Tom Murphy; "Sábhálfaidh an córas seo beatha daoine agus cinnteoidh sé go mbeidh ár mbóithre níos sábháilte. Cúis áthais do An Garda Síochána a bheith ag obair le BIÉ agus RSA chun an tionscadal seo a chur i bhfeidhm. Is mian linn aird gach tiománaí a tharraingt ar an méid seo a leanas
 
  1. Na dainséir a bhaineann leis an stráice seo den ghréasán bóithre a úsáid
  2. An dainséar ar leith a bhaineann le ceathanna clocha sneachta agus drochaimsir sna limistéir seo.
  3. Na ceamaraí meánluais a bheidh in úsáid gan mhoill.
  4. An tábhacht a bhaineann le luas a bheith á laghdú ag tiománaithe ionas go mbeidh ról acu i mbeatha daoine a shábháil.
  5. An gealltanas atá tugtha againn tiománaithe a bhíonn ag tiomáint róthapa a ionchúiseamh chun beatha daoine a shábháil.”
Beidh rath an tionscnaimh seo mar bhonn le hiompar tiománaithe a athrú ó tharla nach bhfuil na luasanna tiomána atá le tabhairt faoi deara ar an M7 faoi láthair inghlactha. Beidh monatóireacht 24/7 á déanamh ar luas gan mhoill. Dar leis An Garda Síochána gurb é an rud a léireoidh rath an tionscadail breis comhlíontachta agus tá an teachtaireacht atá á scaipeadh simplí, #Speed kills, #Slowdown. In 2020, rinne Go Safe agus An Garda Síochána 357 luasbhrath gar d’Acomhal 26 agus d’Acomhal 27.
 
Bhí an méid seo a leanas le rá ag Kevin O’Rourke, Ceannasaí Oibriú Gréasáin BIÉ; "Is fianaise ar rath an chórais Ceamaraí Sábháilteachta Meánluais i dTollán Bhaile Átha Cliath é an laghdú 80% sa líon teagmhas luais. Tarraingíonn sé sin aird ar na buntáistí suntasacha sábháilteachta a d’fhéadfadh a bheith ann don úsáideoir bóithre agus dár bhfoirne atá ag obair ar na mótarbhealaí má úsáidtear córais den chineál seo ar an ngréasán mótarbhealaigh trí chéile agus tá sé ag teacht le taithí idirnáisiúnta.”
 
Bhí an méid seo a leanas le rá ag Michael Rowland, Stiúrthóir, Sábháilteacht ar Bhóithre, Oideachas & Taighde Tiománaithe, An tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre, "Tá sé cruthaithe go gcuireann tiomáint róthapa leis an riosca go dtarlóidh imbhualadh tromchúiseach nó marfach. Gach bliain, baineann thart ar aon trian de gach bás ar bhóithre in Éirinn le tiomáint róthapa. Dá n-éireodh linn an meánluas ar ár ngréasán bóithre a laghdú díreach 5%, d’fhéadfaimis básanna ar na bóithre a laghdú 20% agus gortuithe a laghdú 10%. Tá ceamaraí sábháilteachta in úsáid in Éirinn ó mhí na Samhna 2010 agus is léir go sábhálann siad beatha daoine. Is é an aidhm atá acu beatha daoine a shábháil agus gortuithe a chosc. Áit a bhfuil ceamaraí sábháilteachta in úsáid, tá básanna agus gortuithe tromchúiseacha de thoradh na tiomána róthapa laghdaithe. Tá rogha ag gach duine; is féidir linn moilliú agus beatha daoine a shábháil, nó is féidir linn tiomáint róthapa, ár mbeatha féin agus beatha daoine eile a chur i mbaol, agus b’fhéidir pointí pionóis agus fíneáil a fháil freisin.”
 
Príomhshonraí maidir le Conair an M7, J21 go dtí J28 (Figiúirí 2017)
  • Bhí an luasteorainn 120 km/h á sárú ag 41% de charranna
  • Bhí 31% de charranna ag taisteal ag agus suas go dtí agus lena n-áirítear 135 km/h
  • Bhí 10% de charranna ag taisteal os cionn 135 km/h
  • Ní raibh ach laghdú 2% le tabhairt faoi deara sa líon carranna a bhí ag taisteal os cionn 135 km/h mar fhreagairt do dhrochaimsir
Gníomhartha déanta feadh an M7 (J21 go dtí J28) mar fhreagairt do shonraí teagmhais:
  • Anailís ar shonraí (trácht, aimsir etc.) chun imthosca imbhuailte agus treochtaí a bhaineann le hiompar tiománaithe a shainaithint;
  • Tá braislí imbhuailte "scide fliuch” sainaitheanta ag An Garda Síochána agus BIÉ agus tá siad maolaithe trí úsáid a bhaint as idirghabhálacha innealtóireachta;
  • Comhoibriú i measc páirtithe leasmhara uile na sábháilteachta ar bhóithre chun eolas a roinnt le tiománaithe maidir leis na guaiseacha a bhaineann le drochaimsir; 
    • Fógraí ón Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre maidir le clocha sneachta;
    • Réamhaisnéisí Met Éireann lena n-áirítear aird a tharraingt ar chlocha sneachta nuair is gá;
    • Shuiteáil BIÉ Comharthaí Teachtaireachtaí Athraitheacha ar an M7 ag na suíomhanna a bhféadfadh clocha sneachta a bheith chun rabhadh a thabhairt do thiománaithe.