Athbhreithniú ar Luasteorainneacha Nóta Faisnéise

I mí na Samhna 2013, d'fhoilsigh an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt (DTTaS) tuarascáil maidir le hAthbhreithniú ar Luasteorainneacha 2013. Ceann de phríomh-mholtaí na tuarascála ná gur cheart go ndéanfaí athbhreithniú ar na luasteorainneacha go léir ar fud na tíre agus iad a nuashonrú, de réir mar is cuí.
 
Mhol an tuarascáil chomh maith gur chóir na treoirlínte maidir le luasteorainneacha reatha a athbhreithniú agus a nuashonrú. I mí an Mhárta 2015, d'fhoilsigh DTTaS Treoirlínte nua maidir le Luasteorainneacha in Éirinn a Shocrú agus a Bhainistiú agus dúirt gur chóir go ndéanfaí athbhreithniú náisiúnta ar gach luasteorann laistigh de thréimhse dhá bhliain suas go dtí Aibreán 2017. Ag obair i gcomhar le húdaráis áitiúla, chuir an TII an t-athbhreithniú maidir le luasteorainneacha  ar bhóithre náisiúnta i gcrích níos luaithe i mbliana. Cuirfidh an nóta faisnéise stádas an athbhreithnithe agus na chéad chéimeanna eile in iúl duit.
 
Cliceáil anseo chun an nóta faisnéise a fheiceáil chun tuilleadh sonraí a fháil.