An M7, an J9a agus Seachbhóthar na Sollán á nOscailt Dé hAoine, an 9 Aibreán 2021

An M7, an J9a agus Seachbhóthar na Sollán á nOscailt Dé hAoine, an 9 Aibreán 2021 Osclófar Seachbhóthar nua na Sollán don trácht ag 11.00am Dé hAoine, an 9 Aibreán. Tógadh Acomhal nua 9a Bhaile Osbeirn agus Timpeallán nua na Sollán mar chuid den seachbhóthar, a thosaíonn ag Bóthar Dáileacháin an Náis ag Páirc na Mílaoise agus a chríochnaíonn ag Bóthar Chlaonta.  Is é an dara céim den tionscadal foriomlán atá le soláthar. Críochnaíodh an chéad céim, leathnú an M7, agus osclaíodh é don trácht an 19 Samhain 2019. Cuirfidh oscailt sheachbhóthar na Sollán inrochtaineacht níos mó ar fáil go dtí agus ón M7 go dtí an Nás, na Solláin agus an ceantar máguaird.  Ní bheidh an nascbhóthar nua san áireamh san oscailt ón Sheachbhóthar na Sollán go Sráidbhaile na Sollán. Meastar go n-osclófar é seo níos déanaí i mbliana.
 
Cistíonn an Roinn Iompair, Bonneagar Iompair Éireann (BIÉ) agus Comhairle Contae Chill Dara leathnú an M7 agus Scéim Sheachbhóthar na Sollán agus tá sé á thógáil ag comhfhiontar Siac/Colas. Bhí breis agus 350 duine fostaithe go díreach ar an tionscadal i rith bhuaic na céime tógála. 
 
Cuireann Seachbhóthar nua na Sollán thart ar 1.7 ciliméadar de dhébhealach agus 1.85 ciliméadar de charrbhealach singil ar fáil agus tógadh seacht struchtúr, struchtúr ina measc faoi Líne Iarnróid Bhaile Átha Cliath-Chorcaí agus droichid thar an M7 ag Baile Osbeirn, an Chanáil Mhór agus Abhainn na Life.
 
Ag trácht dó ag oscailt Sheachbhóthar nua na Sollán, dúirt an tAire Iompair Éamann Ryan: “Cuirfidh an Seachbhóthar go leor faoisimh ar fáil do bhrú tráchta i Sráidbhaile na Sollán agus sa cheantar máguaird agus cuirfidh sé feabhas ar shaol laethúil daoine i sráidbhaile na Sollán, sa Nás agus níos faide i gcéin. Tá bearta sa scéim a chuirfidh feabhas ar rothaíocht agus ar shiúl agus cuirfear raonta rothar agus cosáin scartha agus nascacht ar fáil do bhealaí reatha taistil ghníomhaigh. Anuas air sin, cuirfidh an tionscadal feabhas ar bhealaí iompair phoiblí, go háirithe rochtain ar stáisiún traenach na Sollán.”
 
Dúirt Celina Barrett, Stiúrthóir Seirbhísí, Bóithre, Iompar agus Sábháilteacht Phoiblí, Comhairle Contae Chill Dara; “Tá ríméid ar Chomhairle Contae Chill Dara Seachbhóthar nua na Sollán a oscailt go hoifigiúil. Tionscadal tábhachtach bonneagair é seo agus tionscadal é a chreidimid a rachaidh chun 
mórshochair mhuintir Chill Dara trí líonta níos ísle feithiclí, rochtain fheabhsaithe agus timpeallacht níos sábháilte taistil.  Táimid tiomanta do bhonneagar a sholáthar agus a chumasú do chontae nasctha agus cuid thábhachtach é an tionscadal seo d’aghaidh a thabhairt ar an ngealltanas sin.”

 
Dúirt Peter Walsh, POF BIÉ, “Thar ceann BIÉ, ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le gach duine a bhí bainteach le Seachbhóthar na Sollán a chríochnú. Chabhraigh an comhoibriú rathúil idir Oifig Bóithre Náisiúnta Chill Dara, Comhairle Contae Chill Dara agus an Roinn Iompair leis an gconraitheoir, SIAC/Colas JV, Tionscadal Uasghrádaithe an M7 ón Nás go Droichead Nua agus Seachbhóthar na Sollán, chomh maith le hAcomhal nua (9a), a thabhairt chun críche go rathúil.”
 
Cuid thábhachtach é bonneagar Taistil Ghníomhaigh de Sheachbhóthar nus na Sollán agus áirítear leis fad breise 2.5 ciliméadar de chosáin roinnte do rothaithe agus do choisithe agus fad 2.3 ciliméadar de raonta rothar agus de chosáin scartha do choisithe i gceantar an Náis/na Sollán agus a cheanglaíonn raon rothar/cosán na Canála Móire le Bóthar Dáileacháin an Náis agus Seachbhóthar na Sollán.


Meastar go mbainfidh oscailt an bhóthair nua go leor tráchta de Shráidbhaile na Sollán agus go gcruthóidh sé timpeallacht taistil níos sábháilte, go háirithe d’úsáideoirí bóithre leochaileacha laistigh den sráidbhaile agus den cheantar máguaird. Déanfaidh cistiú a chuir an ÚNI ar fáil le déanaí ar mhaithe le moilliú tráchta, bearta taistil ghníomhaigh agus tionscnaimh na ríochta poiblí feabhas a chur, i dteannta a chéile, ar an sráidbhaile i gcomhthráth le trácht a bhaint. Cuirfidh méideanna níos ísle tráchta feabhas ar inrochtaineacht iompair phoiblí agus cuirfidh sé feabhas ar leith ar rochtain ar agus ó stáisiún traenach na Sollán.