Oscailt oifigiúil Scéim €18.7m an N56 ón gCúl Buí go Cill Mhic Réanáin Dé Luain

Osclóidh an tAire Oideachais agus Scileanna, Joe McHugh T.D. agus Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Comhairleoir Nicholas Crossan, Scéim €18.7m an N56 ón gCúl Buí go Cill Mhic Réanáin go hoifigiúil tráthnóna Dé Luain ag 2pm.
 
Príomhchonair iompair é an scéim 3.1 ciliméadar, a bhain cora míchlúiteacha ‘na Bruacha Gorma’ ón mbóthar, a ghabhann chuig iarthuaisceart Dhún na nGall, agus chuig Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha, Aerfort Dhún na nGall agus an Ghaeltacht.  
 
Anuas ar an mbóthar nua, tógadh cosán/raon rothar roinnte 2 mhéadar ar an dá thaobh den bhóthar agus tá súil leis go sínfear an raon nua roinnte seo a fhad le Leitir Ceanainn.  
 
Tá soláthar na scéime seo mar thoradh ar obair a ghlac breis ar 8 mbliana a rinne Oifig Bóithre Náisiúnta Dhún na nGall agus cuireann sé síneadh le tionscadal an N56 ó Bharr Sléibhe go hEileastran, a críochnaíodh in 2009.   Bhí carrbhealach cúng, ciumhais shuntasach ar bith agus roinnt acomhal, bealaí agus slite isteach a bhí drochailínithe ar an mbóthar i dtosach báire.  Rinne an scéim nua an bóthar a leathnú agus a athailíniú ina charrbhealach 7 méadar ar a bhfuil stráicí agus ciumhaiseanna crua.
 
I gcomhoibriú leis an tionscadal seo, thóg Uisce Éireann príomhphíobán uisce agus príomhphíobán uisce dáileacháin nua a fhreastalaíonn ar Leitir Ceanainn agus an ceantar máguaird in aice agus feadh an N56.
 
Cuireadh tús le hobair ar an scéim seo in Eanáir 2018 agus ghlac sé 18 mí lena críochnú.  Ba é BAM Civils Ltd. an príomhchonraitheoir, ba é RPS Consulting Engineers an Dearthóir agus rinne Barry Transportation maoirseacht ar na hoibreacha thar ceann Chomhairle Contae Dhún na nGall. Rinne an Oifig Bóithre Náisiúnta i mBaile Dhún na nGall bainistiú ar an Tionscadal thar Chomhairle Contae Dhún na nGall.
 
Beidh an oscailt oifigiúil ar siúl ag 2pm tráthnóna Dé Luain ag Caonachán i Leitir Ceanainn.