Seolann BIÉ comhairliúchán poiblí ar straitéis don ghréasán Bóithre Náisiúnta ar fud na hÉireann

  • Tá tuairimí á lorg ag BIÉ maidir lena straitéis fhadtéarmach maidir le pleanáil, oibriú agus cothabháil líonra na mBóithre Náisiúnta
  • Tá sé mar aidhm ag an straitéis seachadadh polasaí, pleananna agus spriocanna náisiúnta a chumasú lena n-áirítear dícharbónú na hearnála iompair
  • Sainíonn sé punanna infheistíochta BIÉ do na blianta atá le teacht agus tugann sé treoir do Ghníomhaireachtaí Urraíochta agus d’Údaráis Áitiúla

Tá straitéis á forbairt ag Bonneagar Iompair Éireann (BIÉ) don ghréasán Bóithre Náisiúnta (NR2040). Tá sé mar aidhm ag an straitéis seachadadh Thionscadal Éireann 2040 (Creat Náisiúnta Pleanála) a chumasú, tacú le roinnt Cuspóirí Straitéiseacha Náisiúnta (NSO) a chur i gcrích agus ailíniú le Creat Náisiúnta Infheistíochta um Iompar in Éirinn (NIFTI) agus le beartas rialtais eile.

Is í fís BIÉ ná go mbeadh an gréasán Bóithre Náisiúnta ina chóras iompair inbhuanaithe atá ag forbairt agus dírithe ar shábháilteacht, nuálaíocht, inrochtaineacht agus luaineacht daoine, earraí agus seirbhísí.

Seachadfaidh BIÉ an straitéis i gcomhar le gníomhaireachtaí rialtais eile agus páirtithe leasmhara iompair chun cur chuige comhsheasmhach a sholáthar chun an fhís seo a bhaint amach. De réir mar a chuirtear NR2040 i bhfeidhm sna blianta atá le teacht, beidh sé tábhachtach go n-oibreoidh BIÉ le páirtithe leasmhara chun monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ag an am céanna a chinntiú go bhfreastalaítear ar riachtanais úsáideoirí ar fud an ghréasáin bóithre.

Tá BIÉ ag tabhairt cuireadh don phobal agus d’aon duine ar spéis leo a dtuairimí a roinnt ar dhréachtstraitéis NR2040. Tá an comhairliúchán poiblí oscailte ón 5 Lúnasa go dtí an 14 Deireadh Fómhair 2022. Tá sonraí faoin gcomhairliúchán, lena n-áirítear conas freagairt, le fáil ar líne anseo.

An evolving sustainable transport system focused on safety, innovation, accessibility and mobility of people, goods, and services.