Tá na tramanna ar Líne Uaine an Luas ag éirí níos mó!

Tá Shane Ross, an tAire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt tar éis fógra a thabhairt go bhfuiltear tar éis síneadh a chur leis an gcéad cheann de na 26 tram ar an Líne Uaine agus tá sé anois i mbun seirbhíse do phaisinéirí.

Inniu, chuir an tAire Iompair, Shane Ross fáilte roimh an tseirbhís, an chéad cheann de na tramanna ar síneadh iad le déanaí feidhmiú ar Líne Uaine an Luas. Leis an síneadh 11.1m, táthar tar éis fad an tram mhéadú ó 44m go 55m, agus táthar tar éis cur leis an acmhainneacht paisinéirí faoi 30% dá bharr.
 
Tá an chéad cheann de na tramanna seo ar síneadh iad ar fáil i seirbhís do phaisinéirí ar an Líne Uaine anois, agus táthar chun 25 cinn eile a shíneadh agus dul i mbun seirbhíse sna 14 mhí atá amach romhainn. 
 
Síneofar gach aon cheann de na 26 tram trí 2 mhodúl nua a chur leis, agus an 2 mhodúl sin 11.1m ar fad, san iomlán. Ar an mbealach sin, déanfar na tramanna de chineál Luas Citadis 402 (43.6m) a thiontú ina tramanna de chineál níos faide, an Luas Citadis 502 (54.7m). 
 
Cuirfear leis an acmhainneacht paisinéirí leis na tramanna sínte, a méadófar ó 319 go 408.
 
Chomh maith leis na tramanna sínte sin, tá sé beartaithe ocht dtram úrnua 55m ar fad, a sholáthar in 2020, agus beidh acmhainneacht 408 paisinéir acu siúd go léir. Tugadh seacht dtram 55m isteach san fhlít anuraidh.
 
Tá an clár mór seo den infheistíocht chun cuidiú roinnt mhaith chun an brú atá ar sheirbhísí Líne Uaine an Luas a mhaolú. Tá fás tar éis teacht faoin líon turas ar an Luas, suas ó 30.5 milliún turas in 2013, go dtí 41.8 milliún in 2018, agus tá an t-éileamh fós ag dul i méid. Tá éileamh go háirithe ard ar sheirbhísí comaitéara buaicama ar Líne Uaine an Luas. 
 
Agus é ag nochtadh an chéad tram sínte, ag Iosta Luas Áth an Ghainimh, dúirt Shane Ross, an tAire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt “Tá lúcháir orm an chéad cheann de 26 tram Luas a fheiceáil ag dul isteach i seirbhís do phaisinéirí. Tá an rialtas tiomanta don tseirbhís iompair phoiblí a fheabhsú, agus tá sé sin le feiceáil san infheistíocht seo. Táim ag tnúth leis an tseirbhís Luas níos fearr a bheidh ar fáil do chustaiméirí ar an Líne Uaine sna míonna amach romhainn de réir mar a sínfear níos mó de na tramanna.”
 
Dúirt Anne Graham, POF an Údaráis Náisiúnta Iompair “Bhí an tÚdarás Náisiúnta Iompair sásta comhoibriú le Bonneagar Iompair Éireann chun 26 de thramanna Luas na Líne Uaine a leathnú. Beidh gach ceann de na tramanna sínte seo in ann 30% níos mó custaiméirí a iompar agus acmhainneacht mhéadaithe agus seirbhís níos fearr a chur ar fáil ar Líne Uaine an Luas. Táim ag tnúth go mór leis na síntí a bheith curtha leis na tramanna seo go léir agus tramanna níos faide a bheith ann chun níos mó paisinéirí a iompar acu le linn 14 mhí atá amach romhainn.”
 
Dúirt Michael Nolan, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Bhonneagar Iompair Éireann “Is cúis mhór áthais dúinn i mBonneagar Iompair Éireann an chéad cheann de na 26 tram Luas shíneadh agus a chur i mbun seirbhíse do phaisinéirí. Beidh Bonneagar Iompair Éireann, Alstom agus Transdev ag obair go dian sna 14 mhí atá amach romhainn chun na tramanna a shíneadh agus iad a chur i mbun seirbhíse do phaisinéirí. ”
 
“Tá Baile Átha Cliath ar thús cadhnaíochta arís agus na tramanna Citadis nua seo a fuarthas ó Alstom, lena bhfuiltear chun 11.1 méadar de spás breise a chur ar fáil do chustaiméirí ar gach aon tram. Bhí Baile Átha Cliath ar cheann de na céad chathracha ar domhan inar ordaíodh Citadis agus is é Baile Átha Cliath an chéad chathair ar domhan a fuair ceann de na tramanna 55m ar fad, lena gcuirfear spás do na paisinéirí ar an gcóras gnóthach seo nach bhfuil a shárú le fáil. Leis na tramanna Alstom nua-sínte seo, leantar leis an nós atá againn de bheith ag obair chun turais phaisinéirí i mBaile Átha Cliath a fheabhsú, rud a bhfuilimid an-bhródúil as.” a dúirt Piers Wood, Stiúrthóir Bainistithe, Rothstoc & Seirbhísí, Alstrom UK & Ireland.