Tá Seachbhóthar Ros Mhic Thriúin an N25 agus Droichead Róis Nic Gearailt-Uí Chinnéide ar Oscailt Anois

Osclaíodh scéim sheachbhóthar Ros Mhic Thriúin don trácht ag 10:15AM Déardaoin, an 30 Eanáir. Déanfaidh sé brú tráchta seasta i mBaile Ros Mhic Thriúin a réiteach go mór agus laghdóidh sé amanna taistil a fhaide le 30 nóiméad. Chomh maith leis sin, cuirfidh sé éifeachtúlachtaí ar fáil ar bhealach straitéiseach an N25 ó Chorcaigh go Europort Ros Láir, agus tacóidh sé, chomh maith, le borradh agus inbhuanaitheacht Bhaile Ros Mhic Thriúin agus réigiún an Oirdheiscirt amach anseo. Déanann an scéim bealach an N25 a cheangal le bealach an N30 ó Ros Mhic Thriúin go hInis Córthaidh, chomh maith.
 
Bhí an Taoiseach, Leo Varadkar i dteannta Rose Katherine Kennedy Townsend ag searmanas oscailte oifigiúil Sheachbhóthar Ros Mhic Thriúin an N25 ag Bonneagar Iompair Éireann, Comhairle Contae Loch Garman agus Comhairle Contae Chill Chainnigh Dé Céadaoin, an 29 Eanáir 2020.
 
Tá struchtúr atá 887 méadar ar fad ar a dtugtar Droichead Róis Nic Gearailt, an droichead is faide in Éirinn, i gceist leis an Tionscadal Seachbhóthair 15 chiliméadar agus tá a dhá phríomhréise ar na réisí coincréite iartheannta is faide dá mhacasamhail ar domhan. Trasnaíonn an droichead Abhainn na Bearú idir Loch Garman agus Cill Chainnigh agus cruthaíonn sé cuid mhór den infheistíocht €230 milliún i réigiún an Oirdheiscirt agus soláthraíodh an tionscadal gan an buiséad a shárú.
 
Cuireann Seachbhóthar Ros Mhic Thriúin an N25, agus mótarbhealach an M11 ó Ghuaire go hInis Córthaidh a osclaíodh in Iúil 2019 feabhas suntasach ar nascacht agus inrochtaineacht fhoriomlán Loch Garman, Chill Chainnigh agus réigiún iomlán an Oirdheiscirt.
 
Bhí an Taoiseach, Leo Varadkar, T.D. agus Rose Katherine Kennedy Townsend i bhfeighil oscailt Scéim CPP an N25 agus Dhroichead Róis Nic Gearailt-Uí Chinnéide i láthair an Uasail Cormac O’Rourke, Cathaoirleach BIÉ, an Comh. Michael Sheehan, Cathaoirleach Chomhairle Contae Loch Garman agus an Comh. Peter Cleere, Cathaoirleach Chomhairle Contae Chill Chainnigh. 
 
Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar: “Athróidh an seachbhóthar nua seo, a gcuimsítear ann an droichead is faide in Éirinn, Ros Mhic Thriúin, Loch Garman, Cill Chainnigh agus an tOirdheisceart ó bhonn. Trí bhrú tráchta agus amanna taistil a laghdú, feabhas a chur ar shábháilteacht ar bhóithre, agus deiseanna geilleagracha a chruthú, déanfaidh seo difear ollmhór do chomaitéirí, do theaghlaigh, do ghnólachtaí agus do thurasóirí. 
 
“Fad a dhruideann réadúlacht Brexit linn, infheistíocht dár slándáil gheilleagrach amach anseo é an infheistíocht seo i nascacht níos fearr le Ros Láir. Tá an seachbhóthar seo mar chuid de scéal Thionscadal Éire 2040 agus baineann ceangail leis, chomh maith. Is éard a bhaineann leis ná nascacht a neartú idir codanna éagsúla dár dtír, agus ár bpobail a neartú. Gabhaim buíochas le hobair dhian agus íobairtí na ndaoine san Oirdheisceart, le tacaíocht ó infheistíocht agus na beartais chearta, tá cás dochreidte teachta aniar á thabhairt faoi deara againn don cheantar seo.”
 
