Suirbhéanna ar Aerfheithicil gan Fhoireann (AFGF) – Contae Ros Comáin
Tá Bonneagar Iompair Éireann ag tabhairt faoi shuirbhéanna ar Aerfheithicil gan Fhoireann (AFGF) feadh an N5 sa cheantar ó Scramóg go Bealach an Doirín, Contae Ros Comáin. Tabharfar faoi na suirbhéanna i rith uaireanta oibre agus, ag brath ar an aimsir, beartaítear tabhairt fúthu ó Mhárta go Bealtaine 2020. Beidh aitheantas á iompar ag oibreoirí AFGF BIÉ agus beidh éadaí brandáilte BIÉ á gcaitheamh acu.
B’fhéidir go mbaileoidh na suirbhéanna sonraí pearsanta an-teoranta gan chuimhneamh agus ní choimeádfar iad. Déanann Bonneagar Iompair Éireann próiseáil ar shonraí pearsanta i gcomhréir lena Fhógra um Chosaint Sonraí atá ar fáil anseo.