Fógraíonn na hAirí Comhairliúchán Poiblí maidir le Líonra Rotharbhealaí Náisiúnta Nua na hÉirinn

Tugtar cuireadh don phobal a gcuid tuairimí a thabhairt faoi Líonra Náisiúnta Rothaíochta Nua na hÉireann.

  • Ba mhaith le Bonneagar Iompair Éireann tuairimí an phobail a chloisteáil faoi Líonra Náisiúnta na Rothaíochta uaillmhianach ar fhad 3,500km atá molta d’Éirinn.
  • Rachaidh an croíghréasán rothaíochta seo i bhfeidhm céim le céim sna blianta amach romhainn agus ceanglóidh sé príomhchinn scríbe ar fud na tíre le bealaí sábháilte mealltacha, lena n-áirítear os cionn 200 sráidbhaile, baile agus cathair.
  • Éascoidh an gréasán rothaíocht níos fusa agus níos sábháilte a chur ar fáil do thuilleadh dhaoine le haghaidh comaitéireachta, fóillíochta agus turasóireachta, rud a laghdóidh an spleáchas ar an gcarr.

Chuir Bonneagar Iompair Éireann (BIÉ) tús inniu leis na pleananna le haghaidh Líonra Náisiúnta na Rothaíochta uaillmhianach (LNR), croíghréasán rothaíochta pleanáilte ar fhad 3,500km a thrasnóidh go géar ar fud na tíre, ag ceangal os cionn 200 sráidbhaile, baile agus cathair. Áireoidh an líonra seo naisc rothaíochta le moil iompair, ionaid oideachais, ionaid fostaíochta agus cinn scríbe fóillíochta agus turasóireachta, agus tacóidh sé leis an seachadadh rothar “an mhíle dheireanach”.

Mar chúlfhaisnéis, d’iarr an tAire Iompair Eamon Ryan anuraidh ar BIÉ ceannas a ghabháil ar fhorbairt LNR nua d’Éirinn. Ó Fhómhar na bliana 2021 i leith, tá BIÉ ag obair le raon comhpháirtithe, lena n-áirítear an Roinn Iompair, chun dréacht LNR a fhorbairt le haghaidh comhairliúcháin leis an bpobal. Ceaptar go gcuirfear an plean deiridh, a chuirfidh an aiseolas agus na smaointe a fuarthas ón bpobal san áireamh, faoi bhráid an Aire i Ráithe 3 na bliana seo, lena fhaomhadh i gcomhréir leis an bPlean Gníomhaíochta Aeráide. Tosóidh céim feidhmithe an LNR go tapa ina dhiaidh sin.

Dúirt an tAire Ryan: “Tá leathnú ár ngréasán rothaíochta ríthábhachtach dúinn chun go mbeidh sé ar chumas gach éinne, idir óg agus aosta, idir cathrach agus tuaithe, taitneamh a bhaint as an rothaíocht nó dul leis an rothaíocht arís. Cé go leanfaimid ar aghaidh ag infheistiú sna Glasbhealaí cosúil leis an mbealach idir Gaillimh agus Baile Átha Cliath atá á fhorbairt againn faoi láthair, ní bhaineann sé seo ach amháin le conairí a chur ar fáil don fhadrothaíocht. Tá an líonra beartaithe seo dírithe ar an taisteal agus ar an úsáid laethúil - ag ceangal sráidbhaile amháin le sráidbhaile eile, bailte le sráidbhailte, cathracha le bailte. Is céim eile é den nasc atá á chruthú againn idir pobail na tíre, chun an oiread againn agus is féidir a chumasú agus a spreagadh chun an rothar a roghnú agus sinne i mbun taistil. Cuirfidh an gréasán naisc ar fáil le modhanna inbhuanaithe eile an iompair, rud a chumasóidh go ndéanfar tuilleadh taistil ag baint úsáide as an mbus, as an traein agus ag siúl”. 

Cuireann léarscáil seo an LNR mórán Glasbhealaí reatha agus pleanáilte le chéile chomh maith le raon rotharbhealaí nua atá molta mar chuid de chonairí náisiúnta na rothaíochta. Cuirfidh an LNR le tionscadail forbartha na rothaíochta áitiúla agus leis na Glasbhealaí. Arna fhorbairt ag an gclár Taisteal Gníomhach agus arna mhaoirsiú ag an Údarás Náisiúnta Iompair (ÚNI), cuirfidh sé ar chumas na ndaoine rothaíocht go héasca go dtí láir na sráidbhailte, láir na mbailte agus láir na gcathracha. Ceaptar go ndéanfaidh na húdaráis áitiúla an chuid is mó den LNR a sheachadadh sna blianta atá romhainn.

Dar leis an Aire Stáit Naughton: “Is ar leas na rothaithe agus na bpobal áitiúil ar fud na tíre a bheidh san LNR. Cabhróidh sé le comaitéirí, le húsáideoirí fóillíochta agus le turasóirí an rothaíocht a roghnú, ag spreagadh an t-aistriú go dtí saghas sláintiúil an taistil agus ag cuidiú le laghdú astuithe an charbóin ón iompar. Beidh an LNR comhdhéanta as bealaí inrochtana, inbhuanaithe agus ar ardchaighdeáin an iompair. Díreoidh an fhorbairt seo ar an sábháilteacht ar na bóithre, agus ar shábháilteacht agus ar shlándáil na rothaithe araon.”

Tá an comhairliúchán poiblí ar an LNR nua ar oscailt ón gCéadaoin an 4 Bealtaine go dtí Dé Máirt an 7 Meitheamh na bliana 2022. Tá léarscáil an LNR agus an chúlfhaisnéis a baineann leis, chomh maith leis na sonraí maidir le conas do thuairim a chur in iúl, le fáil ar líne anseo.