Tá Seachbhóthar Ros Mhic Thriúin an N25 á sholáthar mar thoradh ar obair breis agus 20 bliain a rinne Bonneagar Iompair Éireann (an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta roimhe seo), Comhairle Contae Loch Garman agus Comhairle Contae Chill Chainnigh, anuas ar chomhairleoirí teicniúla don scéim, Mott MacDonald Ireland. Thug Comhfhiontar Ros Mhic Thriúin, ina bhfuil BAM Civil agus Dragados, faoi oibreacha tógála. Ar an meán, fostaíodh lucht saothair 300 duine i rith na tógála agus críochnaíodh thart ar 2.5 milliún uair an chloig d’obair ar an láthair chun an scéim a thabhairt chun críche.
 
Ag labhairt ag an imeacht, dúirt iníon gharpháiste Rose Fitzgerald Kennedy, Rose Katherine Kennedy Townsend, “Ómós iontach do mo shin-sheanmháthair é an droichead seo, agus is siombail é dá grá seasmhach agus ceacht atá ann gur cuma cé atá ionat nó cad as duit, clann Dé sinn go léir. Nuair a bhagraíonn roinnt ceannairí chun sinn a bhrú óna chéile, is gá dúinn onóir a léiriú orthu siúd a thógann droichid a thugann le chéile sinn.”
 
Luaigh Cormac O’Rourke, Cathaoirleach Bhonneagar Iompair Éireann, “Rinne Tionscadal Sheachbhóthar Ros Mhic Thriúin an N25 ceann de na struchtúir is íocónaí in Éirinn a sholáthar.  Ní hamháin go ngabhann an droichead seo trasna Abhainn na Bearú ach tugann sé pobail Loch Garman agus Chill Chainnigh le chéile níos dlúithe”.
 
Dúirt Cathaoirleach Chomhairle Contae Loch Garman, Michael Sheehan, go gcumasóidh an gréasán nua bóithre an réigiún a athfhorbairt, go scaoilfidh sé le cumas agus go ndéanfaidh sé Ros Mhic Thriúin a athnuachan. “Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le gach duine de na daoine go léir a bhí bainteach i ngach gné de thionscadal an lae inniu agus gabhaim buíochas leo as an tsárobair a rinne siad. I stua stair ár gContae, tráth ríthábhachtach é an lá inniu agus buaicphointe é inár saol féin, mar gheall go gcuimhneoimid le bród ar an ócáid seo agus braithfimid gur bhaineamar éacht stairiúil amach, agus gur thógamar droichead a fhad le todhchaí níos fearr. Tá ár dtráth druidte linn; is fúinn anois atá sé chun caibidil nua dár dtodhchaí a scríobh. Mar gheall go bhfuil seoid dhomhanda innealtóireachta agus gréasán sofaisticiúil bóithre ar leac ár ndorais, tá Contae Loch Garman réidh anois chun aghaidh a thabhairt ar ré nua infheistíochta, tionscail agus spéise.”
 
Dúirt Cathaoirleach Chomhairle Contae Chill Chainnigh, Peter Cleere, “Iontas innealtóireachta ann féin atá i nDroichead Róis Nic Gearailt-Uí Chinnéide. Meallfaidh sé cuairteoirí go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta araon díreach chun sásamh a bhaint as a láithreacht agus na scileanna innealtóireachta a theastaigh chun é a thógáil agus a dhearadh. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le gach duine a bhí bainteach leis an tionscadal seo a chur i gcrích.”
   
Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Loch Garman, Tom Enright, “Nasc ríthábhachtach eile é Seachbhóthar Ros Mhic Thriúin an N25 i nascacht fhoriomlán agus sa rochtain níos sábháilte ar Réigiún an Oirdheiscirt; chuig agus ó Chontae Loch Garman agus baile Ros Mhic Thriúin, ach go háirithe. Meallfaidh an fhorbairt mhór bhonneagrach seo infheistíocht isteach sa Réigiún. Is éard a bheidh mar thoradh ar an mbrú seasta tráchta i Ros Mhic Thriúin a réiteach ná feabhsúcháin chomhshaoil agus ar chaighdeán na beatha, a dhéanfaidh rogha ceann scríbe den bhaile stairiúil. Nuair a chuirtear an fhorbairt shuntasach seo, na féidearthachtaí agus na hionchais do Ros Mhic Thriúin, Contae Loch Garman agus, go deimhin, Réigiún an Oirdheiscirt, san áireamh, tá todhchaí níos gléiní ná mar a bhí riamh i ndán don cheantar.”
 
Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Chill Chainnigh, Colette Byrne, “Lá iontach do bhaile Ros Mhic Thriúin, na pobail agus na daoine a chónaíonn i gCill Chainnigh Theas agus Loch Garman agus Réigiún níos fairsinge an Oirdheiscirt é oscailt Dhroichead Róis Nic Gearailt-Uí Chinnéide. Cuireann críochnú an tionscadail seo, anuas ar Sheachbhóthar Inis Córthaidh, feabhas mór ar nascacht ó Réigiún an Oirdheiscirt go Baile Átha Cliath. Déanann droichid áiteanna, pobail agus daoine a cheangal. Cuirfidh an droichead seo ar chumas pobal chun oibriú as lámh a chéile ar mhaithe le Loch Garman agus Cill Chainnigh. Tá súil agam go dtaistealóidh gach duine a úsáideann an droichead seo go sábháilte.”
 
Ó Bhaile Uí Dhonnagáin, Loch Garman, iad sinsir 35ú huachtarán na Stát Aontaithe, John F Kennedy. Tá Teach Mhuintir Uí Chinnéide suite níos lú ná míle amháin ón droichead nua. Thug an tUachtarán Kennedy cuairt go bródúil ar bhaile a mhuintire, Ros Mhic Thriúin, i samhradh 1963. Mhol deirfiúr an uachtaráin a bhásaigh, iar-ambasadóir na Stát Aontaithe, Jean Kennedy Smith, go n-ainmneofaí an droichead in ómós dá máthar, i gcuimhne ar an teaghlach iomlán sínte. Chun teacht ar bhreis sonraí agus chun amharc ar fhíseáin faoi dhul chun cinn agus físeán imeachta ama de thógáil Dhroichead Róis Nic Gearailt-Uí Chinnéide, féach: https://www.n25newross.ie/project-updates/
 
 
CRÍOCH 
 
 
Eolas breise:
 
Tá Seachbhóthar Ros Mhic Thriúin an N25 á sholáthar mar thoradh ar obair breis agus 20 bliain a rinne Bonneagar Iompair Éireann (an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta roimhe seo), Comhairle Contae Loch Garman agus Comhairle Contae Chill Chainnigh, anuas ar chomhairleoirí teicniúla don scéim, Mott MacDonald Ireland. Cuireadh an tionscadal ar siúl mar Chonradh  Comhpháirtíochta Príobháidí Poiblí (CPP) idir Bonneagar Iompair Éireann agus an Chuideachta CPP, ina bhfuil CPP BAM, PGGM Infrastructure Coöperatie U.A. agus Iridium Concesiones de Infraestructuras S.A.
 
Thug Comhfhiontar Ros Mhic Thriúin, ina bhfuil BAM Civil agus Dragados, faoi oibreacha tógála. Ghníomhaigh Arup agus Carlos Fernandez Casado mar dhearthóirí do Chomhfhiontar Ros Mhic Thriúin. Ar an meán, fostaíodh lucht saothair 300 duine i rith na tógála agus críochnaíodh thart ar 2.5 milliún uair an chloig d’obair ar an láthair chun an scéim a thabhairt chun críche.
 
Nuair a chuirtear breithnithe optamacha oibríochtúla agus sábháilteachta san áireamh, beidh an bóthar ar oscailt do thrácht poiblí ag meán lae Déardaoin, an 30 Eanáir 2020.
 
Staitisticí faoin Seachbhóthar
14 chiliméadar de dhébhealach nua ar an N25 agus ar Phríomhbhóithre Náisiúnta an N30.
1 chiliméadar de charrbhealach singil nua ar Phríomhbhóthar Náisiúnta an N30.
Trí acomhal nua timpealláin chomhréidh a chruthaíonn ceangail idir an phríomhlíne nua agus bealach reatha an N25 agus an N30.
Acomhal ilairde leathdhlúth amháin a cheanglaíonn an phríomhlíne a fhad le Bóthar an R733 le Leithinis Duáin.
Thart ar 22 ciliméadar de bhóithre nua réigiúnacha, áitiúla agus rochtana.
46 Príomhstruchtúr, 3 thardhroichead bóthair, 8 bhfodhroichead bóthair, 1 thardhroichead iarnróid, 16 íosbhealach feirme agus droichead easdroma trí thúr 887 méadar ar fad a iompraíonn an phríomhlíne os cionn Abhainn na Bearú.
 
