Sainchomhartha Tástála do Chúrsa Leithid do Thraschathrach Luas

Tá saothair tionscadail agus tástáil leanúnach le seirbhísí paisinéirí le tosú faoi Nollaig.

Dé Sathairn 17ú Meitheamh 2017, Baile Átha Cliath 

  •  Is sprioc thábhachtach don tionscnamh Traschathrach Luas de bharr go bhfuil na chéad tramanna ag rith ó Fhaiche Stiabhna go dtí Droichead Broome i gCabrach.
  • Tá an tionscnamh de réir sceidil do sheirbhísí paisinéirí le tosú faoi Nollaig.
D’fhreastail an tAire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt, Shane Ross TD, ar an gCúrsa Leithid Traschathrach Luas inniu a thástáil na chéad tramanna ar an tslí nua. Tá an tionscnamh ag dul isteach na sé mhí dheiridh d’obair roimh na seirbhísí paisinéirí ag tosú faoi Nollaig. 
 
Tá an cúrsa leithid ar siúl thar an dá lá ó Fhaiche Stiabhna ar an 5.9km slí go dtí Droichead Broome i gCabrach. Tá dhá thram á thabhairt ar rásaíocht siúil ar an ailíniú ó Thuaidh agus ó Dheas, iad ag stopadh ag gach ardán nua agus ag ainliú ar an tslí chun cead a thabhairt réimse de thomhais agus tástálacha a dhéanamh.    
 
Ag labhairt ag an gcúrsa leithid inniu, deir an tAire Ross “Is tionscadal tosaíochta a bhí sa Traschathrach Luas don Roinn agus tá sé ar sprioc le bheith comhlíonta agus faoi lán seoil faoi dheireadh na bliana. Beidh fáilte mhór roimh an tionscadal don líonra iompar poiblí i mBaile Átha Cliath, ag cur leis an acmhainn ghinearálta ar fáil a spreagfaidh tuilleadh daoine iompar poiblí a úsáid agus cuideoidh sé brú a laghdú sa chathair de bharr go bhfuil leanann leibhéal an ghníomhaíocht gheilleagrach ag fás.”
 
Ag tús na seachtaine rinne an tAire cathaoirleacht ar an gcruinniú deiridh den Ghrúpa Tionscadail Traschathrach Luas ina bhfuil ionadaithe gnó, an tÚdarás Náisiúnta Iompair (NTA) Bonneagar Iompair Éireann (TII), Bus Átha Cliath, agus an Garda Síochána. Bunaíodh an grúpa ag tús an tionscadal chun monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn agus chun a chinntiú go bhfanfadh an chathair ar oscailt le linn tréimhse na tógála.  
Freisin tá comhairliúcháin leanúnach ag dul ar aghaidh trí Fhóram Tráchta an Luas idir an NTA, TII, Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, Bus Átha Cliath, an Garda Síochána, ionadaithe gnó agus conraitheoirí ar thionchar na hoibre ar an trácht agus gnóthaí áitiúla.  
Lean an tAire “Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis an NTA agus TII ar an tionscadal iompair phoiblí mór seo a sholáthar in am agus taobh istigh den bhuiséad. Freisin ba mhaith liom a admháil an t-oibriú dearfach a bhí idir na geallsealbhóirí ar fad le linn tréimhse na tógála. Cé go bhfuil leibhéal éigin de chur isteach dosheachanta le linn tógáil tionscadail den mhéid seo, tá idirghabháil leanúnach le hionadaí gnó chun tionchar oibre an Luais a laghdú ar thrádálaithe go háirithe le linn tréimhsí thrádála gnóthaí an bhliain.”
 
“Aithním go raibh na blianta is déanaí dúshlánach don chathair agus gnóthaí agus tá muid ag siúl go mór leis an obair ag teacht chun deiridh agus tús an t-oibriúchán faoi dheireadh na bliana. Níl amhras ar bith orm go dtabharfaidh an Traschathrach Luas buntáistí móra chuig an gcathair, agus chuig na gnóthaí i lár na cathrach agus ar a shlí san áireamh, agus táim ag siúl go mór é a fheiceáil faoi lán sheol.”
 
Deir Anne Graham, Príomhfheidhmeannach an tÚdarás Náisiúnta Iompair (NTA): “Comórann an cúrsa leithid éacht mór do na páirtithe ar fad bainteach sa tionscadal. Tá an chathair céim níos gaire chun seirbhís Luas feabhsaithe go mór a bheith acu  Forbróidh an Traschathrach Luas córas iompair phoiblí chomhtháite i mBaile Átha Cliath tríd an Líne Ghlas reatha a leathnú ag Faiche Stiabhna go dtí Droichead Broome, agus trí athrú a chur ar fáil idir an Líne Dhearg agus Ghlas reatha i lár na cathrach.”
 
