Suirbhéanna Aerfheithiclí Gan Fhoireann (AGF) - Chrois Uí Lorcáin, Contae Loch Garman

Tá suirbhéanna Aerfheithiclí Gan Fhoireann (AGF) á ndéanamh ag Bonneagar Iompair Éireann feadh an N25 i gceantar Chrois Uí Lorcáin, Contae Loch Garman. Déanfar na suirbhéanna le linn uaireanta oibre agus, ag brath ar choinníollacha aimsire, is iad dátaí beartaithe an tsuirbhé ná Aibreán go Bealtaine 2023.  Beidh aitheantas grianghrafadóireachta ag oibreoirí AGF BIÉ agus beidh siad inaitheanta ag éadaí brandáilte BIÉ.

B’fhéidir go mbaileoidh na suirbhéanna sonraí pearsanta an-teoranta gan chuimhneamh agus ní choimeádfar iad. Próiseálann Bonneagar Iompair Éireann sonraí pearsanta de réir a Fhógra Cosanta Sonraí atá ar fáil anseo.