ROS MHIC THRIÚIN 
Tacóidh an tionscadal le borradh agus inbhuanaitheacht Ros Mhic Thriúin amach anseo agus leis an réigiún níos fairsinge agus tá infheistíocht de bhreis ar €50 milliún beartaithe sna blianta amach romhainn, na tionscnaimh seo a leanas ina measc:
  • Feabhsúcháin ar an ríocht phoiblí i mBaile Ros Mhic Thriúin, chomh maith le bealaí rochtana ar an mbaile.
  • Glasbhealach ó Ros Mhic Thriúin go Port Láirge a fhorbairt agus síneadh breise a chur leis a fhad le Rinn Duáin.
  • Tionscnaimh nua turasóireachta agus chaitheamh aimsire.
  • Déanann an Seachbhóthar na tionscnaimh seo a éascú go díreach trí bhrú tráchta a bhaint ó Ros Mhic Thriúin agus ó bhealaí artaireacha isteach sa bhaile.
 
Fíricí Suimiúla
 
An Tionscadal Foriomlán:
  • €230 MILLIÚN – buiséad iomlán na scéime (costais chaipitil)
  • 46 ROGHA BEALAIGH – arna measúnú i dtosach, agus laghdaíodh iad anuas go dtí 5 cinn sular aithníodh an rogha bealaigh is dealraithí a roghnófar.

 

Droichead Róis Nic Gearailt-Uí Chinnéide:
  • 887 méadar AR FAD - an droichead is faide in Éirinn
  • RÉISÍ LÁIR 230 méadar - Na réisí deice coincréite iartheannta is faide dá macasamhail ar domhan
  • 70,000 TONNA DE CHOINCRÉIT – breis agus 3,500 ualach leoraí
  • 7,000 TONNA DE CHRUACH ATREISITHE – cosúil le meáchan Thúr Eiffel
  • 500 CILIMÉADAR DE SHREANG CHÁBLAITHE – le haghaidh cáblaí teanntán deice, chomh fada céanna le hoileán na hÉireann, nach mór.
  • 150 TONNA DE THAISTEALAÍ FOIRME – córas sealadach foirmeánachta a chrochtar ó dheireadh na deice starrmhaide chun codanna seicheamhacha de dheic choincréite a dhoirteadh
  • 36 MÉADAR OS CIONN AN UISCE – leibhéal na deice os cionn lán mara
  • 27 MÉADAR OS CIONN NA DEICE – airde an túir lárnaigh os cionn leibhéal na deice
  • PÍLÍ 40 MÉADAR AR DOIMHNEACHT – a bhfuil trastomhas 1.2 méadar acu agus atá fréamhaithe 10 méadar isteach sa charraig do na bunsraitheanna ag Cé 4
 
  • Figiúirí Eile Spéise
  • 285,000 CRANN AGUS TOR – curtha feadh na scéime
  • 125,000 TONNA D’ÁBHAR BIOTÚMANACH – leagtha do phábhálacha bóthair
  • 16 ÍOSBHEALACH FEIRME – tógtha chun freastal ar ghluaiseacht beostoic agus innealra 
  • 20 ÍOSBHEALACH MAMACH – faoin mbóthar chun bealaí sealgaireachta a cheangal
  • 1,000 DUINE – d’oibrigh breis agus an méid seo daoine ar an láthair
  • 14 NÁISIÚNTACHT – chuir an méid seo náisiúntachtaí leis an obair a rinneadh ar an láthair
  • 2.5 MILLIÚN UAIR AN CHLOIG – oibríodh an méid seo uaireanta an chloig ar an láthair
 
Seandálaíocht a Aimsíodh:
Thángthas ar 32 suíomh seandálaíochta nach raibh cur amach orthu roimhe seo agus rinne seandálaithe ó TVAS (Ireland) Ltd. iad a thochailt. Cuireadh an taifead ar an tseandálaíocht seo a aimsíodh i gcomhad go mbeidh an pobal in ann breathnú air ag Ard-Mhúsaem na hÉireann.
 
I measc na rudaí ba shuntasaí a aimsíodh, bhí bunsraitheanna teach adhmaid ag Réilín. Thóg cuid de na chéad fheirmeoirí sa Chlochaois (Neoiliteach) é i ndiaidh dóibh an choillearnach nádúrtha a ghlanadh, barra a chur agus a mbeostoc a thógáil sa cheantar seo beagnach 6000 bliain ó shin. Nochtann adhlacthaí créamtha a aimsíodh in Berkeley, Camlinn agus Baile an Stócaigh gnéithe de chreideamh ár sinsear sa Chré-Umhaois 3-4,000 bliain ó shin. Aimsíodh iarsmaí áitreabh feirme meánaoiseach 700 bliain d’aois ag Fearann na Scéimhe.