“Chomh luath agus atá sé ag obair ardóidh sé turais phaisinéara go suntasach in aghaidh na bliana ar an gcóras Luas agus osclóidh sé ceantair nua den chathair chuig buntáistí de chóras ráille éadrom. Nuair a thabharfar chun críche Traschathrach Luas faoi Nollaig laghdóidh sé trácht agus feabhsóidh sé taithí an t-iompar poiblí do chomaitéirí.”
 
Leis sin deir Micheal Nolan, Príomhfheidhmeannach, Bonneagar Iompair Éireann (TII), “Is é an tionscadal seo an tionscadal bonneagair is mó i mBaile Átha Cliath le blianta. Mar sin féin, ní amháin go dtabharfaidh sé buntáiste don chathair, ach de bharr go gcuireann an tslí phasáiste iompair ar ais in Iarthuaisceart lár na cathrach ar iar-ghearradh iarnróid na Cloiche Leithne agus tugann sé slí bhreise isteach chuig Baile Phib agus An Chabrach.”
 
“Le linn na míonna ag teacht leanfaidh na tástálacha ar aghaidh i dteannta críche na pábhála, cosáin, agus obair atógála carrbhealaigh. Ó lár Mheán Fhómhair tosóidh traenáil na dtiománaithe agus seirbhísí paisinéirí le tosú faoi Nollaig.”
 
Le haghaidh tuilleadh eolais:
www.luascrosscity.ie
 
Oifig Eolais Phoiblí agus na Meáin:
1800 303 653
@luascrosscity
info@luascrosscity,ie
 
Príomh Fhírice an Tionscadal:
  • Is é síneadh an Líne Ghlas atá ag cruthú athrú leis an Líne Dhearg
  • Tógfaidh sé 21 nóiméad an 5.9km a thaisteal ó Dhroichead Broome i gCabrach go dtí Faiche Stiabhna
  • Tá 13 stad nua ann, tá 8 gcinn acu seo i gcroílár cheantar na cathrach.
  • Is é costas an tionscadail ná €368m agus tá sé le críochnú i Nollaig 2017
  • Cruthóidh sé athruithe breise idir, bus, ráille agus Luas thar na líonraí iompair phoiblí 
CÉARD É CÚRSA LEITHID?
Is é an cúrsa leithid an chéad tástáil don chóras Traschathrach Luas roimh na seirbhísí paisinéirí ag tosú faoi Nollaig. Go bunúsach, is tramanna atá ag gluaiseacht ag luasanna malla (ó 5ksu suas go dtí 12ksu); fad agus atá sé ag cur i gcrích réimse de thomhais agus ag cinntiú go bhfuil an t-infreastruchtúr nua (ráillí agus sreanga lasnairde) ag obair leis na ráillí. Tugann sé seo cead don fhoireann innealtóireachta na sonraíochtaí cruinne a sheiceáil.   
 
Cinnteoidh na tástálacha don chúrsa leithid go bhfuil:
1. An fad  ó na ráillí reatha (leithead) agus an scaradh idir ráillí ceart chun gur féidir le tramanna gluaiseacht sa dá threo ag an am céanna gan bhac:
2. Téann na tramanna ar ráillí ó thuaidh agus ó dheas.
3. Is féidir le tramanna gluaiseacht thar na hardáin stad ar fad, colbhaí agus aon struchtúir eile leis an spás atá riachtanach.
4. Tá na bearnaí idir an t-ardán agus an tram ceart chun cead a thabhairt le haghaidh dul agus imeacht don tram go sábháilte.
5. Oibríonn an teagmháil idir na ráillí lasnairde agus an pantagraf i gceart. 
 
CÉARD A THEASTAÍONN UAIT CHUN TÁSTÁIL DON CHÚRSA LEITHID A DHÉANAMH?
1. Na ráillí ar fad don síneadh nua de 5.9 km idir Fhaiche Stiabhna go dtí Droichead a bheith críochnaithe;
2.Cumhacht a bheith ar na sreanga lasnairde;
3. Dhá thram
4. Foirne ón Phríomh Conraitheoir Infreastruchtúir agus Oibríochtaí an Luas chun bainistiú a dhéanamh ar na tástálacha agus tomhais a thógáil.
5. Foirne Bainistíochta Tráchta
6. Go mbeadh Gardaí ábalta tramanna a chuir trasna acomhail nach bhfuil coimisiúnta le haghaidh tramanna go fóill.