M7 Uasghrádú Sheachbhóthar an Náis-Dhroichead Nua – Fógra Tráchta

Oscailt Trí Lána Soir ó Acomhal 11 (Cumasc M9) go dtí Achomhal 10 (An Nás Theas)
 
Ag brath ar choinníollacha aimsire fabhracha agus na gníomhaíochtaí riachtanacha ar fad a chur i gcrích, beidh 3 lána ar fáil do thrácht ar dhébhealach Soir an M7 ó Acomhal 11 (cumasc M9) go dtí Acomhal 10 (An Nás Theas) ó 6.00am, Dé hAoine, an 2 Lúnasa.
 
Meabhraítear do thiománaithe go mbeidh srianta lána i bhfeidhm ag pointí cumaisc an M7/M9, agus go mbeidh luasteorainn shealadach laghdaithe éigeantach i bhfeidhm ó Achomhal 11 (Cumasc/Dibhéirsiú an M7/M9) go dtí Acomhal 8 (Baile Eoin) fad is atá oibreacha ar bun ar an gciumhais/ar an ngualainn chrua.