Suirbhéanna um Aerfheithiclí gan Foireann (AFGF) - Baile Átha Fhirdhia, Contae Lú

Tá Bonneagar Iompair Éireann ag tabhairt faoi shuirbhéanna ar Aerfheithicil gan Fhoireann (AFGF) feadh an N2, an N52 agus Bhealach Sheachbhóthar Bhaile Átha Fhirdhia i gceantar Bhaile Átha Fhirdhia. Tabharfar faoi na suirbhéanna i rith uaireanta oibre agus, ag brath ar an aimsir, beartaítear tabhairt fúthu idir mí na Nollag 2019 agus Feabhra 2020. Beidh aitheantas á iompar ag oibreoirí AFGF BIÉ agus beidh éadaí brandáilte BIÉ á gcaitheamh acu.
 
Féadfar sonraí pearsanta an-teoranta a bhailiú nach gcoimeádfar sna suirbhéanna.  Próiseálann Bonneagar Iompair Éireann sonraí pearsanta de réir na téarmaí atá ina Fhógra maidir le Cosaint Sonraí atá ar fáil anseo.