Tacaigh le “Lá Eorpach gan Bás ar na Bóithre” 26ú Meán Fómhair

 
A Gheallsealbhóir maidir le Sábháilteacht ar Bóithre,
Ar an Déardaoin 26ú Meán Fómhair, tacóidh an Garda Síochána agus an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (ÚSB) go bródúil leis an tríú “Lá Eorpach gan Bás ar na Bóithre” (Tionscadal EDWARD), tionscnamh arna eagrú ag TISPOL, líonra Phóilíní Tráchta na hEorpa.
 
Maraítear 70 duine gach lá ar bhóithre na hEorpa ar an meán agus cé go raibh líon na mbásanna ar na bóithre i 2017 ní ba ísle ná mar a bhí riamh in Éirinn, ní féidir linn bheith réchúiseach faoi shábháilteacht ar na bóithre.
 
Is í aidhm Tionscadal EDWARD ná nach mbeidh aon bhás ar bhóithre na hEorpa Dé Déardaoin 26ú Meán Fómhair 2019. Mar sin, ar 26ú Meán Fómhair, táimid ag iarraidh ar gach duine a úsáideann na bóithre smaoineamh - fiú ar feadh cúpla nóiméad - faoi na contúirtí atá romhat, an acmhainneacht go mbéifeá i do chontúirit do dhaoine eile agus conas is féidir leat  na contúirtí sin a laghdú. Tá sé ar do chumas fíordhifríocht a dhéanamh trí rogha simplí a dhéanamh – bheith sábhailte stuama gach uair a úsáideann tú na bóithre.
 
Cé acu ionadaí roinn rialtais, eagraíocht phríobháideach, gníomhaireacht phoiblí, tiománaí ar obair, carthanais, scoile, coláiste nó ollscoile thú, nó go bhfuil suim agat mar ghnáthdhuine, bí linn agus tabhair gealltanas go dtacóidh thú le Tionscadal EDWARD, agus déan do chuid féin chun contúirtí a laghdú agus sábháilteacht a fheabhsú do na daoine a úsáideann na bóithre.
 
Is freagracht chomhroinnte í sábháilteacht ar na bóithre, díreach mar is spáis comhroinnte iad na bóithre atá againn. Níl an ceart ag aon duine iad féin a iompar ar bhealach a chuireann daoine eile i mbaol. B'fhéidir go gceapann tú go bhfuil sé ceart go leor tiomáint beagán thar an luasteorainn, nó gan ach cúpla deoch a ól agus tiomáint abhaile. Ach is í an fhírinne thragóideach go bhféadfadh iarmhairtí tromchúiseacha agus tubaisteacha a bheith ag na gníomhartha seo do dhaoine eile.
 
Mar sin, tabhair do thacaíocht inniu ag www.projectedward.eu agus oibrímis le chéile chun beatha daoine a shábháil Dé Déardaoin 26ú Meán Fómhair. Roinn é seo le chomhghleacaithe, cairde, baill teaghlaigh, daoine muinteartha agus mic léinn agus spreag iad leis an rud céanna a dhéanamh.
 
Tacaíonn an Coimisiún Eorpach le Tionscadal EDWARD. Gheall gach ceann de na 30 ballstát TISPOL agus líon méadaitheach de eagraíochtaí um shábháilteachta ar bhóithre go n-oibreoidh siad le TISPOL chun teachtaireachtaí EDWARD a chur chun cinn chomh fada fairsing agus is féidir.
 
Go raibh maith agat as do thiomantas leanúnach do shábháilteacht ar bhóithre.

Le haghaidh tuilleadh eolais féach an nasc seo: https://www.tispol.org/edward
Twitter: @ProjectEdward

